GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Ag líonadh bearna
Liam Ó Caiside Liam Ó Caiside Liam Ó Caiside

Nuair a d’fhill an teicneolaí Ciarraíoch Tomás Mac Gearailt ar Éirinn roinnt blianta ó shin ní raibh sé beartaithe aige a bheith ina dhíoltar leabhar. Mhínigh sé do Liam Ó Caiside cén fáth ar chinn sé ar an gcomhlacht idirlín litriocht.com a bhunú, mar sin.

Íomhá
www.litriocht.com

Nuair a tháinig Tomás Mac Gearailt air ais go hÉirinn i lár na nóchaidí tar éis blianta fada a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, ní raibh sé ar intinn aige a bheatha a thabhairt i dtír ag díol leabhar. Teicneolaí is ea Tomás agus tháinig sé ar ais chun comhlacht teicneolaíochta a bhunú in Éirinn.

Ach i 1997, nuair a bhí sé ag obair i mBaile Átha Cliath, tháinig sé ar thrádstóras a bhí lán leabhar Gaeilge agus bhuail smaoineamh den cheád scoth é. “Chuir sé iontas mór orm,” a deir Mac Gearailt. “Bhí leabhair Ghaeilge romham ina mílte, agus ní raibh a fhios ag an gcuid is mó den saol go raibh siad ann.”

B’in tús le www.litriocht.com, suíomh gréasáin agus comhlacht “ponc com” a bhfuil sé mar sprioc aige gach leabhar as Gaeilge atá i gcló a chur ar fáil d’Éireannaigh agus do Ghaeilgeoirí ar fud an domhain. Plean ardaidhmeannach, go deimhin, ach seirbhís an-tábhachtach, dar le Mac Gearailt.

“Faoi láthair tá suim iontach ar fud an domhan inár dteanga agus ár gcultúr,” a deir sé. “Líonann www.litriocht.com bearna agus an t-éileamh a bhí ann leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine, pé áit ar domhan a bhfuil siad.”

Is í an Ghaeilge príomhtheanga Mhic Gearailt agus ba mhinic a mhúin sé í i ranganna teanga sna Stáit Aontaithe. Ní raibh sé éasca ar chor ar bith, áfach, leabhair a fháil dá chuid foghlaimeoirí.

“Nuair a shroich mé na Stáit Aontaithe i dtosach, bhí iontas mór orm nuair a chonaic mé an méid suime a bhí sa Ghaeilge,” a deir sé. “Ach ag an am, bhí sé millteach deacair teacht ar leabhair Ghaeilge.”

Teagmhálacha

Rugadh Mac Gearailt i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus nuair a d’fhill sé go hÉirinn bhunaigh sé comhlacht bainistíochta eolais, Bard na nGleann, i gceantar Gaeltachta Bhéal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh. Ceantar beag tuaithe, b’fhéidir, ach níl sé chomh hiargúlta is a shílfeá.

“Táimid ag díriú ar an tionscal líonra agus is é Nortel an cliant is mó atá againn,” a deir Mac Gearailt. Tá beagnach gach cliant atá ag Bard lonnaithe sna Stáit Aontaithe nó i gCeanada. “Sin an áit a raibh na teagmhálacha agam,” a deir sé.

Lena chois sin, is é Meiriceá an margadh is mó taobh amuigh d’Éirinn do gach sórt leabhar Éireannach. Tá corradh le 40 milliún Gael-Mheiriceánach sna Stáit Aontaithe, agus cé nach bhfuil an Ghaeilge ag mórán daoine, tá an líon daoine a bhfuil an teanga acu ag méadú le blianta beaga anuas. Tá ranganna Gaeilge agus cúrsaí deireadh seachtaine ag dul ar aghaidh ar fud na tíre, ní hamháin i gcathracha mar Bhostún, Chicago agus Nua-Eabhrac, ach in áiteanna eile mar Oconomowoc, Wisconsin, agus Missoula, Montana. Tá cumainn mar Chonradh na Gaeilge agus Daltaí na Gaeilge ag méadú leo.

Ach níl sé furasta do na foghlaimeóirí teacht ar leabhair Ghaeilge, cé acu leabhair scoile, filíocht nó litríocht eile atá i gceist. Nuair a tháinig Mac Gearailt ar an trádstóras lán leabhar, shocraigh sé oiread leabhar is a d’fhéadfadh sé a chur ar fáil ar an idirlíon. Agus rugadh www.litriocht.com.

“Comhlacht teaghlaigh is ea é, beagnach,” a deir MacGearailt. Go deimhin, beirt pháistí Mhic Gearailt agus nia dá chuid a chinn ar cad iad na leabhair a bheadh ar díol acu i dtosach. Chomh maith leis sin, chabhraigh na deágóirí le dearadh an tsuímh féin.

Tá a dheirfiúr chéile, Cáitlín Mhic Gearailt, ag stiúradh na hoifige i mBaile na nGall, Contae Chiarraí. “Anois táimid bunaithe i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Chorcaí,” a deir Mac Gearailt.

Conas atá ag éirí leo? “Tá feabhas ar chúrsaí le déanaí, ach táimid i bhfad ón bpáirt sin den ngnó a bheith ag díol as féin,” a deir Mac Gearailt.

Margadh idirnáisiúnta

Tá 4,000 leabhar ar fáil ar an suíomh anois. Ordaíonn cuistaiméirí idir 40 agus 200 leabhar gach mí, a deir sé. “Sna Stáit Aontaithe atá an chuid is mó de na custaiméirí. Ina theannta sin, tá custaiméirí againn san Fhionlainn, i Sasana, san Astráil, agus i suas le fiche tír eile. Faighimid formhór na n-orduithe tríd an suíomh, go háirithe ónár gcustaiméirí thar lear, i Meiriceá agus i gCeanada.”

Céard iad na fadhbanna a bhí acu go dtí seo? “Is dócha gurb é an rud is mó ná teacht ar an margadh agus cur ina luí ar dhaoine go bhfuil sé ceart go leor ceannach ar an idirlíon. Tá an margadh scaipthe go maith agus tógann sé an-chuid ama ár n-ainm a chur amach go dtí gach duine a mbeadh suim acu sna leabhair.”

Tá siad á dhéanamh sin, áfach, diaidh ar ndiaidh. Feicfidh sibh nascanna idir www.litriocht.com agus go leor suíomh gréasáin Gaelach anois, agus iad ag mealladh gnó chuig an gcomhlacht. Oibríonn duine de na fostaithe atá aige, Eithne Ní Dhráighneáin, ar an bhfógraíocht agus ar an margadh i Meiriceá agus thar lear.

“Is fadhb chomh maith é go bhfuil orainn na leabhair a sheoladh thar lear, mar tá sé costasach go leor,” a deir Mac Gearailt. Cuireann siad na leabhair thar sáile sa phost. Níl conradh ag www.litriocht.com le seirbhís chúiréireachta mar DHL, nó United Parcel Service nó Federal Express sna Stáit Aontaithe. “Má bhíonn deabhadh ar dhaoine, cuirtear na leabhair tríd an aerphost,” a deir sé.

Tá sé soiléir nach bhfuil an Gearaltach tar éis éirí saibhir tríd an ngnólacht seo, ach is cuma leis faoi sin. “Ní dóigh liom go bhfuil aon airgead le déanamh as an ngnó, ach dar liom gur cheart go mbeadh na leabhair seo ar fáil do gach duine a bhfuil suim acu iontu.”

Is cinnte go ndéarfadh a chuid custaiméirí, “Molann an obair an fear”.

Is eagarthóir bainistíochta na hirise tráchtála Traffic World é Liam Ó Caiside agus tá sé ag obair i Washington, DC. Scríobhann sé ailt go rialta faoi ríomhthrádáil agus faoi thráchtlastas idirnáisiúnta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.