AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Ag ligean scíthe i nGaillimh
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Chaith Liz Curtis tréimhse phléisiúrtha i nGaillimh le déanaí.

Íomhá
Verena Commins, boscadóir
Grianghraf le Liz Curtis
Íomhá
Fáncheoltóir taobh amuigh de Thigh Neachtáin
Grianghraf le Liz Curtis
Íomhá
Les Aminches ag seinm i dTigh Chóilí
Grianghraf le Liz Curtis

Beidh sos beag againn an mhí seo ó chúraimí an tsaoil. Inseoidh mé daoibh faoi thuras a rinne mé go Gaillimh ar na mallaibh. Thaitin sé go mór liom, agus cuireann sé ar mo shuaimhneas mé a bheith ag smaoineamh siar air.

Tá cara agam darb ainm Verena Commins atá ina cónaí thíos ansin. Is boscadóir den scoth í Verena - seinneann sí go rialta i seisiúin éagsúla i nGaillimh, múineann sí an bosca, agus téann sí ar camchuairt le ceoltóirí eile. Seinneann sí ar an phianó fosta.

Tógadh thall i Sasana í agus d’fhoghlaim sí a cuid ceoil ansin le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Ach rugadh a tuismitheoirí i gContae Mhaigh Eo, agus an bhrionglóid a bhí ag Verena ná filleadh abhaile go hÉirinn. Mheall Gaillimh í, mar tá méid millteanach ceoltóirí ansin, an chuid is mó acu as áiteanna eile ó dhúchas.

Tá Verena ina cónaí i seanteach faoin tuath anois. Nuair a thug mé cuairt uirthi an chéad rud a chuala mé ná seitreach asal.

"Tá dhá asal agam, " a dúirt Verena. "Is breá liom iad, agus coinníonn siad an féar faoi smacht."

"An féidir liom iad a chur faoi agallamh? " a d’fhiafraigh mé. Chuir mé an cheist sin mar go n-oibrím go deonach anois le stáisiún beag raidió i mBéal Feirste darb ainm Northern Visions Radio (www.northernvisions.org/radio). Stáisiún pobail atá ann a chraolann achan deireadh seachtaine. Tá sé ar fáil do dhuine ar bith ar mian leis clár a dhéanamh. An smaoineamh atá taobh thiar de ná go mbeadh spás ann do ghuthanna atá imeallaithe. B’fhéidir go bhfuil mé ag géilleadh beagán ar an phointe a bheith ag cur asal faoi agallamh, ach ní chluintear a léitheid go minic ar an BBC nó RTÉ.

Is tionscadal suimiúil é an stáisiún raidió sin, dar liom. Triail atá i gceist. Tá 15 cheadúnas tugtha amach ag an Údarás Raidió do stáisiúin mar sin ar fud fad na Ríochta Aontaithe, mar a thugtar air. Mairfidh na ceadúnais bliain amháin agus ansin déanfar éifeacht na stáisiún a mheas. Ansin is dócha go mbunófar córas cuimsitheach agus níos mó stáisiún ann.

Gabhaigí mo leithscéal faoin scéal thairis sin. Ar chuma ar bith, chuaigh mé amach taobh amuigh leis na hasail a chur faoi agallamh. Bhí cara Verena liom - Ali an t-ainm atá air.

Bhí cuma iontach gleoite ar na hasail, lena n-aghaidh fhionnaitheach agus a gcrúba beaga bídeacha. Thug mé cúpla meacan dearg daofa, agus bhí siad an-sásta. "Cnag! Cnag! Cnag!" a chluintear ar an téip. Ach dhiúltaigh siad go hiomlán rud ar bith a rá dom.

"Mhúin mé daofa gan a bheith ag labhairt agus iad ag ithe, " a dúirt Ali, "mar sin níl siad a dhul a labhairt leat. Tá siad múinte mar asail. "

"Cad é an aois atá siad? " a d’fhiafraigh mé.

"Tá an fear liath ag tarraingt ar thríocha,” a d’fhreagair Ali. “Agus níl an duine óg ach bliain go leith d’aois. Deirtear go maireann siad daichead nó caoga bliain."

"Cad é chaithfidh tú a dhéanamh le haire a thabhairt dóibh?"

"Féar a thabhairt daofa, sin a bhfuil ann, agus anois is arís tugann tú rudaí darb ainm cnónna capall daofa. Ansin faigheann tú réidh leis na péisteanna agus na feithidí beaga. Ach seachas sin, ní dhéanann tú ach ligean daofa an féar a ithe. Thig leat iad a fhágáil ar feadh tréimhsí fada. Tá siad iontach múinte agus séimh."

Ansin fuair muid féin greim bia agus léim muid isteach i ngluaisteán Verena agus chuaigh muid go Gaillimh, áit a raibh Verena ag seinm i seisiún i dTigh Neachtáin.

Ballaí buí

Is é Tigh Neachtáin an teach tábhairne is sine i nGaillimh agus sin go díreach an chuma atá air. Tá ballaí buí ann, smálaithe ag nicitín, is dócha. Tá líon mór cúláisean ann agus iad déanta as adhmad dorcha. Agus bíonn an áit plódaithe le daoine agus cuma orthu nár athraigh siad mórán ó bhí na seascaidí ann.

Sheinn Verena ar an phianó, í ag tabhairt tionlacain do na ceoltóirí eile. Vamping an t-ainm Béarla atá ar an stíl rithimeach pianódóireachta sin. Bhí ceathrar ceoltóirí eile ann, fidléir óg as Perth san Astráil darb ainm Rob Stafford ina measc.

Tá rud iontach déanta ar Rob ar na mallaibh. Chonaic sé grianghraf san Irish Times de theaghlach ón Afganastáin agus iad ag siúl trasna an fhásaigh go dtí ceann scríbe gan aithne, agus a sealúchas uilig leo i mbara rotha. Chinn Rob ar rud inteacht a dhéanamh le cuidiú a thabhairt daofa. Ansin d’iarr sé ar a chairde ar ceoltóirí iad teacht le chéile agus dlúthdhioca a dhéanamh le hairgead a bhailiú.

Tháinig beirt cheoltóirí déag le chéile - mo chara Verena ina measc - agus thaifead siad dlúthdhiosca den scoth darb ainm "From West to East - Live Sessions". Tá sé le fáil trí Chló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) ar chostas €20. Bronnfar an brabús uilig ar an Chrois Dhearg Idirnáisiúnta.

Rud deas eile a tharla agus mé i nGaillimh. Ní bhím róthógtha le tithe tábhairne de ghnáth, mar is annamh a ólaim, agus ní maith liom an méid toite a bhíonn iontu. Ach tráthnóna amháin chuala mé fuaim ceoil ag teacht amach as Tigh Chóilí. Sin teach tábhairne a bhfuil clú agus cáil air de bharr an mhéid ceoil a bhíonn ann.

Isteach liom agus cé a bhí ann ach grúpa ceoltóirí as Normandy sa Fhrainc. Ní chreidfeá chomh bríomhar is a bhí siad, agus iad ag seinm ceoil agus ag rá amhrán go fiáin flúirseach. Tugtar Les Aminches orthu (lesaminches@libertysurf.fr). Seinneann siad ceol Rúiseach, Giúdach agus Francach. Chruthaigh siad atmaisféar iontach an tráthnóna sin, agus chuir siad achan duine ag gáire agus ag bualadh bos.

Is saoririseoir agus craoltóir í Liz Curtis. Is as Sasana ó dhúchas í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.