AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Leithscéal oifigiúil gafa le Bundúchasaigh na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970. Cúlra an scéil ó Bhearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Íomhá
Tógadh cuid mhór páistí Bundúchasacha óna muintir in éadan thoil a dtuismitheoirí idir 1910 agus 1970
Íomhá
Bratach Bhundúchasaigh na hAstráile
Íomhá
Ghoill seasamh John Howard ar na daoine a tógadh óna dtuismitheoirí
Íomhá
Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd

Osclaíodh an dara parlaimint is daichead san Astráil go hoifigiúil ar an 12 Feabhra. Ar an dara den pharlaimint nua, háibhéil é a go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.

Bhí an Teach é féin lán go doras agus cuireadh suas scáileáin mhóra lasmuigh den fhoirgneamh ionas go mbeadh an slua mór a bhí cruinnithe ansin in inmhe an díospóireacht a fheiceáil. Tháinig sluaite daoine le chéile sna cathracha agus sna bailte ar fud na tíre le breathnú ar an díospóireacht ar scáileáin mhóra fosta.

Mar chéad mhír ar chlár gnó an tseisiúin, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile as ucht a gcultúr a bheith scriosta ag muintir gheal na hAstráile. Thacaigh ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, leis an rún agus bharr sin ritheadh é d’aon ghuth.

Baineadh úsáid as an bhfocal simplíach tábhachtach – “sorryfaoi thrí sa rún, agus rinne Kevin Rudd agus Brendan Nelson athrá air agus iad ag labhairt faoi. an-chumhacht ag an bhfocalsorrysa chanúint ar a dtugtar Béarla na mBundúchasach.

Gabhadh leithscéal ar leith sa rún leis naStolen Generations agus lena muintir. Tugtarna glúnta goidtear na mílte páiste de chine measctha a tógadh óna dtuismitheoirí in éadan thoil a muintire le linn na tréimhse 1910 go 1970.Polasaí asamhlaithe

Tógadh na páistí faoin bpolasaí asamhlaithe, a bhí i bhfeidhm san am sin. Fágadh formhór na bpáistí faoi chúram na n-institiúidí altramais, a bhí á reáchtáil ag rialtais na stát agus ag na heaglaisí éagsúla. D’uchtaigh tuismitheoirí geala na páistí eile.

Rinne an Human Rights and Equal Opportunity Commission fiosrúchán náisiúnta ar thorthaí an pholasaí asamhlaithe i lár na nóchaidí. Thug beagnach ocht gcéad finné fianaise le linn an fhiosrúcháin; ba Bhundúchasaigh a tógadh óna muintir agus iad fós an-óg a bhformhór. Bhí tuismitheoirí, siblíní agus páistí na nglúnta goidte i measc na bhfinnéithe chomh maith.

Foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin faoin teidealBringing Them Homesa bhliain 1997. Sa tuarascáil seo, tugadhna glúnta goidtear na páistí Bundúchasacha a aistríodh go hinstitiúidí agus go teaghlaigh eile in éadan thoil a muintire. Ba é an chonclúid ar thángthas uirthi ag deireadh na tuarascála gur tharla a leithéid i gcás idir páiste amháin as triúr agus páiste amháin as deichniúr ón líon iomlán páistí Bundúchasacha a bhí sa tír idir 1910 agus 1970.

Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán go ndearna an polasaí asamhlaithe dochar uafásach d’fhéinmheas na bpáistí a tógadh óna muintir. De réir na tuarascála, drochthorthaí an pholasaí fós le sonrú i measc Bhundúchasaigh na hAstráile, ó thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte ach go háirithe. Bhíagus go fóillfadhbanna sóisialta agus síceolaíochta an-choitianta i measc Bhundúchasaigh na tíre, agus bharr sin lean tionchar thaithí dhiúltach na nglúnta goidte ar aghaidh chuig na glúnta ina ndiaidh.

Leithscéal

Ag eascairt as plé an Choimisiúin, cuireadh moltaí áirithe faoi bhráid na rialtas agus na n-eagraíochtaí eile a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe. I measc na moltaí sin, mhol an Coimisiún go ngabhfaidís go léir leithscéal gan choinníoll go hoifigiúil leis na glúnta goidte, agus lena muintir, as ucht ar tharla dóibh faoin bpolasaí.

Ghlac gach rialtas stáit agus críche leis an moladh seo, agus rinne na heagrais eile amhlaidh. Ach dhiúltaigh an rialtas náisiúnta scun scan a leithéid a dhéanamh. Dar le John Howard, an príomh-aire a bhí i réim ag an am, bheadh ceart cóir mbeadh ar a ghlúin féin a bheith freagrach as eachtraí a tharla blianta fada ó shin.

Cháin John Howard modheolaíocht an Choimisiúin, agus mhaígh nach raibh an

focalglúntai gceist de bharr nár tógadh ach páistí áirithe. Dhiúltaigh glacadh le húsáid an fhocailgoidtefreisin de bharr go raibh cuid de na tuismitheoirí toilteanach a bpáistí a thabhairt do na húdaráis agus de bhrí gur tógadh cuid eile mar gheall ar fhadhbanna éagsúla ina dteaghlaigh.

Ghoill seasamh John Howard go mór ar na glúnta goidte ag an am, agus ó shin i leith. Meastar gur chuir bac ar an bpróiseas athmhuintearais a bhí faoi lán seoil ag deireadh na haoise seo caite idir Bundúchasaigh na hAstráile agus na dreamanna eile sa tír.

Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe, chreid a bhformhór go raibh siad ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol. Bhí Bundúchasaigh na hAstráile scoite amach ón tsochaí faoin am sin, agus bhí na húdaráis ag súil nach mbeadh amhlaidh i gcás na bpáistí a aistríodh óna dtuismitheoirí dtógfaí le daoine geala iad.

Imeallú

Caithfear a go bhfuair cuid nach beag de na páistí oideachas agus traenáil nach mbeadh ar fáil dóibh sa bhaile agus bharr sin bhí deiseanna níb fhearr acu sa tsochaí gheal. Caithfear a admháil freisin go raibh cúiseanna láidre ag na húdaráis maidir le cuid de na páistí a thógáil óna máithreacha toisc go raibh siad i mbaol sa bhaile. É sin ráite, is cinnte gur tógadh formhór na bpáistí óna muintir ar chúis amháinde bharr gur páistí Bundúchasacha ab ea iad. Tuigtear anois, ón bhfianaise a ghlac an Coimisiún, an briseadh croí a bhí i gceist mar gheall ar ghabháil na bpáistí. Agus de réir thuarascáil an Choimisiúin, bhí drochshaol ag a bhformhór, in ainneoin na cabhrach a tugadh dóibh.

Cuireadh deireadh leis an bpolasaí asamhlaithe beagnach daichead bliain ó shin, ach ar an drochuair níos páistí Bundúchasacha á dtógáil óna muintir sa atá inniu ann faoin bpolasaí asamhlaithe mar a bhí riamh. siad á dtógáil mar gheall ar na fadhbanna uafásacha a bhaineann le caighdeán maireachtála na mBundúchasachgo háirithe drochthithíocht, mí-úsáid alcóil agus drugaí, agus mí-úsáid ghnéasach agus fhisiciúil a bheith a dtabhairt ar na páistí.

timpeall 500,000 Bundúchasach ina gcónaí san Astráil, atá ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan. Ach léiríonn gach staitistic oifigiúil a bhaineann leo go bhfuil siad ag maireachtáil faoi mhíbhuntáiste agus i mbochtaineacht. bharr sin, ar an meán, maireann Bundúchasaigh ar feadh seacht mbliana déag níos daoine eile sa tír.

Is céim mhór chun tosaigh sa phróiseas athmhuintearais é leithscéal oifigiúil a bheith gafa ag Kevin Rudd le Bundúchasaigh na tíre as ucht ar tharla dóibh. Táthar ag súil go mór go maolóidh a bpian agus go dtabharfar dínit ar ais dóibh siúd a aistríodh go teaghlaigh eile agus institiúidí in éadan thoil a muintire.

Is léir go bhfuil an-chuid oibre le déanamh sna blianta atá romhainn táimid chun na bearnaí náireacha a dhúnadh idir na Bundúchasaigh agus an chuid eile de mhuintir na tíre ó thaobh a gcaighdeáin maireachtála agus a n-ionchais saoil de. Tuigeann Kevin Rudd agus an freasúra go bhfuil dúshlán an-mhór roimh rialtais uile na tíre. Faoi láthair ar a laghad siad ag obair as lámh a chéile ar chláracha praiticiúla le dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann le saol dhúchasaigh na hAstráile mar atá faoi láthair.

As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh bliana sular thug féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.