CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Youenn Bothorel: ceardaí agus ceoltóir
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Youenn Bothorel, ar fear óg ón mBriotáin é a dhéanann fidleacha den chéad scoth, ina chónaí i mBaile Átha Cliath le blianta anois. Tháinig go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.

Íomhá
An déantóir fidleacha Youenn Bothorel ina theach i mBaile Átha Cliath
Íomhá
Íomhá
Obair aonarach atá sa déantús fidleacha, ach is gairm í dar le Bothorel

Antaine Ó Faracháin: A Youenn, a chara, as ó dhúchas?

Youenn Bothorel: Is as St. Brieuc , gar do chósta thuaidh na Briotáine, idir Roscoff agus St. Malo.

AÓF: Cén chaoi ar tharla go bhfuil ag obair sa tír seo?

YB: An ceol Gaelach is cúis leis sin. Mheall sin, agus na smaointe rómánsacha a bhí agam faoin tír, anall ! anseo ó shin i leith.

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh ag déanamh fidleacha?

YB: Bhuel, nuair a chríochnaigh mo chuid scolaíochta, níor theastaigh uaim freastal ar an ollscoil. Bhí ag seinm ceoil cheana féin. Mar sin de, shíl gurbh fhearr liom foghlaim conas fidleacha a dhéanamh.

AÓF: Cén áit a ndearna do chuid traenála mar sin?

YB: Rinne cúrsa ceithre bliana i scoil in Newark, Nottinghamshire. Scoil iontach a bhí inti. Bhí an cúrsa deacair, ach bhí iontach maith. Bhí na múinteoirí an-mhaith ar fad. Bhídís ag déanamh a gcuid uirlisí féin agus mar sin bhí fios a ngnó acu. D’fhoghlaim conas fidleacha a dheisiú, ach cuireadh an bhéim ar conas iad a dhéanamh. Obair phraiticiúil den chuid is a bhí i gceist agus bhí go leor saoirse ar an gcúrsa. Fút féin a bhí an obair a chur isteach. nár fheil an cur chuige sin dom agus óg, d’fheil go maith dom nuair a bhí in Newark.

AÓF: mhéad uirlis atá déanta agat go dtí seo?

YB: 17 n-uirlis déanta agam go dtí seo; 14 fhidil, trí vióla agus dordveidhil amháin.

AÓF: An mbíonn ag cur isteach ar chomórtais le do chuid uirlisí?

YB: Bhuel, níor chuir go dtí seo. Is bealach maith é le d’ainm a chur chun cinn agus cáil éigin a tharraingt ort féin. Go speisialta bhuann . Ach meon áirithe ag teastáil lena aghaidh.

AÓF: Cloisim gur tugadh cuireadh duit bheith i do bhall den Association des Luthiers et Archetiers pour le Developpement de la Facture Instrumentale?

YB: Tugadh agus is mór an onóir dom é. Is deis iontach é le smaointe agus teicnící a mhalartú le daoine eile atá ag déanamh uirlisí. Obair aonarach atá inti, an dtuigeann , nuair atá ag obair leat féin sa cheardlann. Ach go mbíonn leat féin, is é a bheith amhlaidh domsa. Is fearr liom díriú isteach go hiomlán ar an obair gan aon rud eile a bheith ag cur isteach orm. Is maith liom stró a chaitheamh leis an obair agus teastaíonn ciúnas le haghaidh sin. Is gairm dom é i ndáiríre, seachas obair.

AÓF: mhéad ama a thógann ort fidil a dhéanamh ó thús deireadh?

YB: Braitheann . Bím ag obair go páirtaimseartha i siopa ceoil Crehans i nDroim Conrach. Is dóigh go dtógann thart cheithre mhí, mar sin. Ach an t-am atá tábhachtach dom, ach an toradh ag an deireadh. Breathnaím ar an bpróiseas ina iomláine, ar na huaireanta atá á gcaitheamh agam.

AÓF: An bhfuil deacair? An bhféadfadh mo leithéid na scileanna cuí a fhoghlaim chun fidil mhaith a dhéanamh?

YB: Is féidir na scileanna a fhoghlaim agus go leor bealaí éagsúla le tabhairt faoi. Ach caithfidh do bhealach féin a aimsiú sa deireadh. Is féidir foghlaim conas léamh agus scríobh, ach is rud eile ar fad é dul chomh fada le bheith in ann leabhar maith a scríobh! Tóraíocht shíoraí atá inti! Bímse i gcónaí ar thóir na foirfeachta, rud atá dodhéanta le baint amach. Is bheith criticiúil faoi do chuid oibre, ach bheith dearfach fúithi freisin. Ach sásamh le baint as an méid sin freisin.

AÓF: Céard is fidil mhaith ann duitse?

YB: Chaithfeadh áilleacht aeistéitiúil a bheith ag baint léi le breathnú uirthi, í a bheith críochnaithe go slachtmhar agus í déanta cothrom agus de réir a chéile. Creidim bhíonn fidil déanta mar sin go mbíonn tionchar ag an méid sin ar an bhfuaim a thagann aisti. Ba cheart go mbeadh glaineacht sna línte atá ina cruth. Ach chaithfeadh fuaim álainn a bheith aici don cheoltóir freisin, sin an rud is tábhachtaí ar fad agus, dar ndóigh, pearsantacht cuid féin a bheith aici. Álainn le breathnú uirthi, álainn le héisteacht léi agus pearsantacht uathúil.

AÓF: Seinneann féin an fhidil. An gceapann gur do dhuine a bheith in ann seinm le fidil mhaith a dhéanamh?

YB: Cabhraíonn ach níl riachtanach.

AÓF: Céard é an rud is tábhachtaí ar fad atá le baint amach agus fidil á déanamh agat?

YB: Go mbeidh an ceoltóir sásta - sin é an rud is tábhachtaí thar gach rud eile, an fhuaim.

AÓF: Deirtear gur binne an fhidil sine í. An fíor sin?

YB: Is fíor agus fíor. mhéad a sheinntear fidil, is ea is a thagann an fhuaim atá inti amach aisti. Ach caithfidh bheith déanta go maith ar an gcéad dul síos, is cuma bhíonn sean nua. dhéantar go maith í beidh go maith, is cuma cén aois í.

AÓF: Cén áit ar féidir le ceoltóirí dul i dteagmháil leat chun triail a bhaint as do chuid uirlisí?

YB: Is féidir cuairt a thabhairt ar mo theach i mBaile Átha Cliath. Is é an rud is fearr coinne a dhéanamh liom. mo chuid sonraí teagmhála ar fad ar www.youennviolins.com.

AÓF: A Youenn, a chara, trugarez!

YB: fáilte romhat!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.