AR NA SAOLTA SEO
Áilleacht na tíre á scrios ag an tsíorthógáil
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Measann Breandán Delap go bhfuil an rófhorbairt ag scrios áilleacht na tíre.

Íomhá
Íomhá

“Don’t it always seem to go That you don’t know what you’ve got Till it’s gone.They paved paradise And put up a parking lot.”

Dá dtabharfaí cead a gcinn d’Éireannaigh ní bheadh aon drogall orainn Parthas a scrios ar an dóigh a bhí Joni Mitchell a thuar san amhrán “Big Yellow Taxi”. Is dócha ná a mhalairt go mbronnfadh an chomhairle chontae chuí cead pleanála don tionscadal. Chuirfeadh An Taisce ina choinne ach déarfaí fúthu nach bhfuil siad ag déanamh ionadaíochta ar éinne agus go bhfuiltear ag

iarraidh bac a chur ar “fhorbairt”. Ní raibh orthusan an bád bán a thógáil go Sasana nó go Meiriceá agus tá siad ag iarraidh go mbeadh muid fós inár gcónaí i mbrocamas an bhochtanais. Nuair a bheadh dreach Pharthais scriosta as éadan againn dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin mar Phurgadóir nó Liombó agus bheadh ag na milliúin peacaí ag díol cíosa linn.

Ábhairín áibhéalach b’fhéidir, ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe cuid mhór ar an bhorradh atá faoi thionscal na tógála sa tír le dornán blianta anuas. Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Suirbhé Náisiúnta Tí, a thagann amach uair sa ráithe, go bhfuil ceathrú milliún duine sa tír seo fostaithe sa tionscal tógála. Is ionann é sin agus an t-ochtú cuid (nó 13%) den fhórsa oibre. Is le linn tréimhse ina raibh na rátaí úis ag leibhéal fíoríseal a bhí an tógáil as cuimse seo faoi lán seoil ach ní hamhlaidh atá anois. D’fhógair Banc Ceannais na hEorpa ag tús na míosa seo caite go raibh siad le hardú 0.25% a chur leis na rátaí úis. Ba é seo an tríú huair ó mhí na Nollag a tháinig ardú ar na rátaí úis agus táthar ag dréim le tuilleadh arduithe gan mhoill.

Ba sa chomhthéacs sin a rinne ceann de mhór-bhancanna infheistíochta na hEorpa – Dresdner Kleinwort Wasserstein – an tuar go mbeadh Éire ar an chéad “dúradán” eile a thitfeas. Óir, ainneoin an mhéadaithe ar rátaí úis, níl aon laghdú tagtha ar phraghsanna tithe, ná baol air. Léiríonn figiúirí ó Irish Permanent TSB gur tháinig méadú 3.5% ar phraghsanna sa chéad ráithe den bhliain – an t-ardú is mó le sé bliana anuas. Níl ciall ná réasún leis seo mar go mbeifeá ag súil gur a mhalairt d’éifeacht a bheadh ag na méaduithe sna rátaí úis agus go mbeadh praghsanna na dtithe ag laghdú seachas ag ardú. Is de bharr sin atá eacnamaithe ag tuar go dtiocfaidh lag trá ar an gheilleagar cé nach bhfuil éinne ag rá go dtarlóidh aon cheo go ró-thobann.

Ach má bhíonn tionchar diúltach ag na harduithe úis ar an earnáil tógála, deir an Banc Ceannais go bhféadfadh líon na dtithe úra a thógfar titim siar go dtí an líon a tógadh sa bhliain 2001 agus roimhe sin. Is é an toradh a bheadh aige seo ná go dtiocfadh ísliú 0.75% ar Olltáirgeacht Intíre na hÉireann (GDP). Tá a fhios ag an tógálaí is bómánta nár cheart teach a thógáil ar dhúshraith lag. Is ionann an cás do gheilleagar na tíre!

An fiú mar sin leanstan leis an chur i gcéill agus a bheith ag síorthógáil ar mhaithe le beatha a chur sa gheilleagar? Táthar ann a deir nach fiú an tairbhe an trioblóid. Mar is é an comhthoradh is mó atá ar an tsíorthógáil seo ná go bhfuil stráicí móra den tírdhreach is deise ar domhan millte as éadan againn. Cuirtear i leith éinne a deir a leithéid go bhfuil siad i gcoinne na forbartha. Ach is é an sainmhíniú atá agamsa ar fhorbairt ná dul chun cinn a dhéanamh. Ní dóigh liom gur dul chun cinn atá ann ár dtír ghalánta a loit leis an rófhorbairt agus radharcanna breátha a cheilt ar mhuintir na hÉireann.

Níl oiread tóir ar na láithreacha móra turasóireachta is a bhíodh de bharr go bhfuil siad breac le tithe nach mbíonn cónaí iontu ó cheann ceann na bliana. Is iontach an rud é go bhfuil borradh faoin gheilleagar san am i láthair agus níl aon dabht ach go bhfuil méid áirithe forbartha de dhíth sa tír. Ach ní gá go dtiocfadh forbairt agus caighdeán maireachtála salach ar a chéile ach srianta áirithe bheith i bhfeidhm. Ach faoi mar atá rudaí sa lá atá inniu ann is láithreán tógála mór millteanach í an tír seo agus blocanna móra stroighne á dtógáil ó cheann ceann na tíre nach bhfuil ag teacht ar chor ar bith leis an taobh tíre. Tá an tír breac le “Pinewoods”, “Oak Way” agus “Willow Drive” – eastáit a ainmníodh in onóir na gcrann a leagadh le hiad a thógáil!

Daoine ag brath ar an turasóireacht

Tá a fhios agam go ndeirtear nach gcuireann radharcanna deasa bia ar an phláta, ach ná déanaimis dearmad go bhfuil go leor daoine ag brath ar an turasóireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír. An gcreideann muid i ndáiríre go mbeidh an oiread céanna turasóirí ag tarraingt ar an tír seo má leantar leis an lot atá á dhéanamh ar cheantair ardáilleachta? Bhíodh Gearmánaigh,

Meiriceánaigh agus Sasanaigh ag tarraingt ar an tír seo ar mhaithe leis an spás agus le ceantair sáráilleachta nádúrtha a fheiceáil a raibh codarsnacht mhór eatarthu agus na cathracha tionsclaíocha ónar fáisceadh iad. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go leanfaidh a leithéid de thurasóir air ag teacht anseo ar mhaithe leis na hóstáin mhóra atá ag gobadh aníos go flúirseach ar fud na tíre mar a bheadh aicne ar éadan déagóra.

Ní mhór cuimhneamh fosta gur le muintir na hÉireann na radharcanna deasa seo agus nach bhfuil a dhath le saothrú againne as iad a loit. Níl ann ach go bhfuil dornán beag daoine ag líonadh a gcuid pócaí féin as an loitiméireacht timpeallachta atá ar siúl. Fan am a bheidh siad críochnaithe beidh dreach na tíre athraithe ó bhonn agus, dalta Humpty Dumpty, beidh sé dodhéanta é a chur ina cheart arís.

Is minic nach mbíonn éileamh áitiúil ann go fiú do go leor de na heastáit atá á dtógáil ar fud na tíre. I dTír Chonaill, mar shampla, tá neart an phunta Sterling in éadan an euro ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach tithe saoire a cheannach agus a thógáil. Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana. I gceantair eile ar chósta an iarthair is mó i bhfad an teacht isteach a bhíonn ag feirmeoirí anois ó dhíol suíomh ná ó shaothrú na talún. Níl lá lochta agam orthu mar gur iomaí duine a dhéanfadh an rud céanna dá bhfaighidís an deis. Is ar an chóras cam pleanála atá an milleán. I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos agus bíonn a fhios ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir cad iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh. Ach tá lámh na bpolaiteoirí le sonrú go soiléir ar an phróiseas anseo agus vótaí le gnóthú as cead pleanála a fháil don toghlach, beag beann ar an dochar a dhéanfadh an fhorbairt atá beartaithe don taobh tíre.

Agus dream ar bith atá sásta áilleacht na tíre a mhilleadh bí geall nach mbeadh drogall ar bith orthu ár n-oidhreacht chultúrtha a loit fosta. Níor mhór a rá gur laincis iontach mínádúrtha í an choinníoll teanga a leagtar i gcás eastát tithíochta i nGaeltachtaí faoi leith. Níor cheart go mbeadh a leithéid de dhíth. I dtír ar bith eile dhéanfaí cosaint cheart ar mhionteanga agus ar an phobal a labhraíonn í. Ní thógfaí aon ní a chuirfeadh an oidhreacht sin i mbaol. Gan a leithéid de laincis, áfach, bheadh ceantair Ghaeltachta na hÉireann báite ag lucht tógála.

Cé go bhfuil borradh mór faoin teanga sa Ghalltacht le tamall de bhlianta anuas, tá an Ghaeltacht faoi bhrú mór. Ceantair iontach leochaileacha iad. I gConamara, mar shampla, tá go leor de Chois Fharraige i mbaol a bheith slogtha isteach mar bhruachbhailte de Chathair na Gaillimhe, atá de shíor ag bogadh siar. Tá sé tábhachtach mar sin nach gcuirfí an chóimheá idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla sna ceantair Ghaeltachta as a riocht. Is chuige sin atá an choinníoll teanga de dhíth mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar. Is cosaint í seo atá mínádúrtha ach riachtanach. Ní bheadh aon ghá leis dá mbeadh muinín againn nach dtabharfadh na húdaráis áitiúla cead d’aon fhorbairt a dhéanfadh aimhleas na Gaeltachta. Faoi mar atá, is é an éifeacht is mó atá acu nó go bhfuiltear ag cur srian ar an rófhorbairt atá ar siúl sna Gaeltachtaí faoi láthair. Ní beag sin.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.