183
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
D’fhéadfadh [i]coup d’état[/i] a bheith i bhFidsí gan mhoill, ach ní cúis iontais é sin, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá saothar ó bhlianta deireanacha an ealaíontóra Iodálaigh Caravaggio le feiceáil i dtaispeántas atá ar siúl i Londain faoi láthair. Féachann Ciara Nic Gabhann siar ar shaol an ealaíontóra chonspóidigh seo.
»»»Scéal forálach faoi bheith ag iarraidh do bheatha a thabhairt i dtír mar cheoltóir in Fuerteventura, le Colm Ó Snodaigh.
»»»Scríbhneoir ildánach é Micheál Ó Conghaile, as Inis Treabhair i gConamara, a bhfuil nach mór gach gné den litríocht treafa aige. Lena chois sin, tá sé ar cheann de na foilsitheoirí is bisiúla sa tír. Tá Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh cúig bliana fichead ar an fhód i mbliana. In agallamh cuimsitheach do Beo!, labhair sé le Breandán Delap faoi staid na litríochta agus na foilsitheoireachta Gaeilge, faoi cheol tíre na Gaelachta, faoin chlár conspóideach faisnéise Fairytale of Kathmandu agus faoin drochbhail atá ar dhrámaíocht na Gaeilge faoi láthair.
»»»Tá an chuma ar an scéal go ndaorfar chun báis cuid de na hAstrálaigh a gabhadh le déanaí i mBali agus hearóin ina seilbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Chomh maith le teacht ar an gcéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge sa mBreatain Bheag, tháinig Diarmuid Johnson ar chainteoirí Gaeilge na Breataine Bige féin a bhfuil sí mar ateanga acu.
»»»Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an ionad vótála i Walton, Learpholl. Is cosúil gur le faitíos roimh na Coimeádaigh a chuaigh siad ann.
»»»Agus Kíla ar camchuairt sna Stáit Aontaithe roimhe seo, bhraitheadh Colm Ó Snodaigh go mbíodh easpa spioradáltachta i gceist. Braitheann sé anois, áfach, go bhfuil an banna réidh lena n-aghaidh a thabhairt ar an tír arís.
»»»Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse phléisiúrtha i nGaillimh le déanaí.
»»»Tá grúpa eolaithe tar éis teicneolaíocht a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine píosa ealaíne digití a athrú le dreach a n-aghaidhe. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Theip ar Rialtas Harold Wilson (1964-1970) an deis a thapú chun Trioblóidí Thuaisceart Éireann a sheachaint, dúirt an Dr Kevin McNamara i léacht i Learpholl ar na mallaibh. Bhí Tony Birtill i láthair.
»»»Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óir ní gné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: foréigean i gcaidreamh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.