CÚINNE NA nEALAÍON
Marcelo Biglia agus albam úr Liam Uí Mhaonlaí, ‘To Be Touched’
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Trácht ar éalú ó scáileán an ríomhaire, ar Marcelo Biglia agus ar albam úr Liam Uí Mhaonlaí, ‘To Be Touched’

Íomhá
Abrazo
Íomhá
Bandoneon
Íomhá
Bus
Íomhá
Liam Ó Maonlaí
Íomhá
"To be Touched"

D’oscail mé cuntas le twitter.com i rith na seachtaine agus le tourdates.com an tseachtain

roimhe. Chuir mé ‘mospásféin’ ar bun le myspace.com Mí Márta seo caite. Thosaigh mé ag obair ar shuíomh chara liom youbloom.com an bhliain seo caite agus tá cara eile liom an-bhainteach le edenbee.com. Tá cara eile liom fós go hiomlán sáite i muzu.tv.

“Ná caith an iomarca ama ag breathnú ar an dteilfís, nó déanfaidh tú damáiste dod shúile” a deireadh mo thuistí liom agus mé ag fás aníos. Cad a deir tuistí lena bpásiti anois? Nó cad a deir tuistí lena chéile anois agus níos mó agus níos mó am á chaitheamh againn gafa ós comhair scáileán an ríomhaire.

‘Sea. cad a deirim liom féin na laethanta seo agus mé suite i mo stumpa ag caitheamh níos mó dem chuid ama os comhair ríomhaire ag iarraidh ceangal a dhéanamh leis an ndomhan mór millteach a deirtear liom a bheith ar an taobh eile den scáileán. “An bhfuil éinne amuigh ansin?”

Nó sin í an fhealsúnacht atá ag Andrew Dubber ó newmusicstrategies.com, Sasanach, atá lán de smaointe faoi ‘theip’ an tionscail cheoil agus ‘fás’ an tionscail chéanna, ag an am céanna. An-fhealsúnacht, ach tá an iomarca ama á chaitheamh agam ag déanamh cearnóg dem dhá shúil! Agus eisean leis, déarfainn ón obair atá déanta aige ar an líon.

Marcelo Biglia, as an Airgintín

Agus ríomhairiú seo mo shaoil ar bun agam, bheartaíos freastal ar oscailt taispeántais griangrafadóíreachta, i ndánlann nua, thuas in aice le Sráid Thomáis i Deisceart na cathrach. Fuaireas cuireadh dul chuige ón ngriangrafadóir féin - ní ó ríomhphost nó litir poist fiú. Shuíos síos leis lasmuigh de shiopa chaifí ar Shráid Camden agus rinne sé cur síos ar an dtionscadal uilig. Taispeántas den scoth a bhí ann. Is grianghrafadóír den scoth é.

Marcelo Biglia is ainm dó. Airgintíneach, atá in Éirinn le beagnach deich mbliain anois. Bhuail mo dheartháir Rossa leis, tamall dó tar éis landáil agus ba ghearr go raibh sé ag teacht timpeall na tíre linn ag glacadh grianghrafanna agus ag teacht ar an stáitse linn ag seinnt drumaí. Tá a ghriangrafadóireacht le feiscint ar chlúdaigh chéirníní Kíla ó am Luna Park i 2003. Tá súíl ghéar ann. Súíl ealaíontóra. D’fhill sé ar an Airgintín chuig a chathair dhúchais, Buenos Aires, agus chuig club damhsa Tango, gar don ceantar inar tógadh é len é féin a ullmhú don taispeántas seo. Theastaigh uaidh staidéar a dhéanamh ar shaol an Tango. Breis agus seasca grianghraf a bhí san taispeántas agus dúirt sé liom níos déanaí, go raibh dhá oiread grianghrafanna eile aige nár úsáid sé.

I gcomhthuiscint a chéile

Liam Ó Maonlaí a d’oscail an taispeántas le scéal faoin gcaoi a rinne sé ceangal le Marcelo agus iad thíos i dtigh mór ag iarraidh grianghraf a fháil a d’oirfeadh do chlúdach albam úr Liam. Ní raibh ag éirí go maith leis an seisiún grianghrafadóíreachta go dtí gur shuigh Liam síos os comhair pianó agus thosaigh ag seinnt píosa ceoil a d’fhoghlaim sé blianta ó shoin, nuair a bhí sé ana-óg, ó chaiséad de cheol Tango Airgintíneach a thug a uncail dó mar bhronntanas, tar éis dó filleadh ó mhisean sagartóíreachta.

D’aithin Marcelo an píosa agus thosaigh á fheadaíl agus bhí sé ábalta ansin teideal an phíosa cheoil a rá le Liam agus roinnt bheag de stair an cheoil. Bhí Liam ag lorg an eolais seo le blianta agus dar ndóigh bhí an caiséad caillte le blianta. Ní raibh aon ní aige seachas an ceol féin ina cheann ‘s ina mhéara.

An chomhthuiscint capall na hoibre

De bharr an ceangail seo, tháinig ruathar faoi shruth na maidne agus chríochnaíodar an seisiún le grianghrafanna den scoth - ceann atá ar chlúdach an albaim úir - To Be Touched (albam álainn dála an scéil).

Tá a fhios agam i saol an cheoil, agus b’fhéidir i saol na healaíne i gcoitinne, go mbíonn ceangal mar seo ag tarlú i gcónaí. Ceangal a fhanann leat don saol ar fad. Ceangal daonna. An bhfuil a leithéid de cheangal sa domhan ríomhaireachta. An féidir ceangal den chineál seo a fháil? Níl a fhios agam. B’fhéidir gur ceangal difriúl atá ann agus toisc go bhfuil sé uilig chomh nua dúínn gur gá dúínn fanacht roinnt blianta eile len é a thuiscint ‘s a mhothú. Tá sé ar fad go hiontach ach b’fhearr liomsa an cuireadh pearsanta thar chupán caife ar Shráid Chamden níos fearr nó scéal a chloisteáil faoin gceangal a eascraíonn as eachtra cheoil.

Ach fan go scríobhfaidh mé mo bhlag, é a Thwitteriú, ó mo ghuthán, chuig mo shuíomh idirlín, le go léifidh mo ‘chairde’ é ar Mo Spás agus ansin roinnfidh mé mo chuid grianghrafanna ar Flickr leo. Ansin, agus an méid sin ar fad déanta, Skypálfaidh mé thú níos déanaí le téacscéala - Nollaig Shona!

P.S - tá na griangrafanna agus neart eile nach iad ar díol agus bheidís álainn mar bhronntanas nollaig. Is féidir dul i dteagmháil leis an Airgintíneach ard ag info@marcelobiglia.com www.marcelobiglia.com

Agus mar a dúras is álainn an albam é albam úr Liam agus arís bheadh sé álainn mar bhronntanas Nollaig d’éinne.www.liamomaonlai.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.