236
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhíodh caismirtí go minic idir Protastúnaigh agus Caitlicigh i Manhattan tráth, díreach mar a bhíonn na laethanta seo i dTuaisceart Éireann, mar a mhíníonn Tom Deignan .
»»»Agus í ag éirí aníos sna Stáit Aontaithe, chreid Mary Beth Taylor gur daonlathas ceart a bhí sa tír, ach níl sí den tuairim sin a thuilleadh.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Flórans.
»»»Tá clú ar Chon Fada Ó Drisceoil mar bhoscadóir sa ghrúpa The Four Star Trio ach is amhránaí agus cumadóir amhrán é chomh maith. Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoin ngrúpa agus faoina chuid amhrán.
»»»Is millteanach an scéal é scéal an chóicín. Ní thuigeann Balor, mar sin, cén fáth nach dtiontaíonn úsáideoirí ar snaoisín ina áit.
»»»Chaith Balor seal i measc mhaithe agus mhóruaisle na Gaeilge ag Irish Fest Milwaukee an mhí seo caite.
»»»Chuaigh Alan Desmond chun cainte le cara na conspóide le blianta anuas, Eoghan Harris. Níor chuir fear Chorcaí fiacail ann, ach murar chuir, chuir sé céadchonsan an fhocail chéanna sin ann sách minic le linn na cainte agus é ag trácht ar na daoine a casadh dó le linn a shaoil oibre in RTÉ agus lasmuigh de.
»»»Réitigh i gceart is ní bheidh mífhoighid ar ghasúir ná ar dhuine ar bith. Tá comhairle ar theicneolaíocht na saoire le roinnt ag Roseanne Smith.
»»»Measann Stephen E. Brown go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh imní a chur ar dhaoine i dtaobh na sceimhlitheoireachta sa dóigh is go mbeidh siad sásta cuid dá gcuid ceart bunreachtúil a ghéilleadh.
»»»Fuair Seán Ó Tiarnaigh bás in Staten Island, Nua-Eabhrac ar an 28 Bealtaine, bliain i ndiaidh dó obráid a bheith aige le siad urchóideach ina inchinn a scrios. Féachann Éamonn Ó Dónaill siar ar shaol an fhir seo a d’fhág a cheantar dúchais i Maigh Eo sna caogaidí agus ar éirigh leis oiread a bhaint amach le linn na mblianta fada a chaith sé i Meiriceá.
»»»Measann Breandán Delap go bhfuil an rófhorbairt ag scrios áilleacht na tíre.
»»»Chonaic Ciara Nic Gabhann droichead coisithe á oscailt le gairid mar a bhfuil an saothar ealaíne ollmhór, an Móinéar Balbh, anois, i nDoire Cholm Cille.
»»»Spreag graifítí ar bhalla sa chomharsain aige Robert McMillen i mbun machnaimh, tharla gur ag cur i gcoinne Sinn Féin go láidir a bhí an graifítí sa ‘ceantar is láidre Sinn Féin in Éirinn’. Cad é tá ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil bá na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.
»»»D’aimsigh Ciarán Mac Aonghusa áit álainn aiceanta idir shléibhte móra na nAipiníní agus Muir Aidriad. Más ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Iodálaise atá tú, seobh í an áit is fearr duit.
»»»Chaith Roseanne Smith seal ag machnamh ar thaithí an úsáideora. Is faiteach cuid den phobal roimh an teicneolaíocht ach is santach roinnt bheag eile ina thaobh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.