AR NA SAOLTA SEO
An Taoiseach: Enda Kenny
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Samhlaíonn Breandán Delap na daoine a d’fhéadfadh a bheith san áireamh sa chéad chomhaireacht eile faoi stiúir Thaoiseach úr na tíre.

Íomhá
An Taoiseach agus an Tánaiste
Íomhá
An tAire Cosanta agus Mara, Seán Barrett TD
Íomhá
An tAire Airgeadais, Ruairí Quinn TD
le Scoláire ar Vicipéid
Íomhá
An tAire Dlí & Cirt, Pat Rabbitte TD
Íomhá
Ionad oibre úr ag Éamon Gilmore
Íomhá
An Leas-Cheann Comhairle, Donncha Mag Fhionnaile TD

An Taoiseach: Enda Kenny

Aistriú ó athair an tigh go máistir na tíre. Tháinig sé slán as gach cor agus lúb. Tá uair na cinniúna in achomaireacht dó.

An Tánaiste agus tAire Oideachais: Éamon Gilmore

Tá teacht i láthair den scoth aige agus gean an phobail saothraithe aige. Cuirtear ina leith go minic, áfach, nach bhfuil sé ar a chumas feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa. B’fhéidir go bhfóirfeadh sé dó a bheith saor ó laincis geilleagrach mar atá ag an Tánaiste reatha.

An tAire Airgeadais: Ruairí Quinn

’Sé taithí a dhéanann máistreacht agus bheadh Ruairí Quinn ar a sháimhín só dá bpillfeadh sé ar a sheanchúraimí. Ní bheadh an eagla chéanna air cinnidh chrua a ghlacadh an iarraidh seo, óir nach móide go seasóidh sé iarraidh eile don Dáil. Beidh a cheapachán mar Aire Airgeadais inghlactha do Fhine Gael, rud nach bhféadfaí a rá faoi bhaill eile den Lucht Oibre a shantaíonn an post.

An tAire Seirbhís Phoiblí: Michael Noonan

Tá sé mar rún ag Fine Gael cúram na seirbhíse phoiblí a dheighilt ón Roinn Airgeadais agus má ghéilleann siad an aireacht Airgeadais don Lucht Oibre beidh an roinn nuacheaptha seo mar chúiteamh acu. Fear deisbhéalach é Noonan agus tá sé de bhua aige go dtig leis dul i ngleic go han-ghasta le fadhbanna agus le dúshláin úra. Bheadh sé le cur i mbun na Roinne Gnóthaí Eachtracha ach gur fearr leis a bheith níos deise do bhaile de bharr drochshláinte a mhná.

An tAire Comhshaoil: Phil Hogan

Beidh sparánacht fhairsing ag an Roinn seo agus is post fóirsteanach é do Theachta tuaithe. Tá taithí, fhada Phairliminte ag Hogan cé gur tháinig deireadh borb lena sheal mar Aire Sóisir dornán blianta ó shin. Dílseoir don cheannaire is ea é agus gheobhaidh sé a luach saothair dá bharr.

An tAire Sláinte: Joan Burton

Beidh sí diomúch má fhágfar ar leataobh í nuair a bheas post an Aire Airgeadais á líonadh. (Ní bheadh Fine Gael iomlán ar a socracht léi i mbun an státchiste.) Bronnfar an duais bhreá sóláis seo uirthi ina éiric ach beidh cinnidh chrua le glacadh aici. Dálta an Aire Sláinte reatha, Mary Harney, tá seans maith ann gurb é seo a geamh deireanach sa Dáil, rud a bheas ina bhuntáiste san ‘Angola’ seo d’aireacht.

An tAire Gnóthaí Eachtracha: An Dr. James Reilly

Beidh Reilly buartha muna bhfágfar an Roinn Sláinte faoina stiúir, ach bíonn comhréiteach riachtanach agus comhrialtas á chur i gcionn a chéile. Ach is léir ó stair na tíre nach bhfóireann an aireacht sláinte do dhochtúir. Tá an loinnir bainte cuid mhaith ón Aireacht Gnóthaí Eachtracha ó réitíodh fadhbanna an Tuaiscirt ach tá urraim áirithe aige go fóill i gcomhthéacs na hEorpa.

An tAire Dlí agus Cirt: Pat Rabbitte.

Tabharfar an nod anseo do Rabbitte thar Alan Shatter ó Fhine Gael agus a chomhleacaí féin, Joe Costello. Duine fíorábalta ó thaobh cur i láthair agus cumas argóna é Rabbitte. Neosfaidh an aimsir an n-éireoidh leis beart a dhéanamh de réir briathair.

An tAire Fiontar agus Fostaíochta: Richard Bruton.

an-tuiscint ag an Teachta Bruton ar an gheilleagar. Bronnfar an cúram tábhachtach seo air leis an chonairt inmheánach atá ar thóir fola an Taoisigh a cheansú.

An tAire Talamhaíochta: Willie Penrose

Tá vóta pearsanta an-ard saothraithe aige le fada i gCo na hIarmhí. Lena chois sin, tá céim sa talamhaíocht aige. Beidh tábhacht ag baint lena cheapachán do Theachtaí tuaithe an Lucht Oibre.

An tAire Turasóireachta agus Ealaíona: Deirdre Clune

Beidh ar Fhine Gael cothromaíocht inscne agus tíreolaíochta a chur san áireamh nuair a bheas an chreach á dáileadh. Sásóidh Deirdre Clune an dá riachtanas sin. Ach i ndeireadh ama, is post fíoríseal atá ann.

An tAire Leasa Shóisialaigh agus Pobail: Jan O Sullivan

Cinneadh é seo a bheas idir beirt Mhuimhneach agus a comhleacaí Kathleen Lynch san áireamh fosta. Tabharfar tosaíocht don tSúilleabhánach, áfach, mar gheall ar an tréimhse fhada atá caite aici sa Dáil agus ar an tuiscint atá aici ar fhadhbanna sóisialta na tíre. Níor mhaith le ceannaire a Pháirtí, Éamon Gilmore, go mbeadh sé le rá faoi go bhfuil sé róbháúil leo siúd a bhíodh ina chuideachta sa Daonlathas Clé, tráth dá raibh.

An tAire Iompair agus Fuinnimh: Arthur Spring

Beidh an Teachta nuathofa seo as Ciarraí Thuaidh ar an aon duine úr a gheobhaidh ardú céime. Tá dintiúirí maithe aige agus é fáiscithe as an pholaitíocht mar a bhí a mhuintir roimhe. Tá sparánacht fhlaithiúil tiomnaithe don roinn seo, d’ainneoin an bhróg a bheith ag teannadh orainn.

An tAire Cumarsáide, Tuaithe agus Gaeltachta: Frank Feighan

Tabharfar tús áite dó thar a chomhleacaí, Fergus O Dowd (ainneoin Gaeilge a bheith aigesean!) de bharr a dhílseacht do Kenny. Cuirfidh a cheapachán an-olc ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach is tábhachtaíshaoiste an riachtanas atá ann freastal ar mhórtheaghlach an iarthair. Thiocfadh leis an Taoiseach úr breis olc a chur ar Ghaeilgeoirí, ar ndóigh, trí chúram na Gaeltachta a ghlacadh air féin agus é a bheith mar Aireacht Stáit taobh istigh de Roinn an Taoisigh.

An tAire Cosanta agus Mara: Seán Barrett

Tá sé ag feidhmiú faoi láthair mar urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Eachtracha ach drochsheans go gceapfar sa Roinn sin é. Ina áit sin, d’fhéadfaí go mbronnfaí an post fíoríseal seo air (a bhaist a iar-leathbhádóir i nDún Laoghaire, David Andrews, ‘the Minister for Fish and Ships’ air!) Is dócha ná a mhalairt gur cheapachán ghearrthréimhseach a bheas anseo. Ó tharla Barrett a bheith ag dul anonn i mblianta, thiocfadh dó go dtabharfaí ísliú céime dó ag an bhriseadh meántéarma.

Poist Eile

Príomh-Aoire an Rialtais: Alan Shatter

Post é seo a thugtar go hiondúil do Theachta ón ardchathair de bharr an mhéid ama a bhíonn le caitheamh thart fá Theach Laighean. Leanfaidh sé liodán d’iar-Theachtaí ó Bhaile Átha Cliath Theas - ar nós John Kelly, Séamus Brennan agus Tom Kitt - a bhí i mbun an chuspóra seo.

An tAire Leanaí: Róisín Shorthall

Beidh an Teachta as iar-Thuaisceart Bhaile Átha Cliath breá sásta leis an aireacht shóisireach seo cionn is gur dócha go mbeidh cead aici freastal ar chruinnithe comhaireachta. Tá seal fada curtha isteach aici mar chúlbhinseoir agus tá an-chur amach aici ar imeachtaí sóisialta agus clainne. Fóirfidh an post seo i gceart di agus ba chóir go rachadh sí i bhfeidhm go mór ar an phost.

An Ceann Comhairle: Brendan Howlin

Rachaidh sé i gcionn go réidh sa chúram seo de bharr seal a bheith caite cheanna aige ina Leas-Cheann Comhairle. Tá gaol maith oibre aige le Fianna Fáil rud a bheas cuidiúil agus ómós uilepháirtíoch a bheith á shaothrú ag an Chathaoirleach.

An Leas-Cheann Comairle: Dinny McGinley

Sa chás go seasfaidh sé babhta amháin eile (agus ó tharla Pádraig Mc Cormack a bheith dulta ar féarach) beidh aitheantas le fáil ag an seanfhondúir agus Gaeilgeoir líofa i ndeireadh thiar thall. I gcás nach mbeadh an Teachta McGinley ag fearadh toghcháin iarraidh eile, b’fhéidir go mbronnfaí an cúram ar Ghaeilgeoir eile de chuid an páirtí – Fergus O’Dowd.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.