TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Guth na nGael curtha ina thost
Paula Kehoe Paula Kehoe Paula Kehoe

Cuireadh deireadh le “Clár na Gaeilge” ar stáisiún ilchultúrtha na hAstráile, SBS, i lár an tsamhraidh, rud a chuir an-díomá ar Paula Kehoe, a chaith seal ag obair ar an gclár.

Tá deireadh curtha le “Clár na Gaeilge” ar Raidió SBS (Special Broadcasting Service), craoltóir ilchultúrtha an phobail atá maoinithe ag an rialtas. Craoladh an clár deireanach ag deireadh mhí an Mheithimh. Beidh Gaeilgeoirí na hAstráile ag glacadh páirte in agóid in aghaidh SBS chun a leiriú nach bhfuil siad sásta leis an gcinneadh a rinneadh gan comhairle an phobail.

Bhí an cinneadh seo bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh na bliana 2001. Thaispeáin an daonáireamh nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga an bhaile ach ag beagán os cionn 800 teaghlach. Cé gurb eol do chuile dhuine go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilgeoirí ná sin san Astráil, níl an t-eolas sin le fáil sa daonáireamh de bharr an chaoi ar cuireadh an cheist. Fiafraíodh de dhaoine ar bhain siad úsáid as aon teanga eile, taobh amuigh den Bhéarla, mar theanga an bhaile. Is ionann é sin agus a rá muna labhraítear teanga sa mbaile, nach labhraítear í ar chor ar bith - rud nach féidir a rá i dtír ilchultúrtha. Ní phléann an cheist seo le haitheantas na mionphobal ná le múnla nua-aimseartha na sochaí. Is iad na teangacha is lú cainteoirí (de réir fhigiúirí an daonáirimh) atá thíos leis an socrú nua, an clár Breatnaise agus clár Ghàidhlig na hAlban ina measc. Dá bhrí sin, san am atá i láthair níl ionadaíocht ar bith ag na teangacha Ceilteacha i meáin ilchultúrtha na hAstráile.

Deir SBS gurb é an chúis ba mhó ar cuireadh deireadh leis na cláracha seo ná go bhfuil a lán pobal nua sa tír nach bhfuil mórán Béarla acu - daoine as an Afraic, mar shampla. Ta gá mór acu le cláracha raidió ina dteanga féin chun eolas a fháil agus mar nascadh pobail. Níl an spás craolacháin ag SBS chun freastal ar na grúpaí nua agus na seanghrúpaí le chéile. D’iarr siad minicíocht bhreise ar an rialtas ach ní bhfuair siad í. Ní bhfuair siad airgead breise ach oiread. Is deacracht é sin nach féidir a sheachaint.

Easpa aitheantais

Ach, de réir dealraimh, ní raibh “Clár na Gaeilge” riamh slán sábháilte. Sna seachtóidí, nuair a bunaíodh an tSeirbhís Chraolacháin Speisialta, níor tugadh aon aerspás ná aitheantas don Ghaeilge. Is de thoradh feachtais láidir a chuir an pobal Éireannach ar siúl ar feadh a sé nó a seacht de bhlianta a tháinig an clár ar an bhfód i 1981.

Uair an chloig sa mhí a bhí acu ar dtús. Bhíodh an clár i gcónaí faoi bhagairt chuile uair a cuireadh sceideal nua na gcláracha i bhfeidhm. Ach de bharr dhianiarrachtaí an phobail Éireannaigh agus leathnú na seirbhíse raidió sna hochtóidí, tugadh uair an chloig in aghaidh na seachtaine do “Chlár na Gaeilge” ar an ngréasán náisúnta. Craoladh an clár ó Sydney agus ó Mhelbourne.

Ar na daoine a chuir an clár i láthair thar na blianta bhí Eilín Ní Bheaglaoigh, Muiris Ó Scanláin, Louis de Paor, Pádraig Seoighe agus Colin Ryan. Cuireadh na céadta aoi faoi agallamh ar an gclár: Mairéad Mí Mhaoileoin, Roddy Doyle, Paul Brady, Séamus Heaney, Liam Ó Maonlaí agus eile. Ba nasc rí-thábhachtach an clár do phobal na Gaeilge sa tír seo agus in Éirinn.

Cén fath a raibh sé deacair ionadaíocht a fháil don Ghaeilge ar an gcéad dul síos? Le seirbhís ilchultúrtha a bhunú a mbeadh sé d’aidhm aici freastal ar phobail eitneacha na tíre, bhí ar na húdaráis téarmaí agus teorainneacha a shonrú. Pléadh céard é an cultúr is ceannasaí sa tír seo agus, taobh amuigh de sin, cé hiad na pobail eitneacha a bhainfeadh leas as an tseirbhís. Rinneadh amach gur cultúr “Angla-Cheilteach” é an príomhchultúr. Is minic an téarma seo á úsáid, rud a léiríonn gur aigne choilíneach a bhí i réim sa díospóireacht agus gur ar éigean a admhaítear gur dream ar leith iad na Gaeil san Astráil.

Deir SBS nach bhfuil sé mar pholasaí ag an stáisiún cultúir na bpobal atá i mbaol a gcomhshlánaithe a chothú. Ach is léir go bhfuil dearcadh ar leith acu ar na teangacha Ceilteacha, mar maireann cláracha eile a bheadh sa chás céanna. Polaitíocht an ilchultúrachais atá ann agus is fiú go mór an troid chun cur in iúl do SBS go gcaithfear athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh.

Is ceoltóir í Paula Kehoe a rugadh agus a tógadh i Melbourne, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill. Chaith sí na blianta 1998 - 2001 ag obair le TG4, le linn di a bheith ag cur fúithi in Éirinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.