72
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Tá cúrsaí polaitíochta na hOllainne athraithe ó bhonn ó dúnmharaíodh an polaiteoir coimeádach Pim Fortuyn ag tús an tsamhraidh. Féachann Oliver Wagemann ar na hathruithe atá tar éis titim amach agus cad atá i ndán dá thír dhúchais san am atá romhainn.
»»»Bhuail Alan Desmond le Miss Cork 2009, an mainicín Étaoin Ní Ailpín, bean óg den mhuintir chéanna a bhfuil a n-ainm in airde ar dhá thaobh na cruinne cheana féin ó thaobh cúrsaí caide de gach cineál agus ó thaobh na hiomána de. Cá bhfios nach mar dheartháireacha d’Étaoin Ní Ailpín a bheidh aithne amach anseo ar Sheán Óg, Setanta, Aisake Faga ar Theu Ó hAilpín.
»»»Tá albam nua de cheol uirlise,"Draíocht”, díreach eisithe ag beirt cheoltóirí óga, Micheál Ó Ruanaigh agus June Ní Chormaic. Bhuaigh June gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, i 1998 agus tá Micheál ar dhuine de na cláirseoirí is fearr in Éirinn. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an lanúin óg seo, a bheas ag pósadh go luath, féachaint cén chaoi a dtéann saol an ghrá agus saol an cheoil le chéile.
»»»Ba iontach agus ba éachtach an bhliain í chúrsaí iomána de agus do CLG araon dar le Colm Mac Séalaigh. Is í an cheist anois, an ndéanfaidh Cill Chainnigh cúig chraobh as a chéile de an bhliain seo chugainn?
»»»Léirigh Rialtas na hAstráile an mhí seo caite go bhfuil síad tugtha do na bréaga, dar le Dáithí Ó Colchúin, agus lucht iarrtha tearmainn Curdacha á ruaigeadh acu as an tír.
»»»Is mór an trua go bhfuil an “spórt” imithe as spórt, dar le Colm Mac Séalaigh. Caitheann sé a shúil siar ar a óige féin agus an bhéim a cuireadh ar rannpháirtíocht agus ar thaitneamh ar an bpáirc imeartha.
»»»Chuaigh Tony Birtill ar turas bliantúil Chumann na Téide Deirge, an scaifte dreapadóirí, in Albain i mí Feabhra. Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
»»»Tá binse fiosraithe san Astráil i ndiaidh a léiriú go raibh a fhios ag feidhmeannaigh de chuid AWB go raibh a gcomhlacht ag cur airgid i bpócaí Saddam Hussein, rud a shéan siad ar dtús. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta. Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
»»»Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag dearcadh san alt seo ar chlaonadh an Aba .i. leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.
»»»‘déan obair nó lig dó, ... má shaothraíonn an bhean an dollar ann, bíonn an fear amuigh á ól.’ Is iomaí bean sa lá inniu féin nach mbíonn de rogha aici ligean den obair, mar a fuair Alan Desmond amach.
»»»Trácht ar éalú ó scáileán an ríomhaire, ar Marcelo Biglia agus ar albam úr Liam Uí Mhaonlaí, ‘To Be Touched’
»»»Chuir Ciara Nic Gabhann spéis i scéal an ghrá a cuireadh ar fionnraí san Ostáir seachtó bliain ó shin agus a bhláthaigh i ndeireadh báire san Úcráin le deireanas.
»»»Chaith Ruth Nic Giolla Iasachta seal i mBeirlín na Gearmáine i mí Feabhra i mbliana le linn don fhéile idirnáisiúnta scannán bheith ar siúl.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.