AR NA SAOLTA SEO
Oibrithe Baile
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

‘déan obair nó lig dó, ... má shaothraíonn an bhean an dollar ann, bíonn an fear amuigh á ól.’ Is iomaí bean sa lá inniu féin nach mbíonn de rogha aici ligean den obair, mar a fuair Alan Desmond amach.

Íomhá
An t-oibrí anoir in Éirinn
Íomhá
Cathair Cebu sna Filipíní
le P199 ar Vicipéid
Íomhá
Cathair Manila istoíche
le Vanessa David ar Vicipéid
Íomhá
Dear Father and Mother I send you .. litir abhaile 1889

Srí Lancach í Rita a d’fhág beirt iníonacha óga ina diaidh nuair a tháinig sí go hÉirinn i 2002. Ba bhainisteoir i monarcha éadaí i Srí Lanca í agus bhí sí oilte mar láithreoir teilifíse ach thréig sí a tír dhúchais ar son poist mar fheighlí linbh le teaghlach in Éirinn a raibh páiste dhá bhliain d’aois acu. Ba bheag a thuig Rita go dtosódh sí ag obair ag 7.30 ar maidin is go gcríochnódh sí ag 11.00 istoíche seacht lá in aghaidh na seachtaine. Fara aire a thabhairt don leanbh, bhí uirthi an teach a ghlanadh agus bhí cúram na cócaireachta, an níocháin is na hiarnála uirthi. Chodlódh sí ar tocht sa dorchla.

Cé go mba leor an t-aon teach amháin, bhí ar Rita obair a dhéanamh i dtithe dhaoine muinteartha a fostóra. Le linn na fostaíochta seo níor íocadh aon airgead le Rita féin. Dhá uair rinneadh €112 a chur chuig a muintir i Srí Lanca agus thabharfadh deirfiúr an fhostóra airgead póca di. Ní raibh cead aici dul amach as an teach ina haonar is níor ligeadh di freastal ar sheirbhísí Meitidisteacha. Dúradh léi go mbeadh uirthi €500 a íoc le rialtas na hÉireann in aghaidh na míosa dá mba mhaith léi a creideamh a chleachtadh. Choimeád an fostóir clóichead Rita chomh maith leis na doiciméid oifigiúla eile. Buaileadh í roinnt uaireanta agus chuathas i muinín an fhornirt chun a cuid gruaige a bhearradh. Ba ghnáthrud é an íde béil agus níor ligeadh di a cuid a ithe i gcuideachta an teaghlaigh. Mar bharr ar an mí-úsáid agus an masla seo go léir, cheap an fostóir ainm nua di.

Nuair a chuala Rita caint go raibh a fostóir ag smaoineamh ar í a chur abhaile go Srí Lanca, rud a bheadh le haimhleas a teaghlaigh a bhí ag brath ar airgead as Éirinn, lorg sí a clóichead is a cead fostaíochta. Rith sí an 20 ciliméadar go dtí an baile is gaire agus faoi dheireadh is faoi dheoidh, chuaigh i dteagmháil leis na húdaráis. I ndiaidh ceithre mhí a thabhairt le fostóir Éireannach bhí deireadh leis an dúshaothrú. Ach bhí doicheall Éireannach i ndán di go fóill. Cé go raibh cead aici fanacht in Éirinn go ceann 7 mí eile, ghlac sí le hordú díbeartha ar chúis nach bhfuil soiléir. Cuireadh i mbrú í, áit ar chas sí le duine a thug chuig Ionad na gCeart Imirceach in Éirinn (MRCI) í. Cuireadh stop leis an iarracht díbeartha, fuair sí post nua agus lean uirthi ag obair i dtír na gcéad míle fáilte.

Níl in anró Rita ach ceann amháin de na scéalta léin atá le léamh i dtuairisc thábhachtach an MRCI, Private Homes – A Public Concern. Agus ní in Éirinn amháin atá a leithéid de dhúshaothrú is de mhí-úsáid á imirt ar oibrithe baile.

Deacrachtaí faoi Leith

Tá sé thar a bheith deacair teacht chun fóirithinte ar oibrithe baile a bhfuil a gcearta á sárú agus is gort oibre é an obair bhaile a bhfuil sé an-chasta monatóireacht a dhéanamh air. Tá tionscadal ar siúl ag an eagraíocht neamhbhrabúis sa Bheilg, OR.C.A., ó 2009 a bhfuil sé mar aidhm aige cearta agus cumhachtú na n-oibrithe baile a chur chun cinn. Dar le Elke Gutiérrez, ceannaire an tionscadail, níl sé éasca teacht ar na hoibrithe ná iad a thabhairt le chéile. Is léiriú é seo ar ghnéithe achrannacha den saghas oibre seo agus a dheacra atá sé oibrithe baile a eagrú. “Is dream aonraithe iad. Oibríonn siad i dtithe príobháideacha agus is gnách leo teagmháil a bheith acu lena gcomhthírigh laistigh dá gcomhphobail féin nuair nach mbíonn siad ag obair.” Ach is annamh nach mbíonn siad ag gabháil don obair. “Oibríonn siad uaireanta fada agus is minic nach mbíonn ach an Domhnach saor acu.”

Ós rud é gur as na hOileáin Fhilipíneacha is Meiriceá Theas formhór na n-oibrithe baile sa Bheilg, téann siad ar an Aifreann agus d’fhonn teagmháil a dhéanamh leo, chuaigh OR.C.A. chun cainte leo lasmuigh den séipéal i ndiaidh an Aifrinn.

Músclaíodh muinín sna hoibrithe baile as OR.C.A. sa tslí seo agus tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine a bhí ag dul i muinín sheirbhísí na heagraíochta.

Ach dá fheabhas an dul chun cinn é sin, ní fuascailt faidhbe é, ná geall leis maidir le dúshaothrú na n-oibrithe baile. Míníonn OR.C.A. d’oibrithe baile na teidlíochtaí atá acu agus is féidir leo labhairt leis an bhfostóir ar son an oibrí chun fadhb a réiteach. Mura mbíonn toradh air sin is féidir gearán a chlárú leis an bhfoireann chigireachta saothair agus mar rogha dheiridh d’fhéadfaí cás cúirte a thabhairt. Ach in ainneoin na bhféidireachtaí seo go léir, níl sé furasta taispeáint go bhfuil dúshaothrú fulaingthe ag oibrí baile. D’fhéadfadh fostóir a shéanadh go raibh aon oibrí baile aige agus mura bhfuil conradh i gceist is deacair a mhalairt a chruthú. Fiú nuair a bhíonn conradh le fáil, is éasca dúshaothrú a shéanadh. Cad a chruthódh a leithéid seachas taifeadán?

DWAG

Tá tacaíocht den sórt céanna á tabhairt ag an MRCI d’oibrithe baile in Éirinn, go háirithe ó cuireadh tús le Grúpa Gníomhaíochta na nOibrithe Baile (DWAG) i 2004. Is sa phríomhchathair atá an grúpa seo bunaithe agus tuairim is 200 ball aige. Is iad na gearáin is coitianta a chloiseann MRCI ná nach n-íoctar oibrithe as uaireanta ragoibre, nach n-íoctar an t-íosphá dleathach is nach bhfaightear sosanna, laethanta saoire ná pá saoire. Is minic nach mbíonn oibrithe baile ar an eolas faoina gcearta is a dteidlíochtaí agus ní bhíonn a fhios acu cén áit inar féidir cabhair a lorg.

Dar le Pablo Rojas Coppari, oibrí leis an MRCI, go gcuireann DWAG spás ar fáil a ligeann d’oibrithe baile a scéalta féin a roinnt le chéile. Tagann siad sa tslí sin ar an tuiscint nach ina n-aonar atá siad. Tugann siad tacaíocht dá chéile is méadaítear an mhuinín atá acu astu féin. Mínítear a gcearta agus ceisteanna maidir le stádas imirce dóibh agus moltar dóibh oibriú le chéile chun cás na n-oibrithe baile go léir a fheabhsú.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí go geal le hiarrachtaí MRCI agus bunphrionsabail DWAG agus roinnt mhaith feachtas ar bun acu a bhfuil na himircigh féin rannpháirteach iontu. Tá saol daoine aonair á n-athrú acu agus aird an phobail is na meán á tarraingt acu ar cheisteanna tábhachtacha, dhá éacht nach beag.

Baineannú na hImirce

Is cinnte go bhfuil obair luachmhar riachtanach á déanamh ag eagraíochtaí cosúil le OR.C.A. is MRCI. Is mná iad beagnach 50% den 200 milliún imirceach atá ar domhan agus cé gur mar chleithiúnaithe a théidis ar imirce san am atá caite, is mar lucht ioncaim a théann an-chuid díobh ar imirce sa lá atá inniu ann. Is oibrithe baile iad roinnt mhaith de na mná seo agus poist mar chúramóirí, mar fheighlithe linbh is mar ghlantóirí á dtairiscint dóibh.

B’fhéidir nach ionadh mar sin go bhfuil gach seans go nglacfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) le Conradh um Oibrithe Baile i gceann bliana. Dhéanfadh a leithéid de thionscnamh obair bhaile agus cearta na n-oibrithe baile a shainmhíniú. Ach fiú má ghlacfar leis, is féidir talamh slán a dhéanamh de go gcloisfear trácht ar leithéidí Rita agus an dúshaothrú a imrítear orthu go ceann tamaill mhaith eile. Is fada go mbeidh deireadh leis an éileamh ar sheirbhísí MRCI, OR.C.A. is eagraíochtaí nach iad.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.