AR NA SAOLTA SEO
Bill Fuller
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.

Íomhá
Dickie Rock & an Miami
(le William Murphy, Infomatique ar Flickr)
Íomhá
Doras an Electric i Londain
(le Charles Yarnold ar Vicipéid)
Íomhá
Thin Lizzy ar ardán Chateu Neuf, Osló na hIoruai
(le Helge Øverås ar Vicipéid)
Íomhá
Ted Binion a fritheadh marbh
(le C. R. Scott ar Vicipéid)

I mbun oibre leis an gceoltóir Pádraig “An Pecker” Dunne a bhí mé féin nuair a chuala mé ainm Bill Fuller luaite den chéad uair. Bhí meas an domhain ag Pecker ar Fuller, mar b’fhacthas dó gurb eisean a chuir dlús le borradh faoi na rabhcáin sa Bhreatain sna 1960aidí. Chuir Fuller dlús faoi athbheochan an cheoil Ghaelaigh thar sáile trí deiseanna poiblíochta agus oibre a thabhairt do cheoltóirí óga nach raibh mórán tráchta orthu roimhe sin – leithéidí The Dubliners, Pecker Dunne, Margaret Barry, Makem is Clancy, Luke Kelly, Seosamh Ó hÉanaí agus eile. Ní hamháin gur lorg sé margaíocht ar a son ach chuir sé na bonnacha faoi na hionaid siamsaíochta agus óstáin nua ina mbeadh fáil ar a gcuid ceoil ag gnáthdhaoine, Gaeil agus Gaill le chéile.

Ach cérbh é Bill Fuller a fuair bás sa bhliain 2008, beannacht Dé leis? Fear a chuir 26 halla rince á dtógáil, bhí 3,000 duine fostaithe ag a chomhlacht tógála agus é i mbarr a réime. I mí na Bealtaine 1917 a rugadh Fuller i bhFíonach, baile fearainn atá tuairim is cúig mhíle ó bhaile Thrá Lí, i Contae Chiarraí. Glactar leis go forleathan gurbh é Fuller a thosaigh an rac-cheol i mbaile Chamden, Londan, áit a bhfuil cáil uirthi anois mar gheall ar na healaíontóirí a thuill aitheantas poiblí ansin – leithéidí Marc Bolan, Pink Floyd, Cream, Hawkwind agus tuilleadh nach iad. Duine fadradharcach ab ea Fuller gan aon agó, fear a chuaigh ar an mbád bán agus a d’oibrigh go crua ar láithreáin tógála Londan agus é fós ina dhéagóir.

An Tús Óg an Tús Maith

Bhí sé ar intinn ag Fuller a ghnó féin a thosú chomh luath agus a bheadh deis aige agus bhí a chomhlacht tógála féin aige sula raibh sé fiche bliain d’aois. An chéad mhórthogra a chinn sé airathnuachan a dhéanamh ar sheanhalla rince Gaelach, The Buffalo, halla rince a raibh cáil na gairbhe air le fada. Bhí an drabhlás agus an foréigean chomh ceangailte sin leis an mBuffalo sular ghlac Fuller seilbh air go raibh na húdaráis áitiúla tar éis é a dhúnadh síos. Chonaic Fuller go raibh féidearthachtaí gnó agus sóisialta san fhoirgneamh áirithe sin áfach – ba dhornálaí agus iomrascálaí maith é Fuller agus é ina fhear óg – agus chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar an gceannaire póilíneachta ceantair gur lig sé dó an Buffalo a atógáil. Ba shin an tús.

Dá mbeadh air glaoch a chur ar na póilíní oiread agus uair amháin, dhúnfadh sé síos an Buffalo arís, b’in an gheallúint a thug Fuller don cheannaire póilíneachta sin. D’oibrigh Fuller féin mar dhoirseoir sa chlub agus b’iontach go deo an t-athrú chun feabhais a tháinig ar an áit. Ba liosta le háireamh iad na hionaid siamsaíochta a chuir Fuller a dtógáil – sraith foirgneamh aitheanta ar dhá thaobh an Atlantaigh – an Electric Ballroom in Camden Town agus an Fillimore West i gcathair San Francisco ina measc.

Aghaidh ar na Stáit

Meán Fómhair 1956, Nua-Eabhrac, nocht Fuller a uaillmhianta domhanda nuair a ghlac sé seilbh ar an Manhattan City Centre Ballroom. Roimh i bhfad bhí an halla damhsa cáiliúil sin ar an ionad ba thábhachtaí i measc Ghaeil na cathrach sin. D’oscail sé hallaí damhsa ollmhóra i mBostún, Chicago agus San Francisco. Chuaigh sé fein chun cónaithe sna Stáit Aontaithe ar bhonn fadtéarmach. Thaistil sé fud fad na tíre sin agus ba mhinic 6000 míle in aghaidh na seachtaine á chur de aige agus súil á coimeád aige ar a chuid gnólachtaí.

I mí Iúil 1978, athbhaisteadh an Buffalo in Camden. An Electric Ballroom a bheadh air as sin amach. I measc na n-aíonna aitheanta a sheinn ar ardán an Electric bhí na Sex Pistols, Thin Lizzy, Iggy Pop, The Clash, Joy Division, U2, The Smiths agus Oasis. Cé gur sheachain sé féin an phoiblíocht, dhírigh sé ar phoiblíocht a lorg dá bhannaí ceoil agus do na réaltaí éagsúla a d’fhostaigh sé in imeacht na mblianta.

Tháinig ainm Fuller ar ais sna meáin arís go tobann agus é 82 bliain d’aois, nuair d’íoc sé bannaí agus táillí dlí arda ar son Sandy Murphy, Gael-Mheiriceánach a thuill a cuid airgid as a cuid éadaigh a bhaint di, bean a cúisíodh i ndúnmharú úinéir chasino i Las Vegas, fear a bhí an-saibhir go deo. Fear ab ea é Fuller a d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha i gcónaí agus chreid sé go daingean go raibh Murphy neamhchiontach.

Phós Fuller faoi thrí. Bhí seisear gasúr aige. Fear umhal ab ea é ainneoin é a bheith ina thoicí. Fear uasal nár loic riamh ar a chomh-Éireannaigh. Is é a leithéid atá uainn inniu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.