AR NA SAOLTA SEO
An Ghlaisfhiann
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Éireannaigh ina saighdiúirí tuarastail ag marú daoine i dtíortha thar lear faoin ainm ‘Irish Guards’ agus a bheith á marú ag daoine thar lear chomh maith mar a mhíníonn Tony Birtill. An cuma le cách an méid sin?

Íomhá
Cathlán Armúrtha na Irish Guards faoi ionsaí MF 1944
Vicipéid
Íomhá
Irish Guards san Iaráic 2003
le Tony Nicoletti, Reuters Pool Daily Record is trí Yi Jiang ar Picasaweb
Íomhá
Irish Guards i Londain
le Arpingstone ar Vicipéid
Íomhá
Faolchú na 'Irish Guards'
le Maksim ar Vicipéid

Bhí saighdiúirí ó na Irish Guards i Halla na Cathrach, Learpholl ar Lá Fhéile Pádraig le seamróg a bhronnadh ar an Méara, Hazel Williams. Agus bhí sonóg na reisiminte, Conmeal an faolchú, i láthair fosta chun an uasmhéid poiblíochta a fháil sa nuachtán áitiúil The Liverpool Daily Post agus nios mó earcach a mhealladh ón chomhphobal de bhunadh Éireannach anseo le taobh na Mersey, nó ‘ar lannau Merswy’.

Mhínigh mé an scéal i mí Eanáir faoi Christopher Davies, 22, ball de na Irish Guards agus an 100ú ball d’Arm Shasana a maraíodh san Afganastáin i 2010 agus uimhir 345 ó thosaigh siad ag troid sa tír sin, arís, deich mbliain ó sin i 2001. Sé lá tar éis deasghnáth na seamróige i Halla na Cathrach, maraíodh Irish Guard eile as Merseyside san Afganastáin, An Sáirsint Mark Burgan, 28. Ní raibh ach sé lá fagtha aige sa tír sin tar éis sé mhí ar dualgas a chaitheamh ansin nuair a fuair sé bás in aice leis an Maor Matthew Collins. Sin uimhir 362 síobtha den saol ó 2001 i leith.

Bhí sochraid an tSáirsint Burgan ar an leathanach tosaigh den Liverpool Daily Post (14.4.11) ach níor luaigh siad an deasghnáth seamróige. I dteach pobail an Holy Name a bhí sé, míle ó mo theach féin agus ní raibh slí ann do na céadta a bhí i láthair. Seo an cineál áite a fhaigheann The Irish Guards a gcuid fodar béal gunna - ceantar lucht oibre a bhfuil deacrachtaí dífhostaíochta ann.

Cur i gCoinne na Glaisfhéinne

Bhí sé suimiúil scéal an tsáirsint a léamh sa nuachtán - chuaigh sé isteach sna Irish Guards i 1999 nuair a bhí sé 16 bliana d’aois agus bhí sé ar dualgas sna Sé Contae, An Iaráic agus san Afganastáin. Is rud coitianta é anseo, ógánaigh amhulchacha a dul isteach san arm mar nach mbíonn mórán deiseanna eile acu. Ach is rud conspóideach é fosta. Foilsíodh tuarascáil tráthúil ar an ábhar ‘Catch 16-22, Recruitment and retention of minors in the British armed forces, i Mí Márta. The Coalition to Stop the Use of Child Soldiers (CSCS) a scríobh é. Féach ar http://www.child-soldiers.org

Baineann an CSCS, atá lonnaithe i Londain, úsáid as an sainmhíniú ag UNICEF (Paris Principles and guidelines on children associated with armed forces or armed groups) Feabhra 2007: "A child associated with an armed force or armed group refers to any person below 18 years of age who is, or has been, recruited or used by an armed force or armed group in any capacity, including but not limited to children, boys and girls, used as fighters, cooks, porters, spies or for sexual purposes. It does not only refer to a child who is taking, or has taken, a direct part in hostilities."

Tugann siad aird ar aimhrialtacht sa Ríocht Aontaithe mar seo: de réir an dlí anseo, níl tú i do dhuine fásta go dti go mbaine tú 18 bliana d’aois amach. Roimhe sin, is gasúr thú agus beidh tú faoi réir dlí uathúil an ghasúir. Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le "hazardous work !!!" Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh ’X rated.’

I gcodarsnacht leis an mhéid seo, cuireann an Roinn Chosanta béim ar earcú gasúr. Déanann níos lú ná 20 tír ar fud an domhan é seo, ina measc An Iaráin, An Chóiré Thuaidh agus An tSiombáib.

Cead Amháin SiúilFuireach Blianta

Tá ‘cead siúil’ ag páistí ina gcéad sé mhí traenála, ach tar éis sin ní féidir leo an t-arm a fhágáil go dtí 22 bliana d’aois. Agus idir an dá linn, ag aois 18 bliana, caithfidh siad dul go dtí an líne tosaigh, más gá. Cé gur shínigh siad an conradh mar pháistí, níl cead athbhreithniú a dhéanamh acu agus iad ina ndaoine fásta, is é sin, ag aois 18 bliana.

Roimh 1991, sheoladh an rialtas páistí chuig cogaí ar nós na Iúgslaive, Murascaill na Peirse agus Oileáin Malvinas. Sa lá atá inniu ann, déanann siad “gach iarracht” gan é seo a dhéanamh, ach idir 2003-2005 imscaradh 15 páiste chuig An Iaráic “go neamhaireach.”

De réir an CSCA, tá fadhb ansmachta ann. Tar éis The Blake Review (2005) i ndiaidh bás ceathrar earcach óg ag Deepcut Barracks, Surrey, moladh ardú ar aois earcaíochta go dtí 18 blana. Níor tharla sin.

Má théann páistí as láthair gan cead (AWOL), cuirtear príosún míleata i gColchester orthu.

Le hairgead a fháil chun costas oideachais a íoc, téann roinnt déagóirí isteach sa Territorial Army (Arm páirtaimseartha). Bhí beirt mar seo (Déaglán agus Daithí) nuair a bhí mé ag teagasc ar cúrsa eachtraíochta lasmuigh i 2005 i gcoláiste anseo. Bhí an tOifigeach Ceannais ag iarraidh iad a sheoladh chuig cúrsa traenála d’fhonn iad a ullmhú roimh An Iaráic agus bhí ar an príomhoide litir a chur a fhad leis ag impí air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh a gcúrsa oideachais sa choláiste críochnaithe.

Cead Báis á Síniú ag Máthair

Mar chuid den chúrsa, bhí orthu dul suas ar na cnoic in éineacht liom le hairdrianú agus cleasanna den chineál sin a chleachtadh. Os rud é go raibh siad 17 bliana d’aois ag an am, bhí ar a dtuismitheoirí foirm cheada a shíniú.

Chuir sin alltacht ar Dhéaglán agus Daithí: "What, we need our mums to sign a form to go up on the hills with you! We’re getting sent to Iraq when this course ends in the summer" a dúirt siad liom. "Yes, but we care about you," a mhínigh mé dóibh..

Ach an bhfuil an Rialtas nua in Éirinn buartha faoi dhéagóirí ansin? "Record numbers of Irish recruits join British Army" an ceannlíne a bhí san Irish Independent (28.3.11). Mheas an Indo go raibh 4,000 saoránach de chuid na hÉireann ina mbaill de fhórsaí airm na Breataine agus go bhfuil an méid ag dul suas 10% gach bliana.

Is í an bhanríon Eilis Príomh-Choirnéal The Irish Guards agus beidh sí ar cuairt ar Éirinn an mhí seo, ar 17ú Bealtaine. Leis an rialtas agus na meáin chumarsáide ag sodar i ndiaidha mórgachta” an mbeidh déagóirí na tíre meallta trasna na teorann go dtí an oifig earcaíochta i mBéal Feirste? An cuma le Enda Ó Cionaoith faoi seo? An mbeidh sé i láthair ag na sochraidí?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.