AGALLAMH BEO
Clíona Ní Chíosáin
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.

Íomhá
Ar tí imeachta
Íomhá
Clíona Ní Chíosáin
Íomhá
Faoin gcrann
Íomhá
Cluas lenar taifeadadh
Íomhá
Leis an bhfírinne a dhéanamh
Íomhá
Ollscoil Mhaigh Nuat

SMM: Is é do bheatha go BEO.IE a Chlíona Ní Chíosáin.

CNC: Go raibh míle. (gáire)

SMM: Tharla gur Cíosánach thú, bail ó Dhia ort, is go bhfuil obair an chláir Aifric go léir curtha díot, an féidir a rá go bhfuil tú gan chíos, cás ná cathú anois? – Céard a chiallaigh an clár sin duit meas tú? Ar athraigh sé mórán thú ón Chlíona a bheadh ionat anois murach é?

CNC: Tosóidh mé leis an gcéad chuid den cheist. (gáire) Cíos, cás nó cathú, bhuel is dalta mé, is déagóir mé go teicniciúil fós. Tá mé naoi mbliana déag. Is obair chrua í ach is obair gur fiú a dhéanamh ag deireadh an lae agus ar ndóigh, bíonn praghas le n-íoc, bíonn aithne ag daoine ort nuair a shiúlfaidh síos an tsráid. Bhuel, tá mo chuid gruaige gearr anois, ní aithníonn duine ar bith mé. I ndáiríre, ní thagann cás ná cathú leis. Bainim spórt agus tairbhe as. Taitníonn sé go mór liom agus ní athróinn é. Tá mé iontach buíoch go bhfuair mé an deis sin. I ndáiríre, mura bhfaighinn an deis, ní bheinn ag iarraidh aisteoireacht a dhéanamh. Thug sé seans dom an bealach sin a fheiceáil. Is maith an rud é. Is dóigh liom gur bealach iontach é le career a thosnú i ndáiríre. Mura mbeadh sé déanta agam, tá mé cinnte go mbeadh an saol an-difriúil agam. Chuaigh mé isteach le haghaidh na trialach ag aois a cheathair déag.

SMM: Is dream sách suntasach iad na Cíosánaigh agus muintir Beaumont – céard é do dhearcadh féin ar an gcúlra atá agat? CNC: Tá sé sin spéisiúil gur chuir tú an cheist sin mar bhí mé ag cur spéise i gcúlra mo mhuintire an samhradh seo. Níor chuir mé ceist roimhe sin. Na hainmneacha fiú amháin, ní raibh siad ar eolas agam. Thosaigh mé ar dtús le taobh na gCíosán. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios agat, ach is í Maighréad Ní Ghráda mo shin-seanmháthair ar thaobh mo dheaidí agus tá mé iontach bródúil as sin. Shíl mé go raibh sin iontach. Níor chas mé léi. Is dóigh liom go raibh sí iontach cliste agus bean ghnó a bhí inti. Bhí sí in ann díriú isteach ar an career s’aici féin. Ba í an chéad chraoltóir mná í, is dóigh liom, ar an raidió. Ise a thóg go leor de na chéad chéimeanna atá ag mná anois. Taobh na Beaumonts, bhíodar thart 1916. Bím ag ceistiú mo chuid aintíní agus dúirt siad liom go mbíodh Maimeo Beaumont ag gabháil thart mar chineál ‘decoy’ ag Mícheál Ó Coileáin. Bhíodh sí thart leis siúd chuig na cruinnithe, go rúnda, mar a bheadh ina girseach ina chuideachta aige. Dúirt Maimeo go mbíodh daoine ag fanacht sa teach, an mhuintir ar a seachnadh, mar a déarfá. (gáire) Tá sé iontach spéisiúil, ní raibh a fhios agam gur mar sin a bhí.

An Ghaeltacht

SMM: Do mheas ar Árainn Mhór, taobh do mháthar – ar chaith tú mórán laethe saoire istigh ann? CNC: Chaith mé níos mó laethanta saoire ann nuair a bhí mé níos óige, ach níor thaitin sé liom, le bheith fíreannach, ag an am. Tá teach mo shin-sheanmháthar againn agus seanteach a bhí ann agus bhíodh caonach ann, bhí sé fliuch agus fuar, tá a fhios agat, teach saoire gan chónaí, ach leagadh anuraidh é agus thóg muid teach úrnua agus tá sé go hiontach. Téim ann le haghaidh detox uaireanta, éalú ó gach rud, chuile shórt a fhágáil in do dhiaidh, gan ghuthán ná aon rud. Is fearr liom a bheith liom féin le dul amach ag siúl nó a bheith ag léamh, nó fanacht istigh – níl aon rud chomh deas le fanacht istigh nuair a bhíonn sé ag stealladh báistí taobh amuigh. Tine bhreá lasta. Is áit fíor fíorálainn í. An méid scéalta atá ann atá chomh greannmhar – is dóigh go mbíonn sé ina ‘chraggy island’ in amanna - agus dream iontach lách daoine ann.

SMM: Mar bhean óg a d’fhás aníos ar imeall na hardchathrach, an mbraitheanndeighilt de chineál idir tú féin agus muintir na Gaeltachta? CNC: Braithim ceangal iontach láidir le Tír Chonaill mar go raibh mé i mo chónaí go raibh mé ceithre bliana d’aois. Mothaím iontach é nuair a fheicim arís ar ais é gach uair agus ansin tá Gaillimh agus tá cairde agam as Indreabhán cosúil le Siobhán Bhreathnach agus bhí an óige chéanna againn – bhreathnaigh muid ar na cláracha céanna. Bhí mé i mo chónaí i Leamhcán agus bhí sé sin deacair, ní bheadh mórán daoine thart ag labhairt Gaeilge. Níor thug mé aon aird ar an nGaeilge mar sin. Ní raibh mórán tacaíochta thart do dhaoine a bheadh ag labhairt Gaeilge, seachas scoileanna agus mar sin. Taobh amuigh den scoil bheadh muid ag labhairt Béarla i gcónaí. Deirim i gcónaí gurbh fhearr liom dá bhfásfadh mo chuid páistí suas sa nGaeltacht! Mar is rud iontach tábhachtach é, tá gach duine iontach gar dá chéile. Is aigne phobail atá i gceist is dóigh liom. I ndáiríre, tá sé go hiontach.

Imeallach?

SMM: Braithim ort go mb’fhéidir gur bhraith tú imeallach mar gheall ar an nGaeilge? CNC: Bhraith mé imeallach, tá sé an-ait. Tá aithne agam ar go leor daoine a raibh Gaeilge acu. Níor thosaigh mise á labhairt i gceart go dtí anuraidh gur bhog mé isteach le Liam Bán Breathnach agus Cormac Bán Breathnach. Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin. Daoine go leor ar scoil, ní thuigeadh siad Gaeilg Thír Chonaill, ach bhí an t-ádh orm i ndáiríre, mar thuig mé gach canúint. Is dóigh gur bhraith mé cineál imeallach. Bhí meánscoil anseo againn a ndéanfadh muid chuile shórt i nGaeilge go dtí an tríú bliain, ach bhí an múineadh trí Bhéarla chomh maith, bhíodh téarmaíocht á roinnt linn, agus bhí go leor nár thuig mé, ‘multiply and divide’ agus shíl roinnt daoine gur chineál hippy tú gur oileadh tú sa nGaeilge. New age wizard a bhí ionat! Deir siad anois go bhfuil an t-ádh orm agus tuigim anois go bhfuil an t-ádh orm. Is rud iontach tábhachtach í an teanga.

SMM: Bhí tú ar chlár Rónán Mhic Aodha Bhuí mí na Samhna. Cad é a thug síos Tír Chonaill an t-am sin thú? - Bhí bronnadh éigin ar siúl ann? CNC: Comórtas litríochta a bhí ann le haghaidh na scoileanna Gaeltachta i dTír Chonaill. D’iarr siad orm cúpla focal a rá faoin gcomórtas. Bhí Gabriel Rosenstock ann, eisean a thug breith ar na hiarrachta agus bhí mise ag creathadh láimhe is ag bronnadh. Ba shin é. Bhíodar iontach deas liom. Thug siad eitiltí, óstán agus gach rud dom. Bhain mé an-sult agus tairbhe as. Bhí sé iontach deas casadh le daoine. Na scríbhneoirí, bhí siad cineál cúthalach, mar a bhíonn daoine ealaíonta, ar bhealach an-deas.

Bronnadh IFTA

SMM: Bhí bronnadh IFTA go deas, nuair a chas tú leis an dream iomráiteach atá i mbéal an phobail? CNC: Bhí mé ar bís an chéad bhliain ag na IFTAs. Chuaigh mé ann trí bliain as a chéile. Fuaireamar ainmniúchán le haghaidh ‘The Show is fearr do pháistí’ agus ainmniúchán le haghaidh ‘The Show Gaelach is fearr’ chomh maith, ach níor bhuamar sin. Bhuamar an ceann le haghaidh na bpáistí agus is iontach é sin. Bhíomar thuas in éadan cláracha Béarla agus gach rud. Ciallaíonn sé sin, nach mar gheall ar an nGaeilge amháin é. Taitníonn sé le daoine. An darna bliain ansin. Is é an rud is fearr liom, an réiteach roimh ré. Na gúnaí, agus an dream a gcasfaidh tú leo. Chas mé le Colin Farrell agus le Réalta Ugly Betty. Chuaigh mé go dtí na ‘soap awards’ agus thaitin sé sin go mór liom. Is cineál soap freak atá ionam agus d’aithin mé go leor. Ryan Tubridy, chas mé leis agus bhí sé go deas.

SMM: Tá an scannán Aifric ar na bacáin le tamall. Ar chuala tú aon scéal ó shin?

CNC: Bhí muid a ghabháil á dhéanamh mí Lúnasa, ach tá sé iontach deacair maoiniú a fháil do rudaí mar sin. Níl aon airgead mórán thart faoi láthair. Is dóigh liom nach dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis na healaíona a reáchtáil i gceart. Tá a fhios agam go gcaithfear infheistiú sa chóras oideachais, sláinte agus mar sin, ach tá sé tábhacht fós féin, scannáin agus mar sin. Táimid ag iarraidh dóthain airgid a fháil lena dhéanamh i gceart.

SMM: Ar mheas tú go raibh scéil Aifric cliste ar go leor bealaí, fágaim, íomhá an tuismitheora/an mhúinteora in Aifric? Mar dhuine óg, ar mheas tú go raibh sé spéisiúil mar chlár do lucht féachana níos sine ná thú féin is do chairde? CNC: Weirdness amplified a bhí sna tuismitheoirí. Caithfidh siad a bheith mar sin. Na múinteoirí, bhí siad craiceáilte. Bhí sé cliste. Bhí taobh deas bog agus baineann ann chomh maith agus thaitin sé sin liom. Níor cheap mé go dtaitneodh sé le daoine a bhí níos sine. An príomhoide, agus iníon Ní Chárthaigh, - an carachtar is mó a thaitin le mo mham, Ó Cinnéide, Stephen D’Arcy - tá siad greannmhar ar bhealaí difriúla. Taitníonn siad le daoine atá iontach óg. Faighim cártaí ó dhaoine an-óg. Níl aon rud níos deise ná cárta déanta de láimh, ag an duine féin. Cloisim daoine ag rá go mbíodh siad ag breathnú air nuair a bhí siad sa choláiste agus níor shíl mé go mbeadh daoine chomh sean sin ag breathnú air. Is breá le daoine breathnú ar rudaí craiceáilte, greannmhara mar sin.

Raidió na Life

SMM: Cén bhaint atá agat le Raidió na Life? CNC: Bhí mo dheirfiúr ag déanamh taithí oibre ansin agus bhí seó aici. Tá sise i bhfad níos fearr ná mé féin. Bíonn sí an-eagraithe agus déanann sí gach rud i gceart. Níl mise in ann ag an inneallra go léir, maidhceanna is mar sin. Dúirt siad léi gurbh fhearr dá mbeadh clár agallaimh aici, go mbeadh beirt níos fearr ná duine amháin. Chuaigh mé isteach ann mar sin. Tá glór na beirte againn iontach cosúil lena chéile agus caithfidh sé go raibh daoine measctha suas linn. Roinnt laethanta nuair nach raibh ann ach mé féin amháin, bhí sé deacair go leor. Tuigim anois gur taithí a bhí ann, agus tuigim go mbím níos fearr ar an teilifís ná ar an raidió, ach bhí sé an-taitneamhach agus bhí muintir Raidió na Life go hálainn.

SMM: Ar spéis leat obair sna meáin chumarsáide, Gaeilge nó Béarla amach anseo?

CNC: Go deimhin. Níl a fhios agam cén earnáil, ach ba mhaith liom triall a bhaint as an scríbhneoireacht. Tá go leor scéalta craiceáilte agam. Thaitneodh sé liom a bheith ag obair le ceamara, taobh thiar de cheamara, nó os comhair an cheamara, taitníonn sé go mór liom. Tá an rud ar fad iontach spéisiúil. Ní thuigeann daoine a bhfuil ann. Bíonn muide ag obair ón a seacht go dtí a sé. Cúig lá sa tseachtain agus ní dhéanfaidh sé sin ach leath uair an chloig. An t-aon rud, níl mórán foighde agam! Bíonn tú ag fanacht thart an chuid is mó den am. SMM: Fuair tú féin agus foireann an chláir Aifric an-taithí aisteoireachta le blianta beaga anuas. Is intuigthe go mbeadh spéis agat i saol na haisteoireachta amach anseo. Ar mhaith leat ról duine óg scór rud éigin bliana d’aois anois? CNC: Níl a fhios agam. Bhí mé ag smaoineamh ar sin an lá cheana. Níl mé róchinnte. Níl daoine in ann aois áirithe a leagan orm. Síleann roinnt gur sna déaga mé, roinnt gur níos sine mé. Bheinn ag iarraidh ról a bhfuil dúshlán ann, fiú amháin, rud éicint dorcha, rud éicint le mé féin a thástáil.

SMM: Gallúntraí/sobalchlár/sraithchlár Béarla ar RTÉ abair?CNC: Níl a fhios agam. Ní roghnóidh mé clár mar gheall ar an ainm ná an cháil a bheas air ach go mbeadh gné éicint ann a thaitníonn liom. Taitníonn world cinema liom. Na Cohen Brothers agus rudaí mar sin. An dream atá sna Cohen Brothers, níl cáil mhór orthu, ach déanann siad an obair i gceart. Déantar dearmad ar na saolta seo, gur aisteoireacht an jab atá agat agus nach a bheith ag siúl thart ar na sráideanna ag caitheamh a leithéid seo nó eile. Ní fheicfidh tú na haisteoirí is fearr ar domhan sna liarlóga.

Aos Óg na hÉireann

SMM: Céard is dóigh leat faoi shaol an duine óig in Éirinn faoi láthair - saol na hollscolaíochta agus saol an duine óig i gcoitinne? CNC: Tá an t-ádh orainn. Tá an-deiseanna agam féin ach deirim gur cheart go mbronnfaí an bonn óir ar an duine óg, mar ní thuigeann daoine a dheacra atá sé fás suas. Níl a fhios agat cé thú féin, agus níl sé furasta do bhealach féin a aimsiú sa saol. Is deacair aithne a chur ar dhaoine eile nuair nach bhfuil aithne agat ort féin. Shíl mé go raibh na blianta 13-14 iontach deacair. Bliain amháin is páiste thú ag rith thart agus tá tú ar an meánscoil an chéad rud eile, gan choinne. Beidh buachaillí thart. Tá sé deacair ag an aois seo chomh maith. Cheap tú nuair a bhain tú 16-17 amach go raibh a fhios agat cér thú féin, ach anois, bíonn roghanna le déanamh, roghanna a bheas cinniúnach is a fhanfas leat go deireadh do shaoil. Níl taithí againn ar na roghanna seo a dhéanamh.

SMM: An ndeachaigh tú isteach i gcumann drámaíochta na hollscoile? CNC: (gáire) Ní dheachaigh mé isteach sa chumann drámaíochta san ollscoil. Bíonn mo mhaimí i gcónaí ag cur ceiste orm, an ndéanfainn é. Domsa, is post é chomh maith le paisean agus is fearr gan post agus oideachas a mheascadh ina chéile. Is fíor gur mhaith liom aisteoireacht ardáin a thriail. Tá an dá aisteoireacht, ardáin agus teilifíse, iontach éagosúil lena chéile. Ba cheart dom é a chleachtadh ar dtús. B’fhearr liom a bheith díograiseach faoi agus a dhéanamh i gceart.

SMM: Cén spéis atá agat i gceol: i leabhair: i gcláir theilifíse: i scannáin? CNC: Tá suim agam i gceol. Níl aon bhlas áirithe i gceist, ach ní maith liom racán ról. Torann uafásach atá ann. Tá mé ait ar bhealach. Tá mé seanfhaiseanta. Is maith liom roinnt as na hochtóidí. Is aoibhinn liom Simon agus Garfunkel, Nina Simone, Billie Joel, Dusty Springfield agus mar sin. SMM: Dillon? CNC: Ní maith liom é. Tá grá mór ag mo mhaim do Leonard Cohen. Tá sé ceart go leor. B’fhéidir nuair a bheas mé níos sine. Is maith liom leabhar maith agus is maith liom truflais a léamh, irisleabhair agus eile. Is breá liom dírbheathaisnéisí agus claisicigh, Gone With the Wind. Caithfidh mé iad a léamh. Is breá liom scannáin na Fraince. Is andúil é atá tolgtha agam.

Múinteoireacht, an tSíceolaíocht agus an Charthannacht

SMM: Mura dtaga obair aisteoireachta i do leith, nuair a bheas do dhintiúirí go léir bailithe agat as an ollscoil, deir tú (sa leabhar Aifric a d’fhoilsigh Futa Fata) gur mian leat gabháil le múinteoireacht bunscoile. Cén fáth? CNC: Caithfidh mé a rá go bhfuil m’intinn athraithe faoi sin. Níl foighid agam agus níl a fhios agam an domsa an mhúinteoireacht. Taitníonn gasúir liom ach níl a fhios agam an mbeinn go maith ag an obair sin. An rud ab fhearr liom, caithfidh mé a rá, a bheith ag obair le teangacha. Maim agus Deaid, tá an t-uafás teangacha acu agus is dóigh liom go bhfuil an bua sin agam chomh maith. Tá sé sa bhfuil, mar a déarfá. Rinne mé an Fhraincis, an Spáinnis agus an Ghaeilge anuraidh. Bhí obair ag baint leis an Spáinnis, ach thaitin sé liom mar a gcéanna. Tugann post teangacha duine ar fud an domhain. Measaim gur post é atá ‘recession-proof’. Beidh gá i gcónaí le teangacha.

SMM: Luaigh tú an tsíceolaíocht linbh, síceolaíocht an chaidrimh agus an tsocheolaíocht. Cén fáth gur spéis leat na hábhair sin?

CNC: Níl a fhios agam. Na leabhair is dóigh, mar a luaigh mé thuas, gur maith liom na dírbheathaisnéisí. Bhí mé ag cuimhneamh chomh maith ar altracht do ghalar intinne a dhéanamh. Is maith liom foghlaim faoi dhaoine. Bhí mé ag obair go deonach i Nantes an samhradh seo caite do charthannacht a bhí ag tabhairt cuairte ar sheanóirí, ar dhaoine a raibh fadhbanna acu, daoine dalla agus daoine a chaill lúth na gcos agus mar sin de. Caithfidh mé a rá gurb shin an rud is fearr a rinne mé i mo shaol. Cabhrú le daoine, is iontach é. Bhí mé ag caoineadh is mé ag imeacht le cumha i ndiaidh na ndaoine sin. Níl sé ceart nach mbeadh de chuairteoirí acu ach mise amháin uair amháin sa tseachtain. Seandaoine leo féin, a muintir ar shlí na fírinne, nó go bhfuil siad i bhfad uathu. Ní dóigh liom gur cheart daoine a bheith leo féin mar gur rud uafásach atá ann. D’fhoghlaim mé an t-uafás, tháinig mé ar ais agus is duine athraithe ó shin mé. Bhí mé i gcónaí tugtha dom féin, mar dhéagóir, ach chuir an chuairt sin deireadh le mo chuid gearáin. Níl aon údar gearáin agam, ach ba cheart dom a bheith buíoch beannachtach, faoi mo mhuintir is faoi mo chairde.

SMM: An fearr leat Sráid Ghrafton nó siopa cúlráideach áit éigin le héadaí a cheannach? CNC: Is maith liom a bheith ag caitheamh airgid. Ní maith liom siopadóireacht. Tá sé millteanach leadránach. Is cosúil le fear mé ar an gcaoi sin. Níl suim dá laghad agam fanacht thart ag póirseáil. Siúlfaidh mé thar an siopa cúlráideach chomh maith le siopaí eile, creidim, in áit am a chur amú istigh ann. Mar a deir mo mháthair, “níl i bhfaisean ach faisean, ach fanfaidh stíl ann i gcónaí.” Má bhíonn sé claisiceach, ní ghabhfaidh sé as faisean riamh.

SMM: Go raibh míle maith agat as an gcaint go léir, go n-éirí do chuid scrúduithe ollscoile leat agus guíonn BEO Bliain Úr mhaith faoi do choinne. CNC: Do chéad fáilte is go raibh maith agat féin.

Naisc: Seán Beaumont: http://ga.wikipedia.org/wiki/Ant%C3%89ireannach(irisMairéad Ní Ghráda: http://www.cic.ie/product.asp?idproduct=321&variables Aifric: http://www.youtube.com/watch?v=Wf9kDt6QbRY An leabhar: http://www.futafata.com/Gaeilge/aifric.html Raidió na Life: http://www.raidionalife.ie//

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.