CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
An boscadóir agus Ben Hur!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

clú ar Chon “Fada” Ó Drisceoil mar bhoscadóir sa ghrúpa The Four Star Trio ach is amhránaí agus cumadóir amhrán é chomh maith. Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoin ngrúpa agus faoina chuid amhrán.

Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Chon, inis dúinn faoin gcaoi ar thosaigh tú a sheinm ceoil.

Con Ó Drisceoil: Thosnaíos ag seinm sna seachtóidí nuair a bhí an-chuid ceoil ar siúl i gCorcaigh, go háirithe i dtábhairne an Phoenix. Bhíodh leithéidí Jackie Daly, Seamus Creagh, Noel Shine agus Eoin Ó Riabhaigh le clos go rialta ansin, agus nuair a chuala mé Jackie bheartaíos go gcaithfinn an bosca ceoil a fhoghlaim.

AÓF: An raibh ceol ag do mhuintir féin, nó cé a chuaigh i bhfeidhm ort nuair a bhí tú i do ghasúr?

CÓD: Níor sheinn mo thuismitheoirí, ach mhúin mo Mham an-chuid amhrán dúinn, ar scoil (múinteoirí bunscoile ab ea iad beirt) agus sa bhaile. Cuireadh sinn ar fad go dtí múinteoir pianó nuair a bhíomar beag, ach leis an bhfírinne a rá, ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta.

AÓF: Cé hiad na ceoltóirí ar fearr leat a bheith ag éisteacht leo na laethanta seo?

CÓD: Ceist an-deacair. Fillim arís is arís ar cheirníní Denis Murphy, Phádraig O’Keeffe agus Johnny Leary, agus tugann siad inspioráid dom gach uair a éistim leo. Maidir le ceoltóirí an lae inniu: tugaim faoi deara nach mór an dúil atá agam a thuilleadh i gceol na ngrúpaí móra. Is breá liom éisteacht le ceoltóirí aonair (ar nós Aogáin Lynch, Tommy Peoples, Páidí O’Connor) nó le ceol beirte (leithéidí Liz agus Yvonne Kane).

AÓF: Inis dúinn faoin ngrúpa The Four Star Trio. Cén chaoi ar tháinig sibh le chéile?

CÓD: Tháinig an Trio le chéile i mí an Mhárta 1989 nuair a d’iarr Jim Walsh ormsa grúpa beag a chur le chéile chun seinm sa chéad leath de cheolchoirm a bhí á tabhairt ag Dolores Keane i gCorcaigh. Ghlaos ar Johnny McCarthy, mar gur thaitin a chuid veidhleadóireachta go mór liom, agus ar Herring [Pat Ahern], an fear giotáir ab fhearr dá raibh buailte liom go dtí sin. Bhaineamar taitneamh as an ngig, agus thosnaíomar ag seinm go rialta i dtithe tábhairne.

AÓF: Inis dúinn beagán faoi na ceoltóirí eile atá sa ngrúpa leat.

CÓD: Is fear fliúite é Johnny a sheinneann an veidhlín níos minicí ná an fhliúit, sárcheoltóir é atá oilte i mórán saghsanna eile ceoil, ar nós an cheoil chlasaicigh (múineann sé an fhliúit chlasaiceach) agus snagcheoil, ach ar mo chuma féin, tá a chroí i gceol Shliabh Luachra. Pat Ahern an giotáraí, fear a léiríonn ceirníní agus a dhéanann tionlacan an-tuisceanach ar cheol. Chaith sé roinnt blianta mar léirmheastóir ceoil leis an Examiner freisin.

AÓF: Seinneann sibh go minic le haghaidh céilithe agus seiteanna. An ndéanann tú féin nó na leaids eile mórán damhsa?

CÓD: Damhsa! Dheininn féin cuid mhaith seiteanna fadó nuair a bhíos ag caitheamh an-chuid ama i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, ach táim amuigh ar pinsean anois uaidh. Chuaigh Johnny go dtí scoil rince ina óige, agus ní haon dóithín é chun steip aonair a dhéanamh inniu féin. Ní rinceann Herring riamh, mura n-áiríon tú sean-waltz meisciúil le linn bainiseacha.

AÓF: Inis dúinn faoi na hamhráin. Tá cuid mhaith cumtha agat thar na blianta, nach bhfuil?

CÓD: Tá dosaen amhrán grinn cumtha agam le tríocha bliain. Ní mór an chuid é sin! Go dtí le fíordhéanaí níor chuimhníos riamh orm féin mar chumadóir amhrán, mar nár dheineas ach go hannamh é. Le cúig nó sé bliana anuas tá an ráta táirgiúlachta feabhsaithe beagán.

AÓF: Cén chéad amhrán a chum tú?

CÓD: Chumas “The Pool Song” i 1975. Ba é Jimmy Crowley an t-aon chumadóir amhrán a bhí ar m’aithne ag an am, agus dheineamar margadh oíche amháin go ndéanfaimis amhrán faoi na pool tables. Thaispeánas mo chéad dréacht do Jimmy cúpla lá ina dhiaidh sin, agus dúirt sé nárbh fhéidir leis feabhas a chur air.

AÓF: Cén áit a bhfaigheann tú an bunsmaoineamh d’amhrán nua?

CÓD: Uaireanta molann daoine dom amhrán a chumadh faoi seo nó siúd, ach ní minic a thagann amhrán as sin. Uaireanta ritheann dhá smaoineamh liom agus nascaim le chéile iad. Mar shampla, bhíos ag féachaint ar Ben Hur [an scannán] ar RTÉ agus smaoiníos ar na bailéid spóirt, agus cheanglaíos an dá smaoineamh le chéile chun amhrán áiféiseach a dhéanamh.

AÓF: Cén chaoi a dtosaíonn tú ansin? An dtagann an ceol nó na focail chugat ar dtús?

CÓD: Ní féidir liom focal a scríobh gan fonn a bheith roghnaithe nó cumtha agam i dtosach. Cloisim an fonn im’ cheann le linn dom bheith ag iomrascáil leis na focail. Mar is eol duit, is gnách liom fonn seanamhráin éigin a úsáid, cé gur dheineas leasú ar fhonn seanbhunaithe don “Irish Piper”. Tá saghas plean agam na foinn a chumadh feasta, más féidir liom.

AÓF: An bhfuil sé deacair?

CÓD: Tógann sé am, ach níl sé an-deacair. Is maith liom dúshlán teicniúil, ó thaobh ríme agus meadarachta de, agus uaireanta deinim an rud deacair d’aonghnó, mar is mian liom go bhfaigheadh an t-éisteoir rud éigin úr san amhrán ar an tríú nó an ceathrú héisteacht.

AÓF: An bhfuil ceann ar leith de do chuid amhrán féin gur fearr leat thar na cinn eile?

CÓD: Níl. Tá amhráin a bhfreagraíonn lucht éisteachta dóibh níos fearr ná a chéile, ach ní hé an ceann céanna i gcónaí a gheobhaidh an gradam sin.

AÓF: Cloisim go bhfuil tú ag obair ar dhlúthdhiosca de do chuid amhrán. Inis dúinn faoi sin.

CÓD: Tá beirt seanchara liom ag tathaint orm le blianta fada na hamhráin a chur os comhair an phobail, mar sin tá Herring ag léiriú an dlúthdhiosca, agus tá Terry Moylan ag eagrú an leabhair. Beidh an diosca istigh sa leabhar, agus tá cartúin iontacha déanta ag Édaín O’Donnell, ceann do gach amhrán, rud a chuirfidh go mór leis an leabhar.

AÓF: Cathain a bheidh tú á chur amach?

CÓD: Tá deireadh mhí Feabhra mar sprioc againn.

AÓF: Cén áit a mbeimid in ann é a fháil?

CÓD: Ní fheadar fós, ach tá súil againn é a dháileadh ar na siopaí leabhar agus ar na siopaí ceoil ar fud na tíre. Is mó ceoltóir atá cráite ag fadhbanna dáileacháin, ach le cúnamh Dé sáróimid na fadhbanna san.

AÓF: An bhfuil suíomh gréasáin nó seoladh ríomhphoist agat le gur féidir linn an dlúthdhiosca a fháil uait?

CÓD: Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag codrisc@eircom.net

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.