AR NA SAOLTA SEO
An Fóidín Meara
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Smacht na gealtlainne atá ag déanamh buairimh do Robert McMillen, nó is cosúil go bhfuil Céad Aire Thuaisceart Éireann bailithe ar mearbhall uile go léireach.

Níl insint béil air go bhfuil Peter Robinson fós ina phost. Dá n-abródh Martin McGuinness, no Alex Salmond nó Enda Kenny an méid a bhí le rá ag Robbo faoi Mhoslamaigh an tseachtain seo, bheadh sé ina raic.

Ach tá sé inghlactha go dtabharfadh Céad Aire Thuaisceart Éireann tacaíocht do ‘thréadaí’ bunchreidmheach, Pastor James Mc Connell, a mhaígh gur ‘mianach an diabhail’ a bhí san Ioslám. D’fhéadfá a mhaíomh go raibh sé de cheart aige na gnéithe sin d’Ioslám atá uafásach i súile gach duine eile seachas bunchreidmhigh Mhoslamacha a cháineadh - cás Meriam Ibrahim, a daoradh chun báis i ndiaidh dá leanbh theacht ar an saol i gcarcair agus í ceangailte le slabhra cionn is gur iompaigh sí ina Críostaí mar shampla, cé go bhfuil sé fógartha go scaoilfear saor í roimh i bhfad. Ach lean an tréadaí ar aghaidh ag maslú gach Moslamach. ‘Deir daoine go bhfuil Moslamaigh maithe ann, ach níl muinín agam astu,’ arsa Mc Connell. Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoiAibhneacha Fola’ a thabhairt ach a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.

Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte

Mhaígh Mc Connell gur ghéill rialtas na Breataine do chilliní an IRA cionn is go raibh eagla orthu roimh fheachtas eile buamála agus go ndéanfadh rialtas Westminster an rud céanna le Moslamaigh agus an dlí Sharia a thabhairt isteach ar fud na Breataine. Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart. Ní bheadh muinín ag Robinson i sceimhlitheoirí Moslamacha (yep, dúirt sé sin) ach bheadh muinín aige i lucht leanúna Mohamed dul chun na siopaí agus an briseadh ceart a thabhairt dó. Seo Céad Aire Thuaisceart Éireann ag caint. Is é Céad Aire Thuaisceart Éireann fós é.

An lá dár gcionn, rinne sé leithscéal poiblí - nach raibh ina leithscéal ag rá - dá (sea, dá) mbeadh Moslamaigh maslaithe go ndéanfadh sé leithscéal. Chuir baill an Ionaid Ioslámaigh i mBéal Feirste cuireadh ar Robinson bualadh leo ag an Ionad agus b’ansin a rinne sé leithscéal príobháideach leo, leithscéal ar glacadh leis.

Ach níor dhúirt sé rud ar bith go poiblí a chuirfeadh in iúl go raibh sé dáiríre. Sa ráiteas a d’eisigh sé, duirt sé gur mhór aige ionchur an phobail Ioslámaigh do shochaí na Sé Chontae ach sa ráiteas céanna dúirt sé go gcosnódh sé ceart James Mc Connell Moslamaigh a mhaslú.

Ní fiú faic focail an Chéad Aire. Seo an fear a d’fhan ina thost nuair a bhí na círéibeacha a bhain leis na bratacha ar siúl; atá ina thost faoi drochthionchar an UVF in oirthear Bhéal Feirste; faoi sheafóid Twaddell. Tá smacht ag na gealta ar an ghealtlann.

Achan Fhear Níos Mire ná a Chéile

Le tamall rófhada, tá muid ag plé le daoine atá craiceáilte as a meabhair mar a bheadh saoithe iontu. Níl rud ar bith dearfach le tairiscint ag leithéidí Wille Frazer agus Jamie Bryson don tsochaí seo. I dtír ar bith forbartha, bheadh siad caite ar leataobh chuig imeall na mire. Éist le cuid de cheannairí na ndílseoirí agus aithneoidh tú ar an toirt go raibh an t-oideachas ina ualach róthrom orthu. Is cineál aichearmhaoile é dílseoir intleachtúil. Ní ag déanamh beag de na daoine atá mé - cuid de na daoine is cliste dá bhfuil agus dá raibh aithne agam orthu, ba bheag oideachas foirmeálta a bhí orthu - ach don easpa físe uilegabhálaí den domhan thart orthu a léiríonn siad. Nuair a deir ceannairí d’aicme go bhfuil tú níos fearr ná dream ar bith eile agus nár cheart muinín a chur i ndream ar bith eile, ní fhéadfá a bheith oscailte do bhealaí eile smaointeoireachta ar an domhan.

Ó cuireadh deireadh leis an réimeas aonpháirtí Aontachtach i Stormont i 1972, ba é an dóchas a bhí ag liobrálaigh ná go n-eascródh rialtas oscailte, daonlathach, ceadaitheach as na hiarsmaí. Cinnte, bhí go leor eile a bhí ag iarraidh go bhfanfadh gnóthaí mar a bhíodh, agus bhí olltionchar na hEaglaise go mór i réim i sochaí a bhí thar a bheith coimeádach. Tá an ‘cheist náisiúnta’, an ‘gnó nach bhfuil críochnaithe’ ann i gcónaí ach, anuas air sin, tá ceisteanna le cur faoin chineál tsochaí a bheadh i réim i gcibé comhshocrú bhuan a dtiocfar air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.