202
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Bhí Tom Deignan i láthair ag taispeáint speisialta den scannán In America a eagraíodh d’inimircigh óga i Manhattan an mhí seo caite, agus ba dhíol spéise dó an tslí a raibh siad chomh tógtha sin leis an saothar.
»»»D’fhoghlaim Shanti Hofshi an Ghaeilge i gCalifornia, agus bhí sí ar a thoil aige nuair a leag sé cos ar thalamh na hÉireann den chéad uair.
»»»Tá na deirfiúracha Liz & Yvonne Kane as Leitir Fraic i gContae na Gaillimhe tar éis a ndara halbam, Under the Diamond, a eisiúint. Labhair Antaine Ó Faracháin leo faoin albam nua seo agus faoina ndearcadh ar an gceol.
»»»Tuigeann Colm Mac Séalaigh nach fiú a bheith ag béiceach nó ag búireach ar an moltóir peile nó iománaíochta. Caithfear iompar na bpeileadóirí a athrú agus caithfear saol na réiteoireachta a athrú. Ní féidir a bheith ceart i gcónaí i mbreithiúnas ar eachtra agus tú ag ceann eile na páirce imeartha nuair a thit sé amach. Luíonn freagracht an athraithe ar gach éinne i réimsí éagsúla spóirt.
»»»Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill. An cuma le cách an méid sin?
»»»Bhí tromluí ag Balor le gairid ina bhfaca sé Éire mar a bheidh sí i Samhradh na bliana 2013.
»»»Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.
»»»Bhí Tony Birtill ag taispeántas grianghraf i Learpholl a thug léargas ar an troid in aghaidh an Ghinearáil Franco breis is trí scór bliain ó shin. Bhí teannas go leor le brath le linn mórshiúil ag an am céanna.
»»»Ciorann Maidhc Ó Cathail dorchlaí rúndiamhara Oifig Feidearálach an Imscrúdaithe faoina nós gobán a chur ar chuid dá muintir féin. Bean darb ainm Sibel Edmonds a coinníodh ciúin sa chás seo.
»»»Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.
»»»Agus an Dáil ina suí arís caitheann Uinsionn Mac Dubhghaill súil ghéar ar an obair mhór atá roimh cheannaire nua Fhine Gael, Enda Kenny.
»»»Fuair foireann iománaíochta Chill Chainnigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite agus níor éirigh ach le dhá fhoireann an bua a fháil orthu i gcluiche comórtais i mbliana. An údar buartha é seo do lucht leanúna na hiomána?, a fhiafraíonn Colm Mac Séalaigh.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag a chéad chluiche sacair i Sasana le gairid - cluiche sa Phríomhshraith idir Arsenal agus Manchester City. Chuir feabhas na himeartha agus díocas na coimhlinte gliondar air. Ardaíonn sé an cheist faoi cé chomh Sasanach is atá cluiche dúchais Shasana!
»»»Tá go leor le foghlaim ag Éirinn ó na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar Íle na hAlban chun úsáid a bhaint as acmhainní nádúrtha an oileáin agus timpeallacht níos glaine a chruthú, dar le Stiofán MacGréill.
»»»Bhí tráth ann sna seachtóidí nuair a bhí turasóirí Meiriceánacha (gléasta ar nós leipreacháin a déarfadh daoine míchineálta) go feiceálach ar fud na tíre. Anois is Tíogar mór Meiriceánach atá inár measc. Labhraíonn muid ar an Tíogar Ceilteach ach is é fírinne an scéil go bhfuil an Tíogar seo leath-Mheiriceánach. Tá geilleagar na tíre seo ag brath i bhfad níos mó ar mhargaí idirnáisiúnta ná mar atá geilleagar tíortha eile. Déanaimid 78% d’olltáirgeacht náisiúnta (GDP) na tíre a easpórtáil, agus 13% go Meiriceá féin - figiúr atá cúig huaire chomh mór leis an meánchéatadán don Aontas Eorpach. Agus thairis sin, tá 50% d’easpórtálaithe na tíre ag teacht ó chomhlachtaí Meiriceánacha. Ní thógann sé mórán ama cuid acu a ainmniú: Intel, Dell, Microsoft, Apple, Hewlett Packard, atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.