AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balorina na Súile Níos Nimhní Fós
Balor Balor Balor

Tá Balor ag sú na gréine san Iodáil faoi láthair ach tá a dheirfiúr óg fágtha i mbun an nimheadais aige.

Íomhá

Ar shiúl chun na hIodáile, ar nós achan darna duine in Éirinn, atá Balor an mhí seo. Ar a chuid laethanta saoire atá sé agus geallann sé dúinn go mbeidh tuairisc iomlán chuimsitheach againn uaidh, an mhí seo chugainn, ar a chuid eachtraí i gCathair na Seacht gCnoc. De réir ghníomhairí rúnda “Beo Ar Éigean” sa chathair ársa eaglaiseach, gur ag caitheamh siar piontaí Chianti atá Balor san am i láthair, i gcuideachta a sheanchara Eoin Pól II. Ní fada gur ag caitheamh aníos an Chianti céanna a bheas an bheirt acu, nó is beag an taithí atá ag ceachtar acu ar rud ar bith eile a ól seachas pórtar dubh na hÉireann i gcás Bhalor, agus fíon milis na haltóra i gcás an bhoic eile.

Ach nach bhfuil an Pápa ar shiúl ar oilithreacht go Ceanada agus Meicsiceo agus áiteanna beannaithe eile? Rún docht daingean é seo, rún nach féidir a scaoileadh le bhur mbeo, rún a chualthas ó ghníomhairí rúnda “Beo Ar Éigean” sa Róimh, rún ar tháinig an foláireamh scanrúil seo leis: “Do Not Repeat This!” Mar sin, níl mé sásta é a rá ach an t-aon uair amháin: Ní hé an Pápa atá imithe ar oilithreacht ar chor ar bith. A mhacasamhail atá imithe!!!

Idir an dá linn - nó “between the two swimming pools”, mar a déarfadh lucht an Bhéarla - tá faighte amach ag gníomhairí rúnda “Beo ar Éigean” nach Balor atá ag scríobh an ailt seo ar chor ar bith an mhí seo. Siocair Fear na Súile Nimhe bheith ar laethanta saoire, tá deirfiúr óg Bhalor, Balorina, ag feidhmiú mar sceach sa bhearna. Balorina atá uirthi agus Ballerina atá inti, nó bhain sí clú agus cáil amach di féin ar fud na cruinne mar bhall den seó iomráiteach ballet, “Puddle Dance”.

“Níl mise leath chomh bog leis an leibide sin ar gnách leis an t-alt seo a scríobh!” a fhógraíonn Balorina go trodach. “Agus tá mo shúilse níos glinne agus níos gangaidí, níos géire agus níos goimhiúlasúilín slim sleaiceáilte Bhalor. Má tá nimh le bheith ann bíodh sé ann, ní sa tsúil amháin ach san fheoil fosta.”

“Mo chéad mhallacht,” a scairteann an t-ábhar caillí, “Mó chéad mhallacht ar pheileadóirí sacair Phoblacht na hÉireann. Liúdramáin phiteogacha iad nach dtiocfadh leo dul níb fhaide ná an darna babhta de Chorn na Cruinne. Cén mhaith dúinne iad a bheith ábalta an liathróid bheag sin a stiúradh fud fad na páirce ar feadh uair an chloig go leith, nuair nach dtiocfadh leo é a chur san áit a raibh sé de dhíth. Ba bheag an mhaith breis agus deich míle díograiseoir ag glacadh an darna morgáiste amach ar an teach agus ag díol a gcuid leanaí le sclábhaíocht le go mbeidís in ann bheith in éineacht leis an fhoireann sa Chian-Oirthear. Ba bheag an mhaith bratach na hÉireann a bheith ar foluain os cionn gach cró agus sciobóil agus botháin ó Chóbh go Málainn. Ba bheag an mhaith máithreacha bochta na tíre bheith ag caitheamh airgead na bprátaí ar gheansaithe Eircom agus FAI dá gcuid muiríní. Lig na fealltóirí síos muid. Mar a déarfadh mo mháthair mhór fadó: ‘Tá an pharóiste náiriste acu!’”

“Agus ós ag caint dúinn ar pharóistí,” a mhaíonn Balorina na Súile Níos Nimhní Fós, “Cad é an cineál ócáide é sin a eagraíodh i bPáirc an Fhionnuisce le fáilte abhaile a fhearadh roimh na peileadóirí? Ní raibh oiread agus sagart paróiste amháin ar an ardán! Oiread agus Sagart cúnta nó Cléireach féin ar an stáitse sin os comhair mhuintir na tíre. Tá a fhios ag an saol mór nach fíorócáid Éireannach é mura mbíonn cúpla sagart paróiste nó cúpla Canónach, nó ar a laghad Monsignor ann le hóráid a thabhairt. Is iad sin na boic a chuirfeadh na himreoirí sacair sin ar bhealach a leasa. Agus ós ag caint dúinn ar scliúchas sin Chorn na Cruinne, meabhraítear domh rud eile a déarfadh mo mháthair mhór fá dtaobh de na piteoga céanna: ‘A chonách sin oraibh, a bhrealláin gan mhaith. Cad é eile a dtiocfadh libh bheith ag dúil leis ach amháin teip, agus sibh ag gabháil do chluichí na nGall!!’”

Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle agus na nGall atá lucht seirbhíse na tíre seo dar le Balorina na Súile Glinne Nimhe. Tá Éire ar an darna tír is costasaí san Aontas Eorpach, de réir tuairisce a foilsíodh ar na mallaibh, díreach céim amháin taobh thiar de Finglas. “Má tá róbhrabach le déanamh, bíodh sé mór,” a deir Balorina na gcos aclaí. “Má tá Enron agus Worldcom ábalta na billiúin de bhrabach fealltach a ghnóthú, níl ann ach dóithín do dhochtúirí na hÉireann an ceann is fearr a fháil air sin. Is iad na dochtúirí is cúis leis an phian sa tóin choiteann chultúrtha náisiúnta atá dá síorfhulaingt ag muintir na hÉireann. Gearrann na ropairí dúchíos orainn ansin le hoideas a scríobh ar Germolene leis an phian a leigheas, rud a chuireann pian sa tóin eile orainn. Bheadh sé chomh maith againn ár gcuid tithe agus tailte a bhronnadh orthu agus a bheith réidh leis.

Focal Scoir ó Bhalorina na Súile Nimhe agus na Tóna Nimhní:

50 céim: Reonn Loch nEachach.

Fágann Éireannaigh slán leis an samhradh.

100 céim: Reonn Sruth na Maoile.

Cuireann Éireannaigh pluid bhreise ar an leaba.

200 céim: Reonn an tAigeán Atlantach.

Lasann Éireannaigh tinte breátha móna.

400 céim: Reonn Ifreann

Tacaíonn Éireannaigh le foireann Shasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.