89
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá Youenn Bothorel, ar fear óg ón mBriotáin é a dhéanann fidleacha den chéad scoth, ina chónaí i mBaile Átha Cliath le blianta anois. Tháinig sé go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir sé féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.
»»»Tá saothair ealaíne á n-ionsaí le tamall anuas de bharr go bhfuil siad graosta, dar le daoine áirithe. Ní nós nua ar bith é seo, áfach, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Roinnt uaireanta an chloig sular gabhadh an fear frithchogaíochta, Niall Farrell, i nGaillimh labhair Seosamh Mac Muirí leis faoina iarrachtaí, in éineacht le Margaretta D’Arcy, feancadh éicint a bhaint as feachtais Arm ECAT i dtíortha bochta amuigh thar lear, go háirithe ó thús an chéid seo.
»»»Tá go leor den aos ealaíne an-tógtha le saothar an Albanaigh Richard Wright. Síleann Ciara Nic Gabhann go bhfuil siocair mhaith acu leis.
»»»Tá neamhaird iomlán á tabhairt ag staraithe ar fhoinsí i nGaeilge dar le Breandán Delap. Is ionann is scéal ruin achan ní a scríobhadh i nGaeilge ó bhunú an stáit anuas.
»»»Cé gurbh as Conamara athair \Chonchobhair Uí Raighne níor labhair sé aon Ghaeilge lena chlann agus iad ag éirí aníos i Sasana. Agus é tagtha i méadaíocht, áfach, chinn Conchobhar ar luí isteach ar fhoghlaim na teanga.
»»»Ba cheart na deiseanna a thapú ar na líonraí sóisialta, ar nós LinkedIn agus Weedle, in ionad fanacht siar uathu, dar le Roseanne Smith.
»»»Tá todhchaí an Taoisigh, Bertie Ahern, ag brath ar an toradh a bheas ar an choimhlint idir beirt iarrthóirí Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath i dtoghchán na hEorpa an mhí seo, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
»»»Nuair a d’fhill an teicneolaí Ciarraíoch Tomás Mac Gearailt ar Éirinn roinnt blianta ó shin ní raibh sé beartaithe aige a bheith ina dhíoltar leabhar. Mhínigh sé do Liam Ó Caiside cén fáth ar chinn sé ar an gcomhlacht idirlín litriocht.com a bhunú, mar sin.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse phléisiúrtha i measc na Muimhneach an samhradh seo caite.
»»»Déantar léirmheas sa cholún seo ar leabhair Ghaeilge, ag baint le réimsí éagsúla. An mhí seo: An Prós Comhaimseartha: Léachtaí Cholm Cille xxxvi (An Sagart, Maigh Nuad). Léirmheas le Pól Ó Muirí.
»»»Feidhmítear feidhmeannas nó cad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.
»»»Labhair Tony Birtill le beirt eaglaiseach a d’fhéach le sólás a chur ar fáil do ghaolta cuid íospartach an tsraithdhúnmharfóra Harold Shipman. Tá fonn ar dhuine acu, An tAthair Denis Maher as Tiobraid Árann, dul chun cainte le Shipman sa phríosún agus ceist a chur air céard a spreag é chun ainghnímh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas, an caidreamh idir mic agus máithreacha.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.