CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ar mhuin na muice!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Ceoltóir cumasach ar an gcansairtín é Aogán Lynch ón ngrúpa Slide agus fear atá in ann corramhrán a chasadh freisin. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte leis.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Aogáin, cé thú féin agus cá bhfuair tú do chuid ceoil?

Aogán Lynch: Bhuel fuaireas mo chuid ceoil ó mo thuismuitheoirí ar dtúis. Is amhránaí an-mhaith í mo mháthair Caitlín Ní Bheaglaoich agus seinneann mo dhaid an bosca ceoil, mar sin bhíodh ceol Gaelach sa tigh i gcónaí. Ó thosaigh mé ag seinnt, bhí tionchar ag a lán daoine ar mo chuid cheoil. Foghlaimíonn tú rud éigin ó gach éinne, is dóigh liom, agus táim fós ag foghlaim, buíochas le Dia.

AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag seinm? Ar thosaigh tú díreach ar an gcansairtín nó ar fhoghlaim tú uirlis cheoil eile ar dtús?

AL: Thosaigh mé ag seinnt ar an bhfeadóg stáin agus ar an mbosca ceoil ach ní raibh mórán suime agam iontu. Fuaireamar seanchansairtín ansin ar cíos ó m’aintín Jós agus phiocas suas é lá éigin; thaitin sé liom agus is mar sin a thosaigh mé. Bhí ranganna ceoil á múineadh ag Máirtín de Paor i mBaile an Chollaigh ag an am sin agus is dóigh liom go bhfuil siad fós ar siúl aige. Chaitheas gach maidin Dé Sathairn thíos leis agus an-mhúinteoir ab ea é!

AÓF: Cén fáth an cansairtín, mar sin? An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm?

AL: Níl a fhios agam cén fáth an cansairtín. Níl aon fháth i ndáiríre seachas gur thaitin sé liom an chéad lá a phioc mé suas i mo láimh é agus taitníonn sé fós liom. Tá an-suim agam sa ghiotár, go teoiriciúil, ach níl an dúil chéanna agam ann is atá agam sa chansairtín. Chomh maith leis sin, is é mo thuairim go bhfuil sé deacair do cheoltóir atá saghas maith ar uirlis amháin tosnú ag foghlaim uirlise mar thosnaitheoir arís. Ní bhíonn an fhoighne aige. Bhuel níl agamsa ar aon nós. Nuair a phiocaim suas uirlis eile teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt ach ní theastaíonn uaim na blianta de chleachtadh a chur isteach chun foghlaim conas é a sheinnt i gceart!

AÓF: An bhfuil an cansairtín deacair mar uirlis cheoil?

AL: Deir a lán daoine é sin liom. Tá an cháil ar an gcansairtín go bhfuil sé an-deacair. Féachann sé i bhfad níos deacra ná uirlisí eile, b’fhéidir, toisc go bhfuil cnaipí ar an dá thaobh agus níl cuma chomh simplí ar an leagan amach i gcomparáid leis an mbosca ceoil nó leis an bpianó agus a leithéid. Ach tá córas agus loighic ag baint leis an gcansairtín cosúil le gach uile uirlis eile agus nuair a thuigeann tú an córas sin tá sé chomh héasca nó chomh deacair le ceann ar bith eile.

AÓF: Cé a rinne do chansairtín féin? Cén cineál costais a bheadh ar a leithéid anois?

AL: Is é an cansairtín atá agam ná ceann a rinne Jürgen Suttner ón nGearmáin. Is é mo thuairim go bhfuil Jürgen Suttner ar cheann de na daoine is fearr dá bhfuil ann faoi láthair atá ag déanamh cansairtíní. Tá trí cinn agam faoi láthair - ceann ar airde ceolchoirme, ceann eile in E-maol agus an tríú ceann i B-maol. Chaithfeá feitheamh timpeall cúig bliana anois chun “Suttner” a fháil agus níl siad saor.

Tabhair cuairt ar www.suttnerconcertinas.com chun na praghsanna agus na cansairtíní difriúla a dhéanann sé a fheiceáil.

AÓF: Chuir tú albam nua amach le déanaí, nár chuir? Inis dúinn rud beag faoi sin. Céard iad na taifeadtaí eile atá déanta agat?

AL: Tá album déanta agam le Michelle O’Brien, sárveidhleadóir as Contae an Chláir, agus le mo chol ceathrair Gavin Ralston ó Bhaile Átha Cliath, mac le Seosaimhín Ní Bheaglaoich. Bhí mé féin agus Gavin ag seinnt le chéile le blianta agus bhuaileamar le Michelle agus bhíomar ag seinnt i dTigh Hughes agus a leithéid de thithe tábhairne timpeall Bhaile Átha Cliath. Shocraíomar ar albam a dhéanamh agus chuamar isteach sa stiúideo ar feadh seachtaine. Ach mar is eol d’éinne a rinne taifeadadh riamh is rud an-difriúil é agus is rud an-deacair é uaireanta nuair nach bhfuil taithí agat air. Ach rinneamar ár ndícheall agus, dar liomsa, tá an ceol ar an albam an-chroíúil agus táim an-bhródúil as.

stair fhada agam féin agus Gavin. D’fhásamar suas lena chéile ó thaobh an cheoil de agus bhí sé ar intinn againn i gcónaí (ó bhíos sé bliana déag d’aois) albam a dhéanamh. Tá an-áthas orm go bhfuil sé déanta againn anois. Maidir le Michelle, aithnítear go forleathan cheana féin go bhfuil bua ar leith aici. Agus ceapaim go n-aithneofar amach anseo í mar cheann des na fidléirí is tábhachtaí sa traidisiún. Beidh iomrá uirthi agus daoine ag caint fúithi sna téarmaí céanna a choinnítear do leithéidí Tommy Peoples agus daoine eile mar é. Tá bua speisialta aici!

Tá albam nua curtha amach ag Slide chomh maith, Harmonic Motion. Tá sin tábhachtach dúinn mar chuireamar a lán oibre agus airgid isteach ann agus táimid ag iarraidh slí bheatha a dhéanamh as an mbanna. Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo níl cent rua déanta againn. Aon airgead a rinneamar go dtí seo chuireamar isteach arís sa bhanna é. Ach ceapaim go bhfuil seans maith againn anois toisc go bhfuilimid go léir críochnaithe le cúrsaí agus coláistí agus níl éinne pósta fós! Agus tá suim ag gach duine againn sa bhanna.

AÓF: Cad leis a mbíonn tú ag éisteacht?

AL: Faic faoi láthair. Caithim cuid mhaith den lá ag obair ar mo ríomhaire ag scríobh mo thráchtais. (Ceimicméanfach!) Nuair a bhím ag éisteacht le ceol ní éistím le ceol Gaelach riamh i ndáiríre. Is breá liom Steely Dan, Crowded House, David Kitt, Radiohead (na halbaim dheireanacha) agus tá an-suim agam i “ndrumaí ‘gus dord” agus *hip hop *agus a leithéid. Níl puinn suime agam i gceol teibí cosúil le saghsanna áirid snagcheoil, nó an cineál ceoil atá an-teicniúil ach gan croí ann. Uaireanta ní maith liom sin faoin gceol traidisiúnta. Tá an caighdeán teicniúil an-ard anois ach uaireanta an rud nach mbíonn ann ná an croí. Ní dhéanann méarachaí tapaidh ceol. Tagann an ceol amach ó d’anam.

AÓF: Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol?

AL: Faic. Leisceoir amach is amach mé! Níl “lá macánta oibre” déanta agam fós agus níl aon deabhadh orm ceann a dhéanamh!

AÓF: Bronnadh Gradam TG4, “Ceoltóir Óg na Bliana”, ort i 1999. Inis beagán dúinn faoi sin.

AL: Is dóigh liom go bhfuil sé in am dom dearmad a dhéanamh ar an ngradam sin. Nílim chomh hóg san anois. Bhí an-áthas orm é a fháil ag an am agus bhí sé an-áisiúil mar dhíol sé as árachas na cairte dom ar feadh bliana!

AÓF: Agus leis an albam *The Flying Pig *aithníodh an grúpa Slide lena seinneann tú mar “Best Newcomers 2000/2001” in Irish Music magazine.

AL: Sea, bhí an gradam sin an-mhaith dúinn, thug sé a lán poiblíochta dúinn, agus tá sé sin tábhachtach mar tá an méid sin dlúthdhioscaí nua ag teacht amach anois sa lá atá inniu ann. Tá léirmheasanna á ndéanamh ar an tarna albam, Harmonic Motion, agus is cosúil go dtaitníonn sé go mór le daoine.

AÓF: Cad a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire?

AL: Tá an-dúil ar fad agam faoi láthair i ngluaisrothair agus tá Honda vfr750 agam agus is breá liom é. Déanaim gnáthrothaíocht chomh maith le coimeád aclaí, agus snámh agus a leithéid. Is breá liom a bheith ag léamh. Táim ag tnúth le bheith críochnaithe leis an diabhal tráchtais seo chun go mbeidh mé in ann gnáthleabhair a léamh arís seachas Ion *Selective Electrodes in Analytical Chemistry *agus a leithéid!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAogán ag an seoladh aoganlynch@eircom.net

Tá níos mó eolais le fáil faoi Slide ar shuíomh gréasáin an ghrúpa: www.slide.ie

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.