AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Sinn Féiners agus Mé Féiners
Balor Balor Balor

In ainneoin gur éirigh go maith le Sinn Féin san olltoghchán is annamh, dar le Balor, a bhíonn cuma shásta orthu. Míníonn sé go heisiach anseo cén fáth a bhfuil an scéal amhlaidh agus díríonn sé ar cheisteanna tromchúiseacha eile chomh maith atá i mbéal an phobail.

Íomhá

“Tá mé bodhraithe ag na baotháin. Tá mé briste, bascaithe agus brúite acu. Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin,” a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí. “Tá pian sa ghlúin ar dhuine amháin acu, pian sa chluais ar an duine eile ó bheith ag éisteacht lena gcuid gearán agus eascainí, agus pian sa tóin ag an domhan is a mháthair lena a bhfuil ar siúl ag an bheirt acu. Tréatúirí an bheirt acu,” dar le Fear na Súile Nimhe, “Agus Éamonn Beag Ó Druncaí chomh maith, an smugachán a bhíonn ag rúscadh an chainniúir sa bhaile. Fuair seisean culaith úr déanta ar na mallaibh, ceann speisialta le poll ann le gur féidir leis an scealpóg ar a ghualainn a bheith ag gobadh amach.

Méala mór do Bhalor Ilbheartach nach bhfuil sé féin i dteideal imirt d’Éirinn. Rinne an FIA diantaighde ar a shliocht is a shinsir agus tá siad den bharúil láidir nár Ghaeil iad na Fomhóraigh. Méala mór eile dó nach bhfuil sé dlite imirt fiú faoi Riail na Mamónna. Níor Éireannach ise ach oiread, nó b’as Toraigh í.

Ní raibh ach rud amháin eile ina ábhar spéise ag muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann ar na saolta deireanacha seo. Sea, an toghchán! “Fuair sibh an drong mhallaithe atá tuillte agaibh,” a mhaíonn Fear na Súile Nimhe. “Tá bhur seanchairde Éamonn Ó Caoimhnis agus Máire Ní Chlochráin ar ais agaibh, ach an bhfuil spás dóibh beirt anois go bhfuil Fat an Cóp ann fosta? Tá an oiread sin teachtaí neamhspleácha anois ann go bhfuil daoine in éadan dumpála agus daoine in éadan na ndaoine atá in éadan dumpála agus daoine atá ag gabháil a dhumpáil ar aon duine atá in éadan rud ar bith. Tá Sinn Féiners ann agus Mé Féiners agus diabhal rian ar bith den dara pearsa, uatha ná iolra.”

“Ach chruthaigh Sinn Féin go maith,” a deir Balor an Buachaill Báire. “Shílfeá go gcuirfeadh sin aoibh ar a ngnúis. Ach tá mé cinnte go bhfuil sé ina shlat tomhais ag daoine atá ag iarraidh bheith mar iarrthóirí ag an pháirtí sin gan leamhóg gháire a bheith briste acu le sé mhí roimh ré. Doilbhe, dubhachas agus duifean atá mar shainchomharthaí ag a gcuid teachtaí úra uilig. Dar le Fungus Ó Snotaigh go dtreisíonn strainc agus smúit an síorshéanadh.”

Ach cé a gheobhaidh na haireachtaí? An mbeidh airgead ag an Aire Airgeadais agus oideachas ar an Aire Oideachais? An mbeidh an tAire le Gnóthaí Eachtracha in inmhe cuairt a thabhairt ar áiteanna eachtracha? Tá Fear na Súile Nimhe den bharúil go mbeidh. “Ach an mbeidh Gaeilge ag Aire na Gaeltachta,” a fhiafraíonn Balor an Bleidéir. “An mbeidh a leithéid againn fiú, nó an mbeidh Síogaí De Valera mar Aire na Galltachta arís?”

Agus dá bhfeicfeá Máire Mhór ‘gus í ' gabháil siar is aniar sna garrantaí, A tóin in aghaidh an fhreasúra ‘gus a bolg leis an tánaisteacht

Dar le Balor an Scolardach nach mbeidh péas cleite idir í agus Bertie seachas cúpla suíochán ag an tábla cruinn agus ... Ó sea ... Babhla Bhertie. An focal scoir ag Balor, mar is iondúil: “Caithfear glacadh leis, a Bhertie, ar an drochuair, nach mbeidh i do Bhabhla Mór ach fochup... fochup... fochupán!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.