TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ag foghlaim theanga a mhuintire
Chonchobhair Uí Raighne Chonchobhair Uí Raighne

Cé gurbh as Conamara athair \Chonchobhair Uí Raighne níor labhair sé aon Ghaeilge lena chlann agus iad ag éirí aníos i Sasana. Agus é tagtha i méadaíocht, áfach, chinn Conchobhar ar luí isteach ar fhoghlaim na teanga.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Na foghlaimeoirí atá Conchobhar ag múineadh

Bhí boladh na mara ar fud na háite. Os mo chomhair amach bhí na hoileáin leagtha amach mar sheoda ar an bhfarraige. Agus mé ag breathnú orthu agus ar an bhfarraige a bhí taobh thiar díobh, smaoinigh mé le hiontas gurbh é Nua-Eabhrac an chéad stop eile. Bhí an spéir iontach glan gorm agus bhí mé an-tógtha leis an radharc.

Bhí mé i mo dhéagóir, seacht mbliana déag d’aois ag an am, agus b’in é an t-aon turas amháin a bhí déanta agam go Ceantar na nOileán, an áit ar rugadh agus ar tógadh m’athair, grásta Dé ar a anam.

Bhí mé in ann gasúir na háite, mo chol ceathracha ina measc, a chloisteáil ag déanamh spraoi ar an trá a bhí cúpla céad slat uaim, síos an bóithrín cam, agus thosaigh mé ag déanamh iontais cén fáth ar fhág m’athair áit mar seo. Ar ndóigh, tuigim anois gurbh í an easpa oibre a chuir iachall air féin agus ar na mílte cosúil leis an Bád Bán a thógáil go Sasana, Meiriceá agus áiteacha eile ar fud an domhain.

Ansin, tháinig duine de mo chol ceathracha chugam. Buachaill óg trí nó ceithre bliana d’aois a bhí ann. D’fhéach sé suas orm agus thosaigh sé ag rá rud éicint liom. Ag an am sin ní raibh Béarla ar bith aige agus mar sin níor chuala mé tada ag tíocht as a bhéal ach Gaeilge ghlan Chonamara. Bhí sé ag gáire agus dhírigh sé a mhéar i dtreo na trá.

Mar a dúirt mé, ní raibh Béarla ag mo chol ceathrair. Ar an taobh eile den scéal, ní raibh ach cúpla focal Gaeilge agam féin ag an am sin, tá náire orm a rá. Mar gheall air sin, ní raibh mé in ann tada a bhí ráite aige a thuiscint.

Mar a tharla, bhí cailín in aice leis agus bhí sí in ann Gaeilge mo chol ceathrair a aistriú go Béarla dom.

“An bhfeiceann tú na gasúir ag déanamh spraoi in aice leis an bhfarraige?” a dúirt an cailín liom as Béarla.

Rith sé liom ag an am chomh haisteach is a bhí sé nach raibh mé in ann duine de mo mhuintir féin a thuiscint agus é ag labhairt theanga na tíre. Nuair a smaoiním siar ar an lá sin, sílim gurb é sin an uair a cuireadh síol na Gaeilge i mo chroí.

Mar sin féin, níor fhás an síol sin go ceann sé bliana eile, nuair a bhí mé trí bliana is fiche d’aois.

Idir an dá linn, bhí mé ag fás aníos cosúil le chuile ógánach eile, ag dul amach, ag freastal ar an gcoláiste, ag fáil cairde nua agus ag lorg jab.

Ag taisteal na hÉireann

Mar a dúirt mé níos luaithe, d’fhág m’athair Conamara nuair a bhí sé ina fhear óg ag lorg oibre agus thaistil sé ar fud na hÉireann ag obair ar fheirmeacha agus ar láithreacha tógála, ag déanamh cibé rud a shaothródh airgead. Shocraigh sé i mBaile Átha Cliath sna caogaidí agus phós sé mo mháthair. Thar na blianta tháinig na páistí ar an saol, mé féin ina measc. Ar an drochuair bhí cúrsaí geilleagair go han-dona in Éirinn ag am sin agus chinn mo thuismitheoirí ar dhul go Sasana mar gheall ar go raibh sé níb fhusa obair a fháil. Bhí sé i gcónaí ar intinn acu a thíocht ar ais, tar éis cúpla bliain b’fhéidir. Ar ndóigh, tá muid i Sasana fós agus fuair m’athair bás anseo breis is deich mbliana ó shin.

Sa gcaoi sin rugadh mé féin i mBaile Átha Cliath ach tógadh i Sasana mé. Chuaigh mé ar scoil anseo agus ar ndóigh ní raibh caint ar an nGaeilge i gcóras oideachais na Breataine. Go deimhin, go dtí an lá atá inniu ann déarfainn nach dtuigeann an chuid is mó de na Sasanaigh go bhfuil Gaeilge na hÉireann ann ar chor ar bith.

Dá bharr sin d’fhás mé aníos agus gan ach cúpla focal Gaeilge agam, leithéidí “Cén chaoi a bhfuil tú?” agus “Go raibh maith agat”, agus iad sin as a bheith ag éisteacht le m’athair ag caint lena mhuintir agus lena chairde, agus ó bheith ag cur ceisteanna air mar “Céard é seo i nGaeilge?” “Céard é sin i nGaeilge?”.

Níl a fhios agam cén fáth ach níor labhair m’athair Gaeilge linn sa mbaile nuair a bhí muid ag fás aníos – seans gur shíl sé go gcuirfeadh sí faoi mhíbhuntáiste muid ar scoil. Caithfidh mé a admháil go bhfuil an rud céanna ag tarlú anois i gcás mo pháistí féin. Dearmad a bhí ann gan Gaeilge a labhairt leo nuair a bhí siad an-óg agus tá drogall orm anois an Ghaeilge a labhairt leo a fhad is atá siad ar scoil ag foghlaim nithe eile agus ag stócáil le haghaidh scrúduithe. Tá fúm an Ghaeilge a thairiscint dóibh nuair a bheas siad níos sine. Ar ndóigh, ní bhrúfaidh mé síos a scornach í.

Ag deireadh na seachtóidí, tháinig an síol a bhí curtha i mo chroí faoi bhláth. Thosaigh mé ag rá liom féin nach raibh aon mhaith bheith ag rá gur Éireannach a bhí ionam nuair nach raibh mé in ann teanga mo mhuintire a labhairt nó a thuiscint. Gan an Ghaeilge ní raibh aon difríocht idir mé féin agus na Sasanaigh a bhí ina gcónaí thart timpeall orm.

An chéad chéim a thóg mé ná litir a sheoladh chuig an nuachtán The Irish Post i Londain ag lorg eolais i dtaobh ranganna Gaeilge. Tháinig an freagra ar ais ag inseacht dom nach raibh eolas acu faoi ranganna Gaeilge san áit a raibh mé i mo chónaí ach bhí roinnt eolais leis an litir faoi leabhair Ghaeilge agus alt as an bpáipéar faoi leabhar foghlamtha nua, Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail.

Bhí an t-ádh dearg liom. Dúradh san alt go raibh *Learning Irish *díreach foilsithe agus go raibh sé bunaithe ar Ghaeilge Chois Fhairrge, is é sin le rá, canúint m’athar. Cheannaigh mé an leabhar agus na caiséid láithreach bonn.

An dara rud a bhí le déanamh agam ná plean foghlamtha a leagan amach. Cé go raibh Gaeilge ó dhúchas ag m’athair, níor mhúinteoir é, agus cé go mbeinn in ann comhrá Gaeilge a chleachtadh leis ní bheadh sé in ann an teanga a mhúineadh dom. Ón gcéad lá amach bhí a fhios agam go mbeinn ag foghlaim liom féin.

Chinn mé ar phlean ina raibh orm Gaeilge a fhoghlaim ar feadh uair amháin ag am áirithe chuile lá. Uaireanta, ní raibh i gceist ach dul siar ar na rudaí a bhí foghlamtha agam ach níor lig mé lá ar bith tharam gan an Ghaeilge a chleachtadh. Chomh maith leis sin rinne mé riail dom féin nach labhróinn Béarla le Gaeilgeoir chomh luath is a bheinn in ann an rud céanna a rá as Gaeilge. Bheadh an Ghaeilge sa chéad áit i gcónaí.

Daoine as Conamara

Ag an am a thosaigh mé a fhoghlaim na Gaeilge bhí scata beag Gaeilgeoirí ó Chonamara ina gcónaí agus ag obair anseo. Chomh luath is a chuala siad go raibh mé ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, thosaigh siad féin ag labhairt Gaeilge liom nuair a bhuailinn leo sa teach tábhairne nó ar an mbaile mór.

I dtosach ní raibh ach beannachtaí ann ach tar éis tamaill bhí mé in ann comhrá réasúnta a chur le chéile.

Thosaigh mé ag labhairt Gaeilge le m’athair chuile lá. Chomh luath is a bhí cúpla focal agam, bhí sé de nós agam an Ghaeilge a labhairt in áit an Bhéarla. Ar dtús abairtí simplí a bhí ann mar “Tá sé anseo”, “Tá sé ansin”, “Is breá an lá é”, ach le himeacht aimsire d’éirigh mo chomhrá níb fhearr agus ní ba chasta.

Dála chuile dhuine eile, rinne mé go leor leor dearmad agus bhí neart deacrachtaí agam agus mé ag foghlaim (go háirithe leis an tuiseal ginideach) ach bhí an fonn foghlamtha agus an grá don Ghaeilge chomh láidir ionam nach raibh sé riamh i gceist agam éirí as.

Déarfainn go raibh mé réasúnta líofa tar éis dá bhliain ach bhí mo chuid Gaeilge teoranta don Ghaeilge atá sa leabhar Learning Irish agus mar sin bhí orm rud éicint a dhéanamh chun mo stór focal a mhéadú.

Arís, bhí an t-ádh liom. Léigh mé alt san Irish Post *faoin bpáipéar Gaeilge seachtainiúil *Preas an Phobail. Ghlac mé síntiús leis agus bhain mé leas as an bpáipéar sin (agus as Lá *agus *Saol, agus *Foinse *ní ba dhéanaí) chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.

San am a bhfuil mé ag caint air ní raibh an t-idirlíon ann mar atá anois. Ní raibh mé in ann Raidió na Gaeltachta a fháil – ní raibh ann ach RTE Raidió 1. D’éistinn leis an nuacht ar an raidió i nGaeilge agus i mBéarla agus léinn na nuachtáin go rialta. Sa gcaoi sin d’fhás mo stór focal de réir a chéile.

Ag an am céanna thosaigh RTÉ ag craoladh an chláir “Anois is Arís”. Bhain mé leas as an gclár sin freisin chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, thar na blianta thapaigh mé gach deis chun cur le mo chuid eolais ar an nGaeilge.

Rang Gaeilge

Roinnt blianta ó shin iarradh orm Gaeilge a mhúineadh do dhream beag a raibh suim acu an teanga a fhoghlaim. D’inis mé dóibh nár mhúinteoir mé ach dúirt siad gur chuma faoi sin chomh fada is a bhí mé in ann lámh chúnta a thabhairt dóibh. Ón lá sin amach, tá dream beag ag cruinniú le chéile chuile Dé Luain i mo theach agus ní bréag a rá go bhfuil siad in ann an Ghaeilge a labhairt go maith. Ar ndóigh, ní chreideann siad féin go bhfuil siad chomh maith is atá. Easpa muiníne, sílim.

Ar an taobh pearsanta, bhí sé go hiontach a bheith in ann labhairt le m’athair ina theanga féin agus cuireann sé gliondar ar mo chroí fós a bheith ag labhairt na teanga le duine ar bith atá sásta í a úsáid – bíodh sé ina dhuine nach bhfuil aige ach “cúpla focal” nó ina chainteoir dúchais.

Tá áthas orm go bhfuil deiseanna foghlamtha agus acmhainní foghlamtha i bhfad i bhfad níos fearr ar fáil na laethanta seo le hais mar a bhíodh sé nuair thosaigh mé féin amach. Tá an t-idirlíon ann agus is féidir cláracha Gaeilge a fháil tríd an idirlíon nó an tsatailít.

Mar fhocal scoir, déarfainn go bhfuil rud amháin níos tábhachtaí ná aon ní eile: Chun go mbeidh aon seans againn an Ghaeilge a athbheochan, caithfidh muid uilig a bheith sásta í a labhairt go poiblí, ar na sráideanna, sna tithe tábhairne, sna bialanna, sna siopaí, chuile áit.

Mar a dúirt mé le cara liom blianta ó shin agus drogall air bheith ag labhairt Gaeilge sa teach tábhairne, áit a mbeadh na custaiméirí eile in ann muid a chloisteáil: “Is cuma liom - níl mé ag labhairt leosan. Níl mé ag labhairt fúthu. Muna bhfuil siad sásta a bheith ag éisteacht le Gaeilge, is féidir leo bailiú leo amach an doras.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.