69
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ba bhreá le Robert McMillen éirí as rudaí diúltacha a scríobh sa cholún seo ach, mar a mhíníonn sé anseo, tá sé deacair a bheith dearfach faoi láthair sna sé chontae.
»»»Tá a chion féin déanta ag an amhránaí Conallach Lillis Ó Laoire don amhránaíocht ar an sean-nós san iarthuaisceart le roinnt mhaith blianta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoin amhránaíocht, faoina shaol i Meiriceá agus faoin chonspóid idir é féin agus an déantóir scannán Bob Quinn níos luaithe i mbliana.
»»»Measann go leor daoine go raibh foireann pheile Chiarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí ar an bhfoireann ab fhearr riamh ach ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim sin.
»»»Labhair Caoimhe Ní Laighin le roinnt de na daoine atá bainteach leis an bhféile drámaíochta Borradh Buan, atá ar siúl i mBaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na míosa seo.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Rónán Mac Con Iomaire ar an gCeathrú Rua i gConamara.
»»»Tá an Béal Binn ag feidhmiú i mBrí Chualann, Contae Chill Mhantáin le trí bliana anuas anois. Is eagraíocht phobail é a chuireann spás taitneamhach ar fáil do chainteoirí Gaeilge de gach aois agus a chuireann béim ar na healaíona béil - an amhránaíocht, an fhilíocht agus an drámaíocht. Labhair Antaine Ó Faracháin le Nuala Nic Con Iomaire, Feidhmeannach Ealaíne na heagraíochta, le fáil amach céard go díreach a bhíonn ar siúl acu.
»»»Cuireadh deireadh le “Clár na Gaeilge” ar stáisiún ilchultúrtha na hAstráile, SBS, i lár an tsamhraidh, rud a chuir an-díomá ar Paula Kehoe, a chaith seal ag obair ar an gclár.
»»»Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge ar an 3 Márta. San alt seo, tá cur síos ag Caoimhe Ní Laighin ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl lena linn.
»»»Nuair a dhiúltaigh Coimisiún na hEorpa ceadúnas a thabhairt don bhád ollmhór iascaireachta The Atlantic Dawn, rinne Rialtas na hÉireann stocaireacht ar son an úinéara. Measann go leor daoine anois, áfach, go mbeidh gnáth-iascairí na tíre seo thíos leis an stocaireacht sin, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.
»»»Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann. Measann Diarmaid Mac Mathúna gur polasaí éigiallta é seo.
»»»Tá na milliúin duine i Meiriceá ag tnúth go géar leis an Superbowl, a bheas ar siúl Dé Domhnaigh, 4 Feabhra. Tuairisc ó Bhrian Ó Broin.
»»»Agus tréimhse na n-oícheanta fada dorcha buailte linn arís, tá gach seans go mbeidh tú sa tóir ar ghiota beag siamsaíochta le gruamacht an gheimhridh a mhaolú. Molann Eithne Ní Ghallchobhair bealach amháin leis an am a mheilt: dul isteach i gCairde Rince Céilí na hÉireann!
»»»Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil is go mbeidh beanna codlatacha na dteampall ó thuaidh codlatach ó thuaidh go Lá Philib an Chleite.
»»»Maraítear céatadán neamhchiontach chomh maith leis an dream ciontach i rith an ama. Bhí údar buartha ag daoine faoi mharú dleathach Troy Davis le gairid mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
»»»Déanann David Leydon ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cur síos ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Thóstal na Gaeilge i nGaillimh ag deireadh na míosa seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.