AR NA SAOLTA SEO
Cath salach á throid ag Brady agus Ryan
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

todhchaí an Taoisigh, Bertie Ahern, ag brath ar an toradh a bheas ar an choimhlint idir beirt iarrthóirí Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath i dtoghchán na hEorpa an mhí seo, dar le Dónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
Íomhá
An Taoiseach Bertie Ahern (sa lár) i gcuideachta Royston Brady (ar chlé) agus Eoin Ryan
Íomhá
An Taoiseach Bertie Ahern agus Royston Brady le chéile

Is fada an lá ó chonacathas cath chomh salach, ná chomh fíochmhar, idir beirt iarrthóirí toghcháin ón pháirtí céanna leis an cheann atá ar siúl le seachtainí anuas idir Eoin Ryan agus Royston Brady, beirt iarrthóirí Eorpacha Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath. Ach is fada freisin ó bhí an oiread ag brath ar aon choimhlint pholaitiúil amháin. D’fhéadfadh toradh na coimhlinte áirithe seo tionchar nach beag a bheith aige ar thodhchaí an Taoisigh féin.

Má tá rud amháin a mheallann aird na meán cumarsáide le linn toghcháin, sin troid inmheánach idir iarrthóirí ón pháirtí céanna. Cheana féin tá iarrthóirí Fhianna Fáil do thoghchán na hEorpa 2004 san iarthar, Seán Ó Neachtain agus James McDaid, tar éis a bheith in adharca a chéile. Ní léir ach oiread go bhfuil mórán grá idir iarrthóirí Fhine Gael ar an chósta thoir, Avril Doyle agus Mairead McGuinness. Ach níl ceachtar coimhlint inchurtha lena bhfuil ag tarlú idir an tUasal Ryan agus an tUasal Brady.

Cúpla seachtain ó shin ghabh na Gardaí beirt fhear ó oirthear na hEorpa a raibh 150 póstaer de chuid an Uasail Brady i gcófra an ghluaisteáin acu. Láithreach bonn dhírigh campa an Uasail Brady a méar i dtreo lucht tacaíochta an Uasail Ryan, ag cur ina leith gurbh iadsan a bhí freagrach as na póstaeir seo a tharraingt anuas. Ag an am céanna, scaip campa an Uasail Ryan an scéal, go príobháideach, nach raibh anseo ach sampla eile de chleasaíocht shuarach an Uasail Brady, ag iarraidh drochchlú a tharraingt orthusan.

Teachta Dála agus iar-aire é Eoin Ryan, fear ó chúlra meánaicmeach i ndeisceart na cathrach a raibh a athair agus a sheanathair roimhe beirt lárnach i bhFianna Fáil. Ar an lámh eile, is duine é Royston Brady ó Shráid Sherriff i lár na cathrach nach raibh riamh ina Theachta Dála, gan trácht ar a bheith ina aire, ach a ainmníodh anuraidh mar Ardmhéara Bhaile Átha Cliath. Fear freisin é a raibh ar chomhairleoirí a pháirtí féin leithscéal a ghabháil níos luaithe i mbliana thar a chionn as rudaí maslacha a dúirt sé faoi chomhairleoirí eile ar Chomhairle na Cathrach.

I dtoghchán náisiúnta na bliana 2002 bhí an tUasal Brady le rith le Bertie Ahern féin i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath lár, ach ag an nóiméad deireanach baineadh a ainm den liosta agus cuireadh an Dr Dermot Fitzpatrick ina áit. Creideann go leor gur mar chúiteamh air seo a roghnaíodh an tUasal Brady mar Ardmhéara Bhaile Átha Cliath agus freisin mar iarrthóir do thoghchán na hEorpa.

Suíochán amháin

Cé gur bhreá le Fianna Fáil dhá shuíochán Eorpacha a bhuachan i mBaile Átha Cliath, tuigeann an dá champa gur dócha nach mbeidh ach suíochán amháin Eorpach ag an pháirtí sa chathair. Go poiblí tá an Taoiseach ag tacú leis an bheirt iarrthóirí. Ach go príobháideach tá foireann an Uasail Ahern ag tabhairt gach cabhair gur féidir leo don Uasal Brady. Ní hamháin go bhfuil Noel Ahern, deartháir an Taoisigh, ag tacú leis, ach tá cairde an Taoisigh, daoine ar nós Des Richardson agus iarphairtnéir an Taoisigh Celia Larkin, bainteach lena fheachtas freisin. Anuas air sin, cúpla mí ó shin rinne an Taoiseach iarracht tabhairt ar an Uasal Ryan glacadh le socrú go roinnfí Baile Átha Cliath idir thuaidh agus theas, sin le rá gur i ndeisceart na cathrach amháin a dhéanfadh an tUasal Ryan a chuid stocaireachta agus, dá réir, go bhfanfadh an tUasal Brady i dtuaisceart na cathrach. Ach in ainneoin iarrachtaí an Taoisigh, thuig an tUasal Ryan nach mbeadh seo chun a leasa agus, mar gheall air sin, dhiúltaigh sé don phlean. Agus an ceart aige, óir gheobhaidh an tUasal Ryan i bhfad níos mó vótaí i dtuaisceart na cathrach ná mar a gheobhaidh an tUasal Brady i ndeisceart na cathrach.

Ach má tá tacaíocht an Taoisigh féin ag an Uasal Brady, tá an cuma air go bhfuil formhór na mboc mór i bhFianna Fáil sa chathair, agus ar fud na tíre, ag tacú leis an Uasal Ryan. Lárnach i bhfeachtas an Uasail Ryan tá muintir Andrews uilig, sin le rá an t-iarfheisire Eorpach Niall Andrews agus an t-iaraire David Andrews, mar aon lena mhac siúd Barry Andrews. Tuigeann Niall Andrews, dar ndóigh, gur fearr go mór an seans a bheidh ag a mhac féin, Chris, suíochán Dála a bhuachan an chéad uair eile más rud é nach gcaithfidh sé dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan, atá faoi láthair ina TD sa dáilcheantar céanna.

Cé go bhfuil an Taoiseach tar éis ordú a thabhairt do Theachtaí Dála agus do chomhairleoirí Fhianna Fáil i dtuaisceart na cathrach tacú le feachtas an Uasail Brady, ní léir go bhfuil sin ag tárlú. Tuigtear do *Beo! *gur le feachtas an Uasail Ryan atá leithéidí Pat Carey TD, Martin Brady TD, GV Wright TD agus fiú an Dr. Dermot Fitzpatrick TD, ó dháilcheantair an Taoisigh féin, ag tacú go príobháideach.

B’fhéidir nach bhfuil aon duine go fóill i bhFianna Fáil tar éis aithris a dhéanamh ar thánaiste na Breataine John Prescott agus ráiteas poiblí a eisiúint ag léiriú easpa muiníne ina gceannaire, ach ní sin le rá go bhfuil tacaíocht an pháirtí uilig ag an an Uasal Ahern ach oiread, mar níl. Léiríodh seo go soiléir níos luaithe i mbliana nuair a toghadh feidhmeannas Fhianna Fáil. Fágtar faoi Theachtaí Dála agus Seanadóirí an pháirtí cúigear den fheidhmeannas a thoghadh. I measc an ocht n-ainm a chuireadar seo chun tosaigh, bhí Ivor Callely TD, an Seanadóir Timmy Dooley agus an Seanadóir Pascal Mooney, triúr atá an-ghar don Taoiseach.

Ní hamháin gur dhiúltaigh an páirtí don triúr acu seo, ach i measc an chúigir a thogh siad bhí triúr a bhfuil clú orthu as a bheith in achrann leis an Taoiseach: an Seanadóir Mary White a chuaigh glan i gcoinne sheasamh an Taoisigh i leith an triúir Éireannach a bhí i bpríosún sa Cholóim; John Cregan TD a labhair amach i gcoinne an rialtais nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an deontas do dhaoine a bhí ag ceannach tí den chéad uair; agus an Seanadóir Michael Kitt a lochtaigh an Taoiseach go poiblí nuair a chaill sé féin a shuíochán Dála sa toghchán deireanach.

Níorbh aon ionadh é, mar sin, nuair a chuir an Taoiseach a mholadh os comhair an fheidhmeannais - go bhfágfaí Baile Átha Cliath theas faoin Uasal Ryan agus tuaisceart na cathrach faoin Uasal Brady le linn thoghchán 2004 - gur dhiúltaigh an feidhmeannas glacadh leis.

Ag éirí mífhoighneach

Tuigtear do *Beo! *go bhfuil fear mór Uíbh Fhailí, Brian Cowan, ag éirí mífhoighneach. “Tá sé ag fanacht féachaint cad é an toradh a bheidh ar na toghcháin. Chomh luath is a bheidh siad sin thart, ní theastóidh ach an rud is lú le tabhairt ar gníomhú agus rogha a thabhairt don Uasal Ahern greadadh leis nó fanacht go mbrúfar é,” arsa iaraire amháin le *Beo!. *

De réir an phobalmheasa is déanaí, tá an tUasal Brady 6% chun tosaigh ar an Uasal Ryan. Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d’fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh. Tuigeann an Taoiseach féin é seo agus sin an fáth go bhfuil an choimhlint idir Eoin Ryan TD agus Royston Brady TD chomh géar agus salach agus atá.

Seachtain i ndiaidh na toghcháin, fógrófar cé atá le theacht mar chomharba ar Romano Prodi mar uachtarán ar an Choimisiún Eorpach. Má éiríonn leis an Uasal Ahern bunreacht a aontú i measc bhallstáit an Aontais Eorpaigh, tá gach seans ann go ndéanfar an post seo a thairiscint dó. Ainneoin go bhfuil sé féin tar éis a rá go leor uaireanta nach bhfuil spéis aige sa phost, ná cuirfeadh sé iontas ar aon duine más é an Taoiseach, agus ní an tUasal Brady, a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an Eoraip i Meitheamh 2004.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.