AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Is leasc le Balor tagairt d’eagarthóireacht na liarlóige seo, ach an té a bhfuil cluas air, éisteadh sé, má tá súil ina bhlaosc, léadh sé agus an té a bhfuil poll ar a chúl, dingeadh sé

Íomhá
Ár gceannaire
(le DonkeyHotey ar Flickr)
Íomhá
Sléibhte Shligigh, nead an tSlua Mhuirí
Íomhá
An Rí, Patsaí Dan Mag Ruairí le gníomhaire faoi choim de chuid Beo ar Éigean
Íomhá
Béal na mBuillí, nead an Lár-Ionad Faisnéise, CIA
Íomhá
Banríon na hÉireann agus Thoraí, Aingeal Mhéar Fhada le Cur Isteach
(ón Creimlinn ar Vicipéid)
Íomhá
'Cloightheach' mar dhea, ach ní fios cad é tá istigh ann

Bhí an-am go deo ag Balor an Bligeard ag an chóisir bhreá a d’eagraigh maithe agus móruaisle na Gearmáine in onóir Bhanimpire na hEorpa, a Mórgacht Aingeal A. Méar Fhada an tseachtain seo a chuaigh thart. Bhí torthaí an ollthoghcháin istigh agus tréimhse ceithre bliana eile bainte ag a Mórgacht mar Bhanríon na Gearmáine agus Impire na hEorpa. Bhí oíche go maidin ag Balor ag ól, ag ibhe agus ag ithe agus ag damhsa lena ghrá geal Aingeal A.– an t-aon bhean san Eoraip atá in ann a cuid sciathán a chur thart ar Bhalor agus é a choinneáil ó imeacht nuair is mian leis. Agus a gcuid sciathán thart ar a chéile bhí siad ag damhsa go mall i lár na hoíche. (Balor agus Aingeal A. a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!)

Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis:

‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol. Anois éist liom go cúramach. Scríobh tú alt an mhí seo a chuaigh thart agus san alt sin chuir tú roinnt ceisteanna ar Cheannaire an CIA, John Owen Brennan – ceisteanna nach raibh sé sásta a fhreagairt; ceisteanna a náirigh é agus a chuir colg agus confadh air. Ní fear é John Owen Brennan a ghlacann le maslaí; agus ní fear é a sheasann siar nuair a thig leis treabhadh ar aghaidh. Tá sé i ndiaidh an focal a scaipeadh i measc cheannairí an domhain, a Bhaloir, a chroí. Mar a deir muintir na hÉireann: “Tá tú frigeáilte!”

Is Fearr Tochas sa Chluais Anois ná Cónra ar Ball

‘Ní hamháin go bhfuil an CIA anois sa tóir ort, ach ní bheidh fáilte romhat in aerfort Mhockba ná i dtír ar bith ar domhan. Patsaí Dan Mac Ruairí an t-aon cheannaire a sheas in éadan an CIA agus a dúirt go neamhbhalbh go mbeadh fáilte romhat ar Oileán Thoraí. Sin mar a bheas an scéal go dtí go ngabhfaidh tú leithscéal le Brennan go poiblí i d’alt sa liarlóg sin a mbíonn tú ag scríobh di.

Idir mé féin is thú féin, a Bhaloir, bhí an locht ar fad, dar ndóigh, ar d’eagarthóir, Seosamh Mac Slua Muirí. Ba chóir go dtuigeadh seisean an priacal a raibh tú ann nuair a d’fhoilsigh sé d’alt. Beidh sé féin i mbaol anois fosta; ach is cuma faoi siúd. Tá seisean ina chónaí áit éigin i measc na gcnoc i gContae Shligigh, agus bheadh eagla ar an CIA dul in aice leis an áit sin. Is fútsa atá mé imníoch, a Bhaloir. Bhí mé ag caint le Ó Bama, ach níl seisean sásta iarraidh ar Brennan cúrsaí a ghlacadh go réidh. Bí cúramach, a Bhaloir. Tarraing siar an méid a scríobh tú, le do thoil, díreach ar mhaithe le d’Aingeal beag álainn. An ndéanfaidh tú sin, a stóirín?’

Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin

Mar sin, a léitheoirí dílse:

Má shíl sibh go raibh Beo Ar Éigean ní ba leimhe fiú ná mar is gnách an mhí seo a chuaigh thart, ní ba mharbhánta, ní ba bheaguchtúla... go raibh rud inteacht ar iarraidh, bhuel bhí an ceart ar fad agaibh: bhí an locht ar fad ar Laoch na Litríochta, Balor an Bhéil Bhinn, an Bhlais Bhlasta agus an Phinn Phrionsapálta. Bhí alt Bhaloir róbhog ar fad ar an fhear a raibh sé dírithe air. Agus anuas air sin, rinne an priompallán sin Seosamh Mac Slua Muirí, an t-eagarthóir, mar a thugann sé air féin, rinne sé alt Bhaloir ní ba bhoige fós, nó tharraing sé amach roinnt de na rudaí a scríobh Laoch na Litríochta faoi . Nach sílfeá go dtuigfeadh An Slua Muirí go dtiocfadh le cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara carthanach comhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda. (Nóta ón Eagarthóir: Seo leithscéal dá ghlacadh, dála an scéil. Seo alt á tharraingt siar, ar eagla nár aithin sibh é.)

Athrú Réimis i mBeo ar Éigean (nó Ruathar Aeir, the Alley Snackbar!)

Siur nach bhfuil a fhios ag an saol mór gur dlúthchairde iad agus Balor le fada fada an lá, ón am ar cuireadh an bheirt acu ar fionraí ó Chumann Fíorghaelach Meiriceánach na bhFíorghaeilgeoirí Fíorghaelacha Meiriceánacha in Washington DC, toisc iad a bheith ró-leathanaigeantach ina n-aigne phoiblí ag an am nár ceadaíodh a leithéid (ach faoi rún). Tá Balor thar a bheith buíoch d’ as an ghearán a rinne sé le ceannairí thíortha an Domhain Thiar faoi Bhalor féin agus go háirithe faoin Slua Muirí. Tá Balor cinnte go bhfoghlaimeoidh sé féin ceacht ón eachtra, cibé faoin Slua Muirí nach bhfoghlaimíonn mórán riamh. Tá Balor iontach buíoch fosta de na mílte léitheoir dile dílse a rinne gearán mar gheall ar nár cuireadh alt na míosa seo a chuaigh thart i gcló ar leathanach tosaigh Beo Ar Éigean, agus a mhaígh go bhfuil tuarastal níos airde tuillte ag Laoch na Litríochta.

Agus, ós ag caint dúinn ar thuarastal, ba mhaith le Balor é a chur ar an taifead nach é an tuarastal an rud is tábhachtaí sa saol. Níl ann ach gur mhaith leis go gcaithfeadh an Slua Muirí leis mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí tábhachtacha a dhéanann iarracht mhacánta; is é atá i gceist ag Balor, i mbeagán focal: an sméideadh beag; an ‘Maith thú hey!’ …agus an t-ardú tuarastail chomh maith, dar ndóigh.

Agus maidir le , bí cúramach, a mhac; tá a fhios ag Balor agus ag muintir chnoic Chontae Shligigh cá bhfuil tú i do chónaí. Alley Snackbar, Alley Snackbar, Alley Snackbar!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.