CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Tum ar an Tanaí
Eoin Mac Aodha Bhuí Eoin Mac Aodha Bhuí Eoin Mac Aodha Bhuí

Spreag an leabhar The Shallows le Nicholas Carr scoláire thall sa Ghearmáin chun méarchláir, Eoin Mac Aodha Bhuí. Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.

Ar bhain tú úsáid as an idirlíon inniu nó inné? Agus arú inné? An féidir leat cuimhneamh ar an lá deiridh nach ndeachaigh tú ar an idirlíon? Glac meandar agus déan do mhachnamh.

Machnamh. Is é seo atá ó údar an leabhair The Shallows, Nicholas Carr. Machnamh ar idirghníomhú an duine leis na meáin chlóite agus digiteacha. Tá úsáid ríomhairí dár n-athrú mar chine agus caithfimid a bheith san airdeall. Ní léimid ar an tslí chéanna anois a léimis deich mbliana ó shin. Ní chuimhnímid mar a chuimhnímis. Ní smaoinímid mar a smaoinímis. Táimid féin ag dul i gcosúlacht ríomhairí. Táimid ag éirí eádomhain. Tá ceann de na scileanna is daonna á chailliúint againn: an machnamh domhain. Is é seo rabhadh an údair thuas, Nicholas Carr, rabhadh atá bunaithe ar an taighde is úire sna heolaíochtaí cognaíocha.

Muirthéacht Ár Linne

Rianaíonn Carr stair na meán ó chéad theacht an leabhair, trí fhionnachtain an chló agus ar aghaidh go dtí ré an eolais, (más eolas, nó sonraí) (Caibidlí 4-5). Scrúdaíonn sé teacht an idirlín agus a chlaochlú ó ghníomhaíocht imeallach i saol an domhain go dtí lár an aonaigh trí scéalta phríomhphearsana, leithéidí Alan Turing, athair na ríomheolaíochta agus na hintleachta saorga, agus Tim Berners-Lee, a chéadcheap an Gréasán Domhanda.

Rianaíonn Carr príomhchomhlachtaí na réabhlóide digití (Google agus Kindle, cuir i gcás) agus cuireann sé stair chuimsitheach i láthair don léitheoir, stair a thugann léargas dúinn ar thuiscint reatha na n-eolaíochtaí i dtaobh na haigne nua iardhigití daonna. Bíonn tionchar ag hipirtéacs ar an léamh (Caibidil 7), an caidreamh atá idir ár ngníomhaíocht ar líne agus ár gcumas cuimhnimh (Caibidil 9) agus féith an lámhchleasaithe iltascálaigh atá ag teastáil chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne (Caibidil 7). Is gléas seachráin é an t-idirlíon thar aon ní agus tá sé dár dtabhairt i dtreo nua: tá sé ag athmhúnlú ár n-aigní.

Is é bua leabhar Charra bheocht. Tarraingíonn an t-údar fíricí tirime le chéile agus déanann sé scéal corraitheach astu. Ní oireann an leabhar seo don léitheoir atá ag lorg litríocht traidisiúnta. Scríobhadh é don léitheoir atá fiosrach faoin domhan mór agus faoin staid dhaonna. Más duine fiosrach tú faoin saol comhaimseartha thart ort agus faoina thionchar sin ort féin, is é mo mheas gurb é The Shallows an leabhar is suimiúla a léifidh tú i mbliana. Is maith an lón machnaimh é. Oscail é agus tum isteach ann!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is mac léinn Máistreachta agus teagascóir le Gaeilge in UCD é Eoin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.