AR NA SAOLTA SEO
Sinn Féin ar a suaimhneas
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Measann Robert McMillen go bhfuil Sinn Féin an-sásta leis an treo ina bhfuil cúrsaí ag dul sna Sé Chontae agus go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag go leor de bhaill an pháirtí ar an Bhord Póilíneachta, fiú.

Íomhá
Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams
Íomhá
Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Peter Hain

Tá sé bliain ó chuaigh Séanna Walsh ar an teilifís le hinse don saol mór go raibh feachtas armtha an IRA thart. Dar ndóigh, i gCalm seo na nDoldrama ina bhfuil tuaisceart na hÉireann suite, níor léim polaiteoirí ar an ardán a bhí fágtha ag an IRA i ndráma fuilteach na dTrioblóidí.

díomá i ndiaidh díomá fulaingthe ag pobal na Sé Chontae ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach is léir nach bhfuil an fál go haer ag cur isteach ar na poblachtánaigh.

In agallamh a foilsíodh san Irish News ag deireadh mhí Iúil, dúirt uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, go raibh gach dualgas a cuireadh orthu comhlíonta ag na poblachtánaigh. Leoga, dúirt Peter féin an rud céanna. “Níl coiriúlacht ‘eagraithe on lár’ ar siúl níos mó,” ar sé. “Sa mhéid sin, tá an IRA ag comhlíonadh na ngealltanas a rinne siad mí Iúil seo caite, ní hamháin maidir le deireadh a chur le gníomhaíocht pharaimíleatach ach maidir le stop a chur le coiriúlacht.”

Mar sin, tá Sinn Féin ar a suaimhneas leis an treo ina bhfuil cúrsaí ag dul, fiú más fadálach é an dul chun cinn.

Anois, níl le déanamh acu ach smacht a choinneáil agus fanacht ar an pholaitíocht aontachtach inphléascadh mar gheall ar a chontrárthachtaí inmheánacha.

Sin cuid dá straitéis sa ghearrthéarma.

Chuir mé agallamh ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna rialta i bpróiseas na síochána agus bhí mé ar buile nach raibh poblachtánaigh sásta níos mó a dhéanamh ar son na n-aontachtaithe. Bhí mé feargach leis na haontachtaithe nach dtiocfaidh leo muinín a bheith iontu féin, nach raibh siad in ann gan a bheith diúltach. Nuair a bhuail mé le hAdams, bhí dea-aoibh air. Labhair muid fán pheil Ghaelach, fán Ghaeilge, fá Thír Chonaill. Géarchéim? Cén ghéarchéim?

Níor thuig mé cén fáth nach raibh Adams chomh feargach is a bhí mé féin. Chuala mé daoine ag rá gur cuid de straitéis Shinn Féin é go mbeadh géarchéim ann le go dtiocfadh leo an locht a chur ar gach dream eile.

Rinne Adams sin san agallamh is déanaí uaidh. Luaigh sé an PSNI agus Arm na Breataine, atá fós gníomhach sna Sé Chontae. Luaigh sé na grúpaí paraimíleatacha dílseacha atá chomh contúirteach anois is a bhí siad riamh. Luaigh sé na grúpaí easaontacha ar thaobh na bpoblachtánach. Luaigh sé na páirtithe polaitíochta aontachtacha agus an síordhiúltú páirt a ghlacadh i gcainteanna le poblachtánaigh.

Tá Sinn Féin ar an talamh ard morálta, dar leo féin. Tá cibé a iarradh orthu curtha i gcrích acu – dá fhadálacht é. Scrios siad Páirtí Aontachtach Uladh agus David Trimble – agus tá siad anois ag fanacht leis na chéad scoilteanna i monailit an DUP a fheiceáil (agus tá siad le feiceáil cheana), agus iad ag baint suilt as na bagairtí atá Peter Hain a dhéanamh.

Iarrachtaí amaideacha Ní hé go bhfuil Sinn Féin saor ó chonspóid. Tá ceist na *Disappeared *sna ceannlínte arís; tá déistin go fóill ar dhaoine fá dhúnmharú Robert McCartney, agus níor imigh ceist robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá a fhios agat! Ach tá iarrachtaí amaideacha á ndéanamh ag a naimhde dochar a dhéanamh do Shinn Féin. Mar shampla, thug gníomhaí de chuid na Breataine iarraidh a chruthú gur spiaire de chuid MI5 a bhí i Martin McGuinness! Deargsheafóid.

Measann tráchtairí gurb í ceist na póilíneachta an ceann is deacra ag páirtí Adams. Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.

Ach mar thoradh ar na cainteanna idir Kelly agus an PSNI, ní raibh saighdiúirí na Breataine le feiceáil ar na sráideanna, níor tógadh na fálta móra a bhíonn ann leis an dá dhream a scaradh óna cheile agus bhí an mórshiúl síochánta.

Anois, is féidir le Sinn Féin na buntáistí a bhaineann le déileáil go díreach leis na péas a thaispeáint dá lucht tacaíochta. Is mian leo go gcuirfear athruithe móra i gcrích sula mbeidh siad sásta páirt a ghlacadh sa Bhord Póilíneachta agus tionchar níos mó a bheith acu ar chúrsaí póilíneachta ar mhaithe lena lucht tacaíochta. Beidh sé níos fusa an teachtaireacht sin a dhíol leis an phobal náisiúnach mar thoradh ar chainteanna Kelly.

Mar sin, tá smacht ag Sinn Féin ar an dul chun cinn náisiúnach ó thuaidh. Ní iontas ar bith é go bhfuil Gerry Adams ar a shuaimhneas.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.