AR NA SAOLTA SEO
As Ucht !
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Robert McMillen den bharúil go bhfuil is go mbeidh beanna codlatacha na dteampall ó thuaidh codlatach ó thuaidh go Philib an Chleite.

Bhí ríomhairí acu i nGairdín Éidin. Nach raibh Apple ag Éabha? Sin ceann de na jócanna a chualathas sa seó aoir, The Bible: The Complete Word of God (abridged) de chuid an Reduced Shakespeare Company a bhí ar ardán The Theatre at the Mill i mBaile na Mainistreach, an baile beag a bhí sna cinnlínte lastuaidh de Bhéal Feirste ar feadh dhá oíche an tseachtain seo caite. Bhí an seó sna cinnlínte nuachta cionn is gur chuir coiste ealaíne na Comhairle cosc ar an achoimre ar an Bhíobla, baill den DUP ag seasamh na fóide ar son na Críostaíochta agus in éadan an Diamhaslaithe. Ba léir gur chreid siad nach bhfuil acmhainn grinn ag Dia.

Ar ndóigh, bhí raic ann, an chéad uair gur cuireadh cosc ar Complete Word of God (Abridged) ó thosaigh 20 bliain ó shin. Daoine iad na gearánaithe seo a bhain an fun amach as fundamentalist agus nach raibh fágtha ach mentalists, dar le lucht scríofa na gceannlínte. Mar a dúirt an fear grinn tuaisceartach, Jake O Kane, ann do Chomhairle Bhaile na Mainistreach le sinn a shábháil ó Ifreann; siad ann le cinntiú go bhfolmhaítear na boscaí bruscair agus go gcuirtear daoine atá marbh sa chré.

Léirigh an troid ar ais chomh tuata, saolta is atá an tsochaí ó thuaidh. Agus mar a leanann an oíche an , i ndiaidh ruaille buaille ó dhaoine ar suim leo saoirse chainte, aistarraingíodh an cosc agus, seó nár díoladh ach beagán ticéad, bhí plódaithe go doras le linn an léiriú an tseachtain seo caite.

An Creideamh ina Pholaitíocht

Ábhar aiféaltais a bhí ann don DUP ach níor fáth ar bith iontais é do pháirtí ina bhfuil an creideamh bunchreidmheach agus an pholaitíocht measctha do dlúth ina chéile. Níl an tionchar céanna ag an Eaglais Shaor-Preispitéireach is a bhíodh ach teagasc Calvin agus Knox go láidir san eite sin den pháirtí a bhfuil focal i bhfad níos údarásaí focal Peter.

Thiar sna 1960í­, bhí an domhan níos neamhchasaí. Bhí muinín iomlán ag daoine ina gcuid eaglaisí, bíodh siad Caitliceach Protastúnach. Bhí suimiúil breathnú ar na hagallaimh a rinne Ian Paisley leis an BBc an mhí seo caite agus an t-iriseoir Eamon Mallie ag cur ceist air na ráitis sheicteacha a rinne agus é ag toiseacht amach mar pholaiteoir. Is leor ceann amháin acu, ráiteas a thug ag léiriú dílseach i 1968:

Catholic homes caught fire because they were loaded with petrol bombs; Catholic churches were attacked and burned because they were arsenals and priests handed out sub-machine guns to parishioners; and the massive discrimination in employment and shortage of houses for Catholics were simply because they breed likerabbitsand multiply likevermin".

(Seo an fear ar umhlaigh Gay Byrne agus Pat Kenny roimhe ar an Late Late Show in imeacht na mblianta.) Agus is beag athrú atá i ndiaidh theacht ar Paisley ó shin i leith i dtaca le creideamh de.

An Fhírinne a Chodail Amuigh

Sna hagallaimh sin le Mallie, dúirt gur drochrud a bhí sa chlaonroinnt a bhí i réim i nDoire Cholmcille agus gur thuig éilimh Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta ó thuaidh. Ach ba bheag géillstean a bhí ann gur chomh-Chriostaithe a chomh-Chriostai Caitlicigh. Ni nach ionadh mar sin go mbeadh an páirtí a bhunaigh doicheallach roimh chumhacht a roinnt le untermenschen Caitliceacha. bhfuil an DUPóir a déarfaidh lena lucht leanúna gur ceantracha Caitliceacha iad na ceantracha is boichte ó thuaidh? a admhóidh go bhfuil an dífhostaíocht nios measa i measc na gCaitliceach?

Sin an tsáinn ina bhfuil an DUP. féidir leo an fhirinne gharbh a inse lucht leanúna a chreideann go bhfuil an lucht oibre Caitliceach i bhfad níos fearr as an lucht oibre Protastúnach agus go bhfuilgach rud’ á fháil acu. Is éigean gach rud a fheiceáil fríd spéaclaí seicteacha, sinne agus iadsan agus fheicimse rud ar bith ag tarlú, is cuma cad é a tharlóidh arChnoc an Anfa’Stormontgo dtí go raibh ag tarraingt ar an chéad seo chugainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.