146
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo. Beidh ré an leabhair nóta ag téaltú leis feasta. Sluafhoinsiú a bhí ar bonn ag Roseanne a spreag an macnamh ar Things don Apple agus Remember the Milk.
»»»D’eisigh an boscadóir Páidí Ó Conchúir as Baile Uí Aichir, Cill Áirne i gContae Chiarraí albam nua dar teideal Different State le déanaí. Ceol i dtraidisiún Shliabh Luachra go príomha atá ann. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin dlúthdhiosca nua seo.
»»»Níl fuadar ar bith faoin phróiseas le státseirbhísigh a cheapadh a bheadh ábalta feidhmiú i nGaeilge agus i mBéarla, dar le Breandán Delap
»»»Níl sé soiléir fós cén fáth ar leagadh na buamaí i dteach tábhairne agus i gclub oíche i mBali i lár na míosa seo caite a d’fhág beagnach dhá chéad duine marbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»D’éirigh le Balor agallamh eisiach a fháil leis an aire rialtais atá ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm.
»»»Ag dréim le bronntanas na Nollag ó aicme airgid na Gearmáine atá Balor. Tá sé ag lorg Action Man do Dermot Ahern agus dealbh de Janus do fhuíoll áir an Chomhaontais Ghlais.
»»»Ba thógáil meanman é do go leor daoine Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a bhuachan le déanaí ach ní léiriú é an bua sin, dar le Colm Mac Séalaigh, ar staid na hiomána sa phríomhchathair.
»»»Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. Mhínigh sé do Shinéad Ní Ghuidhir cén fáth a bhfuil sé chomh tógtha sin leis an bhféile.
»»»Seo sliocht as An Geall, úrscéal d’fhoghlaimeoirí le Liam Mac Uistín, a bhfuil foclóirín le fáil ann. Is scéal é faoi fhear óg atá ar an drabhlás ó bhain sé duais mhór sa Lotó agus a bhfuil ag teip ar a shláinte dá bharr. Tugann sé geall go mbeidh sé ábalta a bheatha a shaothrú ar feadh sé mhí gan a bheith i dtuilleamaí ar a chuid airgid. An éireoidh leis nó an bhfillfidh sé ar an drabhlás agus ar an saol bog?
»»»Tá Raidió na Life, an stáisiún raidió Gaeilge atá lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath, ag craoladh gan stop ó bhí 25 Meán Fómhair 1993. Is éacht é seo nuair a smaoiníonn go mbíonn craoltóirí an stáisiúin ar fad ag obair go deonach. Labhair Éamonn Ó Dónaill le bainisteoir an stáisiúin, Fionnuala Mac Aodha, faoina cuid oibre le Raidió na Life agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís san am atá romhainn.
»»»Chaith Liz Curtis tréimhse thaitneamhach i nGaeltacht na hAlban níos luaithe i mbliana.
»»»Tá móroibreacha innealtóireachta pleanáilte ag an Aontas Eorpach ach níl sé i gceist ach fíorbheagán den airgead a chaitheamh in Éirinn. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»An taispeántas ealaíne is mó ar domhan. An té nach dtig leis dul ann i mbliana, gheobhaidh sé tuairim agus ábhar machnaimh faoi in alt seo Chiara Nic Gabhann.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.