108
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.
»»»Ar mhaith leat gabháil chun na Fraince ar Erasmus? Má théann, an mbeidh rang teagaisc nó léacht acu romhat, nó an mbeidh siad ar stailc? An mbeidh meas ar do chuid pointí creidmheasa nuair a fhillfeas tú? Tá an scéal ar fad ag PJ Mac Gabhann thall i bPáras dúinn.
»»»Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gort a’Choirce agus Dún Lúiche.
»»»Is beag úsáid a baineadh as an bhFaróis ar feadh cúig chéad bliain ach d’éirigh le muintir na tíre an teanga a athbheochan breis is céad bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Chaoimhe Nic Giolla.
»»»Chuir sé neart iontais ar Bhalor nuair a thosaigh ceannaire an DUP ag labhairt Gaeilge leis le gairid.
»»»Samhlaíonn Breandán Delap na daoine a d’fhéadfadh a bheith san áireamh sa chéad chomhaireacht eile faoi stiúir Thaoiseach úr na tíre.
»»»Smacht na gealtlainne atá ag déanamh buairimh do Robert McMillen, nó is cosúil go bhfuil Céad Aire Thuaisceart Éireann bailithe ar mearbhall uile go léireach.
»»»Tá cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí. Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.
»»»Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.
»»»Measann Robert McMillen go bhfuil Sinn Féin an-sásta leis an treo ina bhfuil cúrsaí ag dul sna Sé Chontae agus go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag go leor de bhaill an pháirtí ar an Bhord Póilíneachta, fiú.
»»»Níl rud ar bith níos deise ná a bheith suite le cairde i dteach tábhairne beag deas i gContae an Chláir san iarnóin ag malartú scéalta, ag seinm ceoil agus ag gabháil fhoinn. Ceol binn, comhluadar deas, pórtar fuar dubh agus gan cúram ná cás ar éinne. Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
»»»Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán [i]Lá Nua[/i] ar an dé deiridh. San alt seo, agus sa cheann ina dhiaidh, pléitear an ghéarchéim a ndeachaigh an nuachtán tríthi agus caitear súil ar an mhargadh deacair ina bhfuil sé ag feidhmiú. Sa chéad alt seo, pléann Máirtín Ó Muilleoir, foilsitheoir an nuachtáin, an plean ar thángthas air leis an fhoilseachán a tharrtháil.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag súil go mór leis an tsraith nua de “Laochra Gael”, a chraolfar ar TG4 go luath.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.