AGALLAMH BEO
Mícheál Ó Conghaile
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Scríbhneoir ildánach é Micheál Ó Conghaile, as Inis Treabhair i gConamara, a bhfuil nach mór gach gné den litríocht treafa aige. Lena chois sin, tá sé ar cheann de na foilsitheoirí is bisiúla sa tír. Tá Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh cúig bliana fichead ar an fhód i mbliana. In agallamh cuimsitheach do Beo!, labhair sé le Breandán Delap faoi staid na litríochta agus na foilsitheoireachta Gaeilge, faoi cheol tíre na Gaelachta, faoin chlár conspóideach faisnéise Fairytale of Kathmandu agus faoin drochbhail atá ar dhrámaíocht na Gaeilge faoi láthair.

Íomhá
Mícheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus foilsitheoir
Íomhá
Louis de Paor lena leath-Hit Factory, John Spillane
Íomhá
Nuala Ní Dhomhnaill
Íomhá
An tAncaire, John Beag
Íomhá
Seoladh leabhair Frank Reidy, Oireachtas 09, Mícheál, Lillis Ó Laoire, Edel Ní Chuirreáin, Frank, Síle Tim Ní Fhlatharta & Meaití Joe Shéamais
Íomhá
Caoimhín Ó Marcaigh le Mícheál, Óstán na Páirce 09
Íomhá
leis an ealaíontóir Seán Ó Flaithearta, seoladh an chnuasaigh 'Máirtín Ó Direáin Na Dánta', Merriman Geimhridh 09
Íomhá
An Fear a Phléasc
Íomhá
Comóradh 1995
Íomhá
Lámh Láidir Joe Steve Uí Neachtain
Íomhá
Is iomaí seilf a bhfuil comhartha CIC le feiceáil ann

BD: Tá sibh ag ceiliúradh cúig bliana fichead ó am bhur mbunaithe. Cad a spreag thú le Cló Iar-Chonnachta a bhunú agus cén fhorbairt atá tagtha ar an chomhlacht ó shin?

MÓC: Is cuimhin liom go mbíodh foilsitheoirí mall go leor ag foilsiú leabhair ag an am agus chomh maith le sin, chonaic mé go raibh go leor scríbhneoirí maithe i gConamara ann nach raibh foilsithe, daoine ar nós Johnny Chóil Mhaidhc, Joe Steve Uí Neachtain, Seán Ó Curraoin agus drámadóirí ar nós Antoine Uí Fhlathartha agus cheap mé go raibh géarghá le freastal a dhéanamh ar na scríbhneoirí seo. Chonaic mé go leor scríbhneoirí áitiúla mar sin a raibh cumas iontu nach raibh foilsithe ag na foilsitheoirí eile. Chonaic mé chomh maith an obair a bhí déanta ag Pádraig Ó Snodaigh romhainn. Bhí seisean cúig bliana ag foilsiú romhainn. Theastaigh uaim ar bhealach an rud céanna a bhí seisean ag déanamh a dhéanamh sa nGaeltacht. Bhí dea-shampla tugtha ag Pádraig Ó Snodaigh sa mhéid is go raibh sé ag foilsiú go leor saothar agus ag tabhairt aitheantais do scríbhneoirí agus is dócha gur theastaigh uaimse an rud céanna a dhéanamh, ach a dhéanamh i gConamara.

BD: Cén difríocht mar sin idir Cló Iar-Chonnachta agus na comhlachtaí foilsitheoireachta Gaeilge eile?

MÓC: Anois, an phríomhdhifríocht ná go bhfuil daoine fostaithe againn go lánaimseartha. Is muid an t-aon chomhlacht foilsitheoireachta príobháideach Gaeilge a bhfuil daoine ag obair ann go lánaimsearach agus dá bhrí sin, tá muid in ann seirbhís níos fearr a chur ar fáil ar bhealaí go leor. Ní hé nach ndéanann na foilsitheoirí eile obair mhaith, go háirithe leithéidí Cois Life. Ach cuidíonn sé nuair a bhíonn eagarthóirí lán-aimseartha ann. Is dócha freisin go gcuirimid níos mó béim ar mhargaíocht ná foilsitheoirí eile – tá duine againn ag plé le margaíocht go lán-aimsearach. Cuirimid roinnt mhaith taispeántas ar siúl. Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil caighdeán ard foilsitheoireachta againn – b’fhéidir an caighdeán is airde sa tír sa réimse seo. An rud eile ar ndóigh ná go ndéanann muid ceol chomh maith agus tacaíonn sé sin le réimse na foilsitheoireachta. Is dócha go bhfuil an teacht isteach céanna ón gceol b’fhéidir agus atá as na leabhair, ach go bhfuil i bhfad níos mó oibre i gceist leis na leabhair a chur amach ná leis an gceol.

Fuaim le Focail

BD: Cé mhéad leabhar agus dlúthdhioscaí atá foilsithe nó eisithe agaibh ó shin?

MÓC: Níor mhaith liom tosú á gcomhaireamh – bheadh sé ró-achrannach – ach go dtí seo, bheadh timpeall 350 leabhar foilsithe. Bheadh tarraingt ar 200 taifead déanta – idir cheol agus amhráin agus shean-nós. Chomh maith le sin tá taifid déanta, atá gar do mo chroí féin, de scríbhneoirí ag léamh a gcuid saothair, daoine ar nós Nuala Ní Dhomhnaill, Louis de Paor, Cathal Ó Searcaigh agus Máire Mhac a’ tSaoi. Tá taifid déanta againn díobh. Thosaigh muid sraith caiséidí – guth an ealaíontóra roinnt blianta ó shin, ag taifeadadh gearrscéalaithe, filí agus seanchaithe. Tá an tsraith luachmhar sin ann ina bhfuil, b’fhéidir leathchéad ar fad de thaifid de scríbhneoirí ag léamh a saothair féin. treo=direction">="gloss" title="alas">Faraor, ní bhíonn díol rómhór orthu. Thosaigh muid á dtaifeadadh ar chaiséid, ach tá an lá sin imithe agus séard a dhéanaimid anois ná dlúthcheirnín a chur isteach i gclúdach an leabhair agus bíonn sé sin níos áisiúla le hiad a dhíol.

BD: faoi leith=a particular liking">Tá luí ="gloss" title="particular">faoi leith agat le hamhráin tíre Chonamara. Inis domh faoi sin.

MÓC: Bhuel tá luí ag chuile dhuine i gConamara, cheapfainn, le ceol tíre, ní as Conamara amháin, ach as chuile háit – ceol tíre Mheiriceá agus Country and Western agus mar sin de. Nuair a bhí mé óg, bhí suim agam i gcónaí i ndaoine ar nós Big Tom, duine de laochra móra na tíre a raibh cáil air ar fud na tuaithe agus go háirithe sa nGaeltacht. Agus ansin nuair a thosaigh John Beag agus na hAncairí ag ceol, rinne siad rud áitiúil den cheol tíre. Agus ar ndóigh, bhí na cumadóirí ann ar nós Tom a’ tSeoighe, Ciarán Ó Fatharta agus Seán Cheoinín a chur an t-ábhar ar fáil. Rinne siad nasc an-nádúrtha idir na hamhráin traidisiúnta agus an ceol tíre. Luigh an fhilíocht agus an ceol tíre isteach go fíor nádúrtha ar a chéile agus ar ndóigh, bhí an t-ábhar áitiúil don chuid is mó. Bhí an-éileamh orthu agus thosaigh daoine ag aithris ar John Beag agus ag leanacht an mhúnla chéanna. Bhí John Beag ag foilsiú ceoil sula raibh muidine agus b’é féin a chur amach an chéad chúpla dlúthcheirnín. Chuir muidne amach ceann nó dhó leis freisin. D’fhás sé sin go mór agus bhláthaigh sé. Ach tar éis naoi nó deich de bhlianta, chiúnaigh sé sin. Le bliain nó dhó anuas, feicim tuilleadh daoine ag filleadh air agus tá sé ag fáil ardán beagáinín níos mó ná mar a bhíodh. Níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint ag an gcúlú geilleagair leis. B’fhéidir go mbíonn níos mó ama ag daoine díriú ar rudaí mar sin. Ar ndóigh, bhain cuid mhór de na hamhráin leis an saol sóisialta ar nós amhráin faoin dífhostaíocht, faoi na bóithre agus faoi na monarchana agus mar sin de. Tá sé deacair a mheas cén treo a rachaidh sé sin sna blianta romhainn amach

Litríocht an Scáileáin

BD: Cén staid ina bhfuil litríocht na Gaeilge faoi láthair?

MÓC: Táim sásta go maith tríd is tríd go háirithe ó thaobh na filíochta de. Sílim go bhfuil cuid de na filí is fearr in Éirinn ag scríobh i nGaeilge. Tá an prós é féin sláintiúil go maith freisin, cé nach bhfuil sé chomh sláintiúil céanna leis an bhfilíocht. An rud is mó atá in easnamha laghad daoine óga atá ag scríobh – faoi 30 nó 35 bliain d’aois fiú. Ar an taobh eile den scéal, tuigim nach féidir brú a chur ar dhaoine dul ag scríobh. Is féidir an tsuim a chothú agus ceardlanna a thabhairt agus tacaíocht a thabhairt. Sílim i ndáiríre go bhfuil baint ag TG4 leis: sé sin, go bhfuiltear ag cur fostaíocht mhaith ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu sna healaíona – ó thaobh scriptscríbhneoirí, aisteoiri, cumadóirí ceoil, lucht ceamara. Sílim go bhfuil go leor fuinnimh dhaoine óga imithe an treo sin – daoine b’fhéidir a d’fhéadfadh a bheith i mbun scríbhneoireachta mura mbeadh a leithéid ar chor ar bith ann. Bheadh súil agam go dtiocfaidh cuid den fhuinneamh sin ar ais arís i dtreo na húrscéalaíochta agus na gearrscéalaíochta. B’fhéidir go scríobhfadh cuid de na scriptscríbhneoirí dráma stáitse nó a leithéid. An rud iontach faoi seo ar ndóigh ná go bhfuil fostaíocht agus slí bheatha ann do dhaoine mar sin. Nuair a thosaigh mise, ní raibh éinne, ach ar éigin, ag maireachtáil ar scríbhneoireacht trí Ghaeilge. Is cuimhin liom an t-aisteoir Macdara O Fatharta ag rá uair éicint, tamall tar éis do TG4 a bheith bunaithe, don chéad uair ariamh go raibh sé in ann slí bheatha a bhaint as a bheith ina aisteoir trí Ghaeilge, rud nach raibh roimhe sin. Bheadh an rud céanna fíor faoi roinnt bheag scríbhneoirí sa lá atá inniu ann.

BD: Cad iad na heasnaimh atá i litríocht na Gaeilge faoi láthair?

MÓC: Bíonn easpaí ann i gcónaí. Tá gá mór ann do litríocht a léiríonn an saol ina bhfuil tú. An easpa is mó a fheicim féin b’fhéidir ná litríocht do dhéagóirí agus ceann de na fadhbanna a bhíonn le sin ná go mbíonn sé ag athrú in aghaidh na bliana beagnach. Athraíonn na nósanna agus na stíleanna agus na hábhair agus an saol sóisialta chomh sciobtha sin. Tá sé an-deacair orainne, agus ar aon fhoilsitheoir, coinneáil suas leis mar bíonn an deacracht teangan ann freisin. Fiú má tá scéal maith agat, b’fhéidir go bhfuil sé rómhaith don déagóir nach bhfuil a ndóthain Gaeilge aige é a léamh. Is deacracht leanúnach é sin. Tá béim go leor á cur le roinnt blianta anuas, i gcomórtais Oireachtais agus mar sin de, ar úrscéalta don phobal agus ar úrscéalta éadroma. Tá gá le sin. Ach ní thagann a oiread sin úrscéalta móra liteartha amach, feictear dom, le roinnt blianta anuas. Bheadh an gearrscéal mar a chéile. Níl sé sin chomh sláintiúil agus a ba mhaith liom é a bheith. Sin iad na príomhréimsí go bhfeicim easnamh iontu ach is cineál dúshlán an-mhór é na bearnaí sin a líonadh.

BD: Is scríbhneoir ildánach thú a chleachtaíonn an prós, an ghearrscéalaíocht, drámaíocht srl., chomh maith le saothair a aistriú. Cén ghné den litríocht is ansa leat?

MÓC: Tá mé ag plé leis an drámaíocht cuid mhaith faoi láthair, ach athraíonn sé sin. Ba mhaith liom filleadh ar an bprós agus ar an ngearrscéalaíocht arís. Baineann sé le saol an duine b’fhéidir – ag tréimhse amháin, bíonn suim agat in ábhar faoi leith. Bhíodh an-suim agam sa ngearrscéalaíocht. Bhain mé triail as úrscéal amháin, ach le deich mbliana anuas is sa drámaíocht is mó atá mo shuim. Ach ar bhealach éicint, bheadh orm a rá nach mbreathnaím ar an drámaíocht mar scríbhneoireacht. Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Ba bhreá liom filleadh i ndáiríre ar an bprós sna blianta beaga romhainn, má fhaighim deis. Ba mhaith liom tabhairt faoi úrscéal uair éicint, ach faighim deacair am a fháil lena aghaidh. Ar chúis éicint, níl mé in ann m’aigne a dhíriú ar ábhar mar a bhíodh. B’fhéidir go mbaineann sé le bheith meánaosta – ach faighim deacair díriú ar an bpeann agus ar an scríbhneoireacht ar feadh tréimhsí fada. B’fhéidir gur orm féin atá an locht agus go bhfuilim róghafa le cúrsaí eile. Tá go leor spéiseanna eile agam seachas an scríbhneoireacht. Arís b’fhéidir gur rud é sin a thiocfas má tá sé le teacht ach faoi láthair, ba mhaith liom a cheapadh go bhfillfinn ar an bprós as seo go ceann cúpla bliain.

Líon Beag Léitheoirí

BD: An bhfuil sé doiligh a bheith ag foilsiú agus ag scríobh leabhair Ghaeilge agus fios maith agat gur dócha nach léifidh mórán daoine iad?

MÓC: Tá sé deacair ar bhealach ach ar bhealach eile scríobhann tú mar go gcaithfidh tú scríobh. Sin an chaoi a mbíonn sé ag ealaíontóirí. Ní roghnaíonn siad a bheith ina scríbhneoiri nó ina gcumadóirí ceoil. Is rud éigin atá ionat a chaithfeas teacht amach agus dá bhrí sin, tabharfaidh tú faoi le díograis. I gcás na Gaeilge, bíonn a fhios agat roimhré nach bhfaighfidh tú mórán íocaíochta as, ach má tá sé ionat, leanfaidh tú ar aghaidh leis ar aon nós. Ní le hairgead a dhéanamh a scríobhann daoine don chuid is mó. Tá daoine ann a dhéanann é go háirid i mBéarla agus fiú i nGaeilge, ach nuair a bhímse ag plé le saothar cruthaíoch dáiríre, is mó a chuirfeadh easpa léitheoirí as dom ná easpa airgid a fháil as an scríbhneoireacht. Ba bhreá liom dá léifeadh daoine na leabhair a scríobhaim. Thabharfainn saor in aisce dóibh iad, dá samhlóinn go gcuirfeadh sé i mbun léitheoireachta iad. Tógaim an scríbhneoireacht chruthaíoch i bhfad níos dáiríre ná rud ar bith eile a dhéanaim. Ón gcéad dréacht den leabhar go dtí an t-am a mbíonn sé foilsithe, tá tú ag caint ar cheithre bliana de ghnáth. B’fhéidir go gcoinneoinn siar leathbhliain é mura mbeadh mé sásta leis. Ní chaithim an cúram sin le rudaí eile a dhéanaim. Dá bhrí sin, ba dheas leat a shamhlú go léifeadh daoine é. Ach arís tá saoirse iomlán ag daoine agus más fearr leo breathnú ar chluiche sacair in áit leabhar le Micheál Ó Conghaile a léamh, bhuel tá an ceart sin acub!

BD: Mar sin, tá an t-aitheantas níos tábhachtaí duit mar scríbhneoir, ar bhealach, ná an t-airgead?

MÓC: Ní hamháin an t-aitheantas, ach a bheith ag déanamh an rud is maith leat agus an rud is fearr chuige thú agus an rud a bhraitheann tú a chaithfidh tú a dhéanamh.

BD: Ar smaointigh tú ariamh ar leabhair a scríobh i mBéarla seachas Gaeilge?

MÓC: Smaoingh mé ar scríobh i mBéarla ach ní bheadh an cumas Béarla agam i gcomórtas le mo chuid Gaeilge. Dá bhrí sin, tá dualgas orm mar ealaíontóir scríobh i nGaeilge, mar tá a fhios agam go bhfuil mé in ann an rud atá mé ag iarraidh a rá a scríobh níos fearr i nGaeilge ná i mBéarla. Dá mbeinn níos fearr ag scríobh i mBéarla, scríobhfainn i mBéarla le bheith fíreannach. Ní le grá teanga atá mise ag scríobh i nGaeilge ach le grá don ealaíon atá idir lámha agam. Ní bheinn ar mo shuaimhneas ag scríobh i mBéarla. Tá roinnt de na scéalta a scríobh mé aistrithe, ach ní thabharfainn féin faoi iad a aistriú. Dúirt cúpla duine liom tráth gur cheart dom tabhairt faoi, mar go mb’fhéidir go dtiocfainn ar tón éicint a bheadh spéisiúil don Bhéarlóir, ach níl a fhios agam faoi sin. Bheadh an baol ann i gcónaí go mbeifeá ag athscríobh rud atá scríofa agat dá mbeifeá féin á aistriú. Ni fheicim mé ag scríobh i mBéarla go deo ach ba bhreá liom dá n-aistreofaí an chuid is fearr dá bhfuil scríofa agam agus go mbeadh fáil níos leithne air.

Bíonn Blas ar an mBeagán

BD: An bhfuil barraíocht leabhar á gcur i gcló i nGaeilge?

MÓC: Tá barraíocht leabhar nach bhfuil rómhaith á gcur i gcló i nGaeilge. Dá mhéid an réimse atá ann is amhlaidh is fearr é, ach san am céanna tá sé tábhachtach go mbeadh caighdeán maith ann ó thaobh ábhar an leabhair, ó thaobh eagarthóireachta, ó thaobh dearadh agus más féidir, ó thaobh díolaíochta agus dáiliúcháin. Sé sin, nuair a thagann leabhar maith amach nach ndéantar neamhaird dó. Tá leabhair á gcur i gcló nach gcuirfeadh muide i gcló ach ansin, cuireann muidne leabhair i gcló nach gcuirfeadh comhlachtaí eile i gcló. Tá muide dian go maith: faigheann muid b’fhéidir 30 scríbhinn sa mbliain agus as sin foilseofar, b’fhéidir, 14 nó 15 ceann. In aghaidh gach leabhar a fhoilsítear, téann scríbhinn amháin ar a laghad ar ais go húdar. Tá a fhios agam go raibh easpa mór leabhair Ghaeilge ann blianta ó shin, ach tá réimse leathan go maith ann anois agus sílim go bhfuil dualgas orainn caighdeán níos airde a bheith againn ná mar a bhíodh ann, b’fhéidir deich nó fiche bliain ó shin. Déanaim amach go bhfuil idir 2,500 agus 3,000 leabhair Ghaeilge i gcló ag an nóiméad seo agus is mó an lón léitheoireachta é sin.

BD: An bhfuil gá le tuilleadh eagarthóirí liteartha mar a bhíodh ann nuair a bhí leithéidí an Chadhnaigh ag scríobh?

MÓC: Tá géarghá le heagarthóirí liteartha, sé sin eagarthóirí a thuigeann an t-ábhar chomh maith leis an teanga. Is scil faoi leith é a bheith in ann scríbhinn a léamh agus a mheas agus dul ar ais chuig an údar agus comhairle a chur air agus an leagan leasaithe nó an tríú nó an ceathrú leagan den leabhar a léamh. Dáiríre, níl mórán eagarthóirí Gaeilge ann seachas an cúpla duine atá ag obair againn féin nó ag An Gúm. Tá cúpla duine á dhéanamh go páirt aimseartha agus go sealadach. Deirtear liom go bhfuil an easpa céanna i mBéarla, creid é nó ná creid. Fadhb eile atá ann ná nach iad go leor de na scríbhneoirí is mó a bhfuil eagarthóir ag teastáil uatha is fearr a ghlacann le comhairle. An rud íoróineach faoi ná go mbíonn na scríbhneoirí maithe i gcónaí ag fiafrú díot: “cén chaoi go bhféadfainn an t-úrscéal nó an cnuasach gearrscéalta seo a fheabhsú?” Bíonn siad ag iarraidh go léifeá an saothar go géar agus go criticiúil agus moltaí a thabhairt dóibh. Bhí an easpa sin i gcónaí ann agus beidh méid áirid de ann. I gcás s’againne, tá eagarthóir lán aimseartha agus eagarthóir cúnta againn.

500 Cóip a Dhíol sa gCéad Bhliain

BD: An bhfuil níos mó scríbhneoirí ná léitheoirí Gaeilge ann faoi láthair?

MÓC: Níl. É sin ráite, tá go leor leor Gaeilgeoirí ann nach léann leabhair Ghaeilge. Ó thaobh díolaíochta de, bíonn muide sásta má dhíoltar 500 cóip de leabhar nua Gaeilge sa gcéad bhliain. Bheadh díomá orainn mura ndíolfaí an mhéid sin. B’fhéidir nach mbeadh díol chomh mór sin ar leabhair acadúla. Bheadh sé spéisiúil liosta a dhéanamh de dhaoine a scríobh leabhair Ghaeilge agus atá beo i gcónaí. Is dócha go dtiocfá ar 200 nó 300 duine, ach ní léitheoirí Gaeilge iad na scríbhneoirí sin faraor. Ba dheas an rud é dá dtabharfadh siad tacaíocht dá chéile agus dá gceannódh siad gach leabhar nua Gaeilge a thagann amach le fiosracht mura mbeadh tada eile ann. Bheadh 200 nó 300 leabhar díolta láithreach bonn. Sa nGaeltacht, áit a bhfuil Gaeilge mhaith ag daoine, ní ann is mó a dhíoltar leabhair Ghaeilge. Díolann leabhair áitiúla ceart go leor, ach má bhíonn úrscéal nó cnuasach gearrscéalta ó údar as áit éigin eile sa tír, ní bheidh éileamh rómhór air. Tá sé an-deacair an scéal sin a leigheas. Tá eisceachtaí ann: leabhar Séamus Ennis mar shampla, ach bhí dlúthbhaint aige le Conamara. Bhí díol mór ar leabhair Liam Mac Con Iomaire ar Bhreandán Ó hEithir agus Seosamh ó hÉanaí, ach arís ba charachtair mhóra Gaeltachta iad siúd. Díolann leabhair Joe Steve Ó Neachtain suas le míle cóip sa gcéad bhliain, ach taobh amuigh de sin is beag leabhar a dhíolann míle cóip. Is cuimhin liom nuair a d’fhoilsigh muid beathaisnéis Mháire Mhic Giolla Íosa agus go bhfuair an leabhar go leor poiblíochta ar fud na tíre. Chuir go leor de na siopaí leabhair sna fuinneoga é agus bhí sé luaite sna nuachtáin Bhéarla chomh maith leis na nuachtáin Ghaeilge. Ainneoin sin agus uile, timpeall míle cóip de a díoladh.

BD: Tá cáil bainte amach agat le dornán blianta anuas mar dhrámadóir. Do bharúil faoi staid na drámaíochta Gaeilge san am i láthair?

MÓC: Tá drámaíocht na Gaeilge in ísle brí faoi láthair. Bhí sé i bhfad níos fearr trí nó ceithre de bhlianta ó shin. Níl An Taibhdhearc ró-éifeachtach faoi láthair. Bhí tine ann agus tá fadhbanna go leor leis an áit, ach tá níos mó ná sin i gceist sílim. Níor léirigh Amharclann na Mainistreach aon dráma Gaeilge le blianta fada. Ní thuigim cén fáth nach mbíonn ceangal níos mó idir na dreamanna atá ag cur drámaí Gaeilge ar fáil (nó na dreamanna a ba chóir a bheith á gcur ar fáil) ar nós An Taibhdhearc, Amharclann na Mainistreach agus Aisling Ghéar i mBéal Feirste. An chaoi a fheicimse é, má tá dráma nua Gaeilge ag An Taibhdhearc, ba chóir go mbeadh Amharclann na Mainistreach ag iarraidh é a thaispeáint i mBaile Átha Cliath, go háirithe gan iad féin a bheith ag léiriú aon dráma i nGaeilge. Ba chóir go bhfaigheadh dráma dá leithéid léiriú in áiteanna eile den tír. Tá géarghá le comhordú a thabharfas cineál aitheantais náisiúnta do dhrámaí nua Gaeilge. Ach tá cúrsaí in ísle brí go mór faoi láthair agus níl a fhios agam cén leigheas atá ar an scéal.

BD: An bhfeicfidh muid dráma de chuid Mhicheal Uí Chonghaile ar an stáitse go luath?

MÓC: Tá mé ag obair ar roinnt rudaí faoi láthair. Tá dráma fada beagnach críochnaithe agam agus tá mé ag iarraidh drámaí éadroma, grinn a scríobh. Is rud é seo a theastaigh uaim a dhéanamh i gcónaí. Thosaigh mé air uair nó dhó cheana agus d’iompaigh na drámai go drámaí dáiríre. Samhlaím go mbeadh éileamh níos mó ar a leithéid i gConamara ná mar a bhí ar dhrámaí eile a scríobh mé. B’fhéidir as seo go ceann bliain nó dhó go mbeadh ceann acu sin ar an ardán. Rud a bheas ar an stáitse sa Taibhdhearc sa bhfómhar ná an leagan Gaeilge a rinne mé de dhráma Jimmy Murphy ‘The Kings of Kilburn High Road.’ Sin dráma a thaitin go mór liom. Nuair a chonaic mé é sa Town Hall Theatre cúpla bliain ó shin, dúirt mé liom féin gur sin dráma gur mhaith liom a aistriú go Gaeilge. Sin dráma gur fiú faire amach dó.

Síscéal i gCead Mon Dieu!

BD: Ba thú a d’fhoilsigh cuid mhaith de shaothair Chathal Uí Shearcaigh agus ní mó ná sásta a bhí tú nuair a baineadh úsáid as a chuid dánta sa chlár ‘Fairytale of Kathmandu’ gan cead a fháil uait?

MÓC: Bhuel bhain siad úsáid as na dánta gan chead th’éis dúinn a rá leo gan iad a úsáid agus th’éis dúinn a rá le RTÉ gur againn a bhí na cearta. Ach thug siad ár ndúshlán agus chuaigh siad ar aghaidh leis, rud a bhí scannalach agus áiféiseach. Lean an scéal ar aghaidh agus bhagair muid an dlí orthu agus rinne siad socrú linn a bhí chun ár sástachta.

BD: Socrú airgid an ea?

MÓC: Ba chuid den socrú é go gcoinneofaí faoi rún é agus tá orm é a choinneáil faoi rún.

BD: An nglacfá leis gur scríbhneoir thú atá ar an taobh amuigh nó ar an imeall? Is i dteanga mhionlaithe a scríobhann tú, agus go minic faoi théamaí a bhaineann leis an homaghnéasachas. Cad a déarfá faoi sin?

MÓC: Ar an imeall de chéard? Braithimse ó thaobh na hÉireann de gur scríbhneoir ón taobh amuigh mé mar gheall go bhfuil mé ag scríobh i nGaeilge mar feicim na scríbhneoirí Béarla agus iad sa pháipéar chuile sheachtain. Is beag aird a thugtar ar scríbhneoireacht Ghaeilge agus mar sin, bheinn go mór ar an taobh amuigh, cosúil le mórán gach scríbhneoir Gaeilge eile, seachas b’fhéidir dornán filí. Ó thaobh ábhar de, ní bhraithim féin go bhfuilim ar an taobh amuigh mar gheall ar ábhar ar nós trasghnéasachas a bhí sa dráma Cúigear Chonamara, ábhar nach mbeadh mórán cainte faoi in aon bheár i gConamara. Ach is cuid de shaol an phobail iad. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nach léann mo chuid scríbhneoireachta leis an bhfonn céanna a léifidís Joe Steve Ó Neachtain mar shampla. Glacaim le sin. Scríobhann tú faoi ábhar ar chúiseanna éagsúla agus i mo chás-sa, bím ag iarraidh rud éigin a scríobh a bhfuil úire ag baint leis, rud éigin nach bhfuil scríofa cheana sa teanga nó nach bhfuil scríofa go rómhinic in aon teanga, rud éigin a bheadh gar do mo chroí agus gar don chnámh mar a déarfá. Ní bhíonn mé i gcónaí ag scríobh le go dtaitneodh an t-ábhar le daoine agus ní bhíonn mé ag scríobh le daoine a shásamh. B’fhéidir go mbeadh sé níos éasca é sin a dhéanamh ó thaobh na scríbhneoireachta de, ach ní bhainfinn féin aon sásamh as sin. Ach chaithfinn a rá freisin, nach scríobhaim ar mhaithe le bheith conspóideach. Ní dhéarfainn gur scríobh mé aon fhocal nó abairt a bhí conspóideach ariamh ach go ndearna daoine eile conspóid, uaireanta, de na rudaí a scríobh mé. Siad na léitheoirí a shocrós cad atá conspóideach inniu. An rud a bhí conspóideach deich mbliana ó shin, níl aon chonspóid ag baint leis inniu. Go deimhin, mar fhoilsitheoir, ba bhuntáiste é sa seansaol dá bhféadfá leabhar a scríobh a bhí conspóideach, ach sa lá atá inniu ann, tá é an-deacair tada a scríobh atá conspóideach. Tá athrú chomh mór sin tagtha ar an saol agus tá a oiread scannal feicthe againn le deich mbliana anuas. Is cuimhin liomsa an chonspóid mhór a bhí ann nuair a d’fhoilsigh Pádraig Standún Súil le Breith beagnach 30 bliain ó shin. Bhíodh go leor de leabhair Phádraig Standún conspóideach agus chun tosaigh ar an saol, ach sa lá atá inniu ann is ar éigin gur féidir a bheith conspóideach, fiú dá mbeifeá ag iarraidh a bheith.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.