AR NA SAOLTA SEO
An Scríobh ar an Bhalla agus an Chaint sa Phobal
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Spreag graifítí ar bhalla sa chomharsain aige Robert McMillen i mbun machnaimh, tharla gur ag cur i gcoinne Sinn Féin go láidir a bhí an graifítí saceantar is láidre Sinn Féin in Éirinn’. Cad é ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.

Íomhá
Le chéile i Meitheamh 08
Íomhá
Virginia Tech, ionad sléachta

Téim thart le scoil ghraiméara in iarthar Bhéal Feirste ar an bhealach chuig mo chuid oibre agus graffiti úr le feiceáil ann: Sinn Féin = RUC touts. bealach fada siúlta againn le go mbeadh a leithéid de mhana ar bhalla i gcroílár an cheantair is láidre Sinn Féin in Éirinn. na scríbhneoirí graffiti i mbun aerasóil mar thoradh ar an cháineadh láidir a rinne Martin McGuinness ar namicreaghrúpaí”, béarlagair Shinn Féin ar na heasaontóirí poblachtánacha atá freagrach as dúnmharú bheirt saighdiúirí Bhriotanacha i mbaile Aontroma agus as dúnmharú póilín i gCraigavon, Contae Ard Mhacha. Mhol McGuinness do dhuine ar bith a raibh eolas acu é a thabhairt don PSNI.

Maraíodh an bheirt saighdiúirí agus iad ag glacadh le pizza taobh amuigh den bheairic in Aontroim. Gortaíodh lucht seachadta na bpizza san eachtra chéanna. Ba thruamhéalach an ráiteas a cuireadh amach gurcomhoibrithe leis an namhaida bhí sna fir pizza agus ba shuarach é daoine a mharú in imeacht chomh coitianta sin, ag glacadh le greim gasta. Scaoileadh an Constábla Stephen Carroll fríd an chloigeann agus é ina shuí ar shuíochán chúil i gcarr de chuid an PSNI. Bhí ag tabhairt tacaíochta do chomhghleacaithe a bhí ag fiosrú ionsaí ar bhean i gceantar Lismore Manor i gCraigavon.Chuir na dúnmharuithe déistin ar an phobal - agus abraim an phobal, mar ba léir gur labhair idir náisiúnaithe agus aontachtaithe d’aon ghuth an iarraidh seo.

Eachtra ar leith

"Defining moment" a bhí ann nuair a sheas McGuinness, iar-Cheannaire an IRA i nDoire, taobh le Peter Robinson, fear Chluain Tiobrad agus Ulster Resistance agus Príomh-Chonstábla an PSNI (comharba an RUC), Sir Hugh Orde. Ménage saoithiúil à trois, seamróg saoithiúil na dtrioblóidí, seacht roimh na Féile Pádraig.

Bhí siombalachas an triúir éagsúil sin ag caint go neamhbhalbh ar an téad céanna agus creidim go ndéanfaidh an chomhghuaillíocht úr maitheas don phroiséas polaitiochta san fhadtéarma. Sílim gur chuir ráiteas McGuinness aontachtaithe - seachas an True Unionist Voice - ar a suaimhneas. Dúirt a raibh siad ag dúil lena chluinstin agus chreid siad é."Níor shíl go gcluinfinn a leithéid i mo shaol," a dúirt Protastúnach amháin liom. Dúirt tráchtaire eile - ar Caitliceach í - gur mhothaigh gur tháinig an gnáthphobal le chéile níos agus níos daingne riamh agus gur aithin gach duine gur cuid den aon tír amháin iad, Tuaisceart Éireann. chreidim go bhfuil seo fíor, ach an ceart ag Breige Gadd, a mhalairt a bhí na heasaontóirí ag iarraidh. an teoiric s’acu measartha simplí agus le léamh in achan Revolution for Dummies. Maróidh baill de na fórsaí slándála, rachaidh na fórsaí slándála sin isteach i gceantair áirithe le tréan feirge agus cuirfidh isteach ar mhuintir na háite. Ba mhaith le muintir na háite díoltas a bhaint astu agus liostálann siad leis na daoine atá á "gcosaint", sa chás seo, an Fíor-IRA agus an CIRA.

Easpa Tacaíochta

Ach fadhb amháin ann an iarraidh seo. Níl tacaíocht bhunadh na háite ag na "cosantóirí" seo. fheiceann siad ar bith a bheith leo. Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteachaarbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.

Thug Richard Walsh, urlabhraí Shinn Féin Poblachtach, a thuigeann smaointeoireacht na n-easaontóirí, (nach iontach na nathanna cainte ar éirigh muid cleachtaithe leo!) preasócáid le dearcadh a pháirtí a chur faoi bhráid an phobail. Bheadh greannmhar mura mbeadh chomh tragóideach sin. Fear óg gléasta mar a bheadh Ché Guevara ann, gruaig chatach, féasóg mhór dhubh agus cóta míleata air i gcuideachta cúpla ógánach ón cheantair na Lorgan agus Craigavon a bhí ag gearán go raibh an PSNIheavy-handed" le linn cuartaíochta sa cheantar. Bhí mar a bheadh dráma amaitéarach ann.

"Gníomhartha cogaíochta", chan dúnmharú a bhí sa , bhuel, dúnmharú, dar le Richard. Bhí cuma an-óg ar gach duine acu. Tharla na chéad sosanna cogaidh 15 bliana ó shin agus bheadh cuimhne ag daoine óga, atá in aois vótála don chéad uair anois, ar na Trioblóidí, ach na heasaontóirí ag iarraidh iad a tharraing isteach sa "choimhlint". Agus coimhlint armtha atá i gceist. Tamall ó shin, cháin Walsh an IRA mar gur "scrios siad airm ar le muintir na hÉireann iad, airm a bhí le húsáid chun saoirse iomlán na hÉireann a bhaint amach."

Thig le hógánach le gunnaí léirscrios a dhéanamh mar a léirigh Seung-Hui Cho (23 bliain d’aois, 32 marbh, Virginia Tech 2007). Measann an PSNI go bhfuil tuairim’s ar 300 ball ag na heasaontóirí. Sin ráite, ógánaigh aonair ach eagraíocht mhíleata atá sna heasaontóirí agus, go híorónta, is fusa déileáil lena leithéid. Leis na dúnmharuithe is déanaí ó thuaidh, is léir go bhfuil an tiomantas atá ann i measc na ngnáthdhaoine agus i measc na bpolaiteoir níos daingne aon bhaol aon bhagairt.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.