AR NA SAOLTA SEO
Jim Larkin feicthe i dteach tábhairne!
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí. Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.

Íomhá

Staonadh ón ól - b’in an soiscéal a bhí ag Larkin, an fear a bhunaigh an Irish Transport and General Workers Union i 1908 agus a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath i 1913.

Rugadh in Combermere Street, Learpholl é i 1876 (nó i 1874, de réir chlár breitheanna, póstaí agus báis pharóiste Naomh Pádraig in Park Road, Learpholl) agus tá an-mheas ag muintir na háite air go fóill. Tá sráid darb ainm Jim Larkin Way sa chathair agus tá taispeántas buan sa mhúsaem faoi, leis an mionsamhail a rinne an t-ealaíontóir Oisín Kelly le haghaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Agus bíonn an Jim Larkin Republican Flute Band (www.jimlarkinrfb.com) le cloisteáil amuigh ar na sráideanna go minic.

Anois tá múrmhaisiú péinteáilte ag David Jacques sa Newz Brasserie in Water Street i lár na cathrach. D’aontaigh Jacques liom nuair a dúirt mé leis go bhfuil sé íorónta go bhfuil an múrmhaisiú suite os cionn an bheáir ach dúirt sé liom:

“Bhí mé ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiúil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine ábalta labhairt fúithi agus iad amuigh don oíche.” Ní thiocfadh leat na pictiúirí aicrileacha ar línéadach a chailleadh mar go bhfuil siad chomh mór sin: 12 troithe x 7 dtroithe. Is é an teideal atá orthu ná “Some Liverpool Radicals”.

Nuair a chuir mé féin ceist ar chuid do na custaiméirí faoin mhúrmhaisiú agus mé ag glacadh grianghraf de, ba léir go raibh siad an-sásta leis agus gur thuig siad cad é a bhí ann.

Dugaire a bhí in athair David Jacques, agus b’as Loch Garman a sheanathair. “Irish Emigrants Entering Liverpool” an teideal atá ar phictiúr eile de cuid Jacques agus tá sé sin le feiceáil i nDánlann Walker i Learpholl. Níor briseadh an ceangal atá aige le hÉirinn riamh - beidh taispeántas aige sa Gasworks Cultural Centre i nDoire ó 2 Lúnasa mar chuid den fhéile sa chathair sin.

Rinne Jacques staidéar sa Chelsea College of Art agus tá sé seacht mbliana is tríocha d’aois, dala a chara, Paul Flanagan, úinéir an Newz Bar.

Rud íorónta eile faoi Larkin agus an deoch mheisciúil: deich mbliana ó shin, nuair a bhí muintir na háite ag iarraidh plaic a chur suas dó in Combermere Street, áit ar rugadh Larkin, fuair siad amach nach raibh ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid: teach tábhairne. Agus ar bhinn an tí sin atá an phlaic suite anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.