197
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, shéid an ghaoth is thit sé ar an talamh, tháinig amach an tseanbhean bhuí, is nuair chonaic sí HD ina luí, “anois” a deir sí, “ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, thú a chur ar ais arís mar a bhí!” - Na pictiúir dhaite a bhí breactha ar iarsma Bhalla Bherlin ó briseadh é, scuabadh den bhalla iad le huisce te ar na mallaibh. Ní gach éinne atá sásta. Tá an scéal ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Cainteoir dúchais a tógadh sa nGalltacht, nó ‘cainteoir athdúchais’ i dtéarmaí teangeolais, é Liam Ó Dochartaigh a shaothraigh sna forais acadúla ó thuaidh is ó dheas. Iar-Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus é anois ar leathscor as saol riaracháin Ollscoil Luimnigh, glacann Liam páirt ghníomhach i gCumann Merriman, ina scoileanna samhraidh agus geimhridh. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige i Luimneach le roinnt ceisteanna a chur air faoin gcumann agus faoi ghnóthaí go leor eile.
»»»Ceoltóir cumasach ar an gcansairtín é Aogán Lynch ón ngrúpa Slide agus fear atá in ann corramhrán a chasadh freisin. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte leis.
»»»Tá go leor daoine ag tréigean iargúil na hAstráile na laethanta seo ach tá Dáithí Ó Colchúin dóchasach mar sin féin go mairfidh na pobail atá lonnaithe inti.
»»»Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as bob ollmhór a bhualadh ar [i]cognoscenti[/i] shaol na healaíne. Insíonn Ciara Nic Gabhann scéal an teaghlaigh a raibh gnó luachmhar brionnaithe acu ar feadh na mblianta.
»»»Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970. Cúlra an scéil ó Bhearnaí Ó Doibhlin.
»»»Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag coimhéad ar na gealltanais a tugadh roimh an Olltoghchán: 20,000 post, 30,000 post, 80,000 post, nó má athraímid an rialtas arís, 150,000 post, le teacht go luath?!
»»»Tá Philip King ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is rathúla agus is bisiúla in Éirinn agus tá cláracha déanta aige go dtí seo ar réaltaí móra de chuid an cheoil mar Daniel Lanois, Christy Moore agus Nigel Kennedy. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid sa Triskel Arts Centre i gCathair Chorcaí, áit a raibh sé féin agus a ghrúpa ceoil, Scullion, i mbun sraith cheolchoirmeacha a eagraíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.
»»»Reáchtáiltear neart féilte le linn dheireadh seachtaine fada thús mhí na Bealtaine gach bliain ach measann Antaine Ó Faracháin go mbeadh sé deacair Féile Chois Cuain, a bhíonn ar siúl i gCluain Cearbán, Contae Mhaigh Eo, a shárú.
»»»Mealladh Pat Butler arís chuig ceol Bob Dylan le seinnteoir MP3 anuraidh, ní a tharraing isteach chuig coirm cheoil Dylan i bPáirc Uí Chaoimh é leis.
»»»Labhair Liz Curtis le fear darb ainm Ivor Neill le gairid, atá ina scipéir ar bhád a théann chun farraige go minic le foireann daoine as gach saghas cúlra.
»»»Spreag an leabhar The Shallows le Nicholas Carr scoláire thall sa Ghearmáin chun méarchláir, Eoin Mac Aodha Bhuí. Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
»»»Ní raibh an córas smachta a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael roimhe seo foirfe ach ar a laghad bhí sé i bhfad níos soiléire ná an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.