CÚINNE NA nEALAÍON
Póg na mBráthar
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Bhí Humptaí Dumptaí thuas ar an mballa, shéid an ghaoth is thit sé ar an talamh, tháinig amach an tseanbhean bhuí, is nuair chonaic sí HD ina luí, “anois” a deir sí, “ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, thú a chur ar ais arís mar a bhí!” - Na pictiúir dhaite a bhí breactha ar iarsma Bhalla Bherlin ó briseadh é, scuabadh den bhalla iad le huisce te ar na mallaibh. Ní gach éinne atá sásta. Tá an scéal ag Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Póg na mBráthar
Íomhá
Dánlann an Oirthir
Íomhá
Faoin bhliain 2007
Íomhá
Ag Dánlann an Oirthir

Gheall an ceannaire cumannach ó Oirthear Bheirlin, Erich Honecker, i 1989 go mbeadh an balla, a dhealaigh pobal na cathrach lena chéile le 30 bliain, ina sheasamh go ceann 100 bliain eile. Seachtainí i ndiaidh fhógairt an ráitis seo, leagadh an balla agus tháinig deireadh le réim Honecker chomh maith leis an chóras chumannach

Agus an balla imithe, thosaigh na sluaite ag pilleadh isteach anoir agus iad ar fad ag lorg saol nua dóibh féin. Bhí an ghráin acu ar an bhalla agus an tionchar a bhí ag an teorainn ar a saol. Rinneadh neamhaird ar chinniúint an bhallabriseadh suas cuid de le dul isteach in autobahn nua, díoladh mionphíosaí eile le bailitheoirí agus thóg cuairteoirí giotaí leo mar chuimhneacháin.

Is beag iontas mar sin gur thosaigh an balla ag imeacht as radharc de réir a chéile – rud a chuir imní ar lucht staire agus ar chuairteoirí agus a spreag tionscadal leis an bhalla a chaomhnú agus é a atógáíl in áiteanna mar aon leis na túir faire!

An Balla Gearr

Tá an East Side Gallery ar an phíosa is mó den bhalla atá fágtha (1.3 méadar ó cheann go ceann) agus is ansin, i measc pictiúir éagsúla a rinne ealaíontóirí anuas tríd na blianta, a bhí an pictiúr is cáiliúla ar fad leis an Rúiseach Dmitrí Vrubel le feiceáil go dtí roinnt laethanta ó shin.

Samhlaigh an t-iontas, mar sin, nuair a fuair Vrubel amach go raibh an pictiúr a rinne sé de na deachtóirí Leonid Brezhnev agus Erich Honecker i ndiaidh imeacht as radharc den bhalla gan aon leithscéal.

Thaispeáin a phictiúr ‘Brotherhood Kiss’ / ‘Póg na mBráthar’ an bheirt acu ag pógadh a chéile ar an bhéal le díograis fhíorshóivéideach agus ba í an íomhá ab íocónaí a bhí le feiceáil ar an bhalla, rud a mheall an t-uafás cuairteoirí le hamharc air. Tá an íomhá seo bunaithe ar ghrianghraf a tógadh den bheirt i 1979 agus is le híoróin a díoladh T-léinte, málaí agus cupáin ar fud na hEorpa le macasamhail den íomhá seo orthu.

Bhí Vrubel le báiní nuair fuair sé seic cúítimh do €3,000 sa phost ón East Side Gallery. Mhínigh siad go raibh tionscadal ar siúl leis an bhallaí a ghlanadh in am don fhéile chomórtha a bhí á heagrú leis an 20 bliain ó leagan an bhalla a cheiliúradh agus d’fhiafraigh siad an mbeadh sé ábalta ceann eile a phéinteáil dóibh.

“Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an East Side Gallery” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!”

Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.

‘An scríobh ar an leic, ní buaine ná an lámh do chuir’ -

“Sna seanlaethanta, d’úsáid muid péint shaor” a dúirt sé ag míniú go raibh drochbhail ar shaothar Vrubel mar gheall air seo. “Leis an bhalla a shlánú, bhí orainn na pictiúir a bhaint le huisce te agus an coincréit a athchóiriú.’ Tá cuireadh faighte ag gach ealaíontóir teacht ar ais agus a shaothar a athphéínteáil le péinteanna atá síondíonach sa dóigh is go mairfidh siad i bhfad.

maoiniú faighte ag an East Side Gallery ón Chrannchur Náisiúnta agus gi go dtacaíonn an pobal i gcoitinne agus an Bord Turasóireachta leis an chinneadh, tá roinnt eile nach bhfuil chomh sásta leis. Deir an tOllamh Leon Schmidt, stairí ó Ollscoil Cottbus, go bhfuil sé dodhéanta an freagra ealaíne céanna a bheith agat ar mhothúcháín a bhí agat 10 mbliana ó shin, agus gur cheart ligint d’iarracht ealaíne fás go nádúrtha agus gan laincisí mar seo a chur

air.

Thug Dmitrí Vrubel le fios go raibh sé ag smaoineamh ar a phictiúr a phéinteáil arís ach ó dhearcadh difriúil agus an t-am seo in áit an bhéim a chur ar an pholaitíocht, beidh sé ag móradh an ghrá!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.