CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Comhlachtaí creidmheasa ag dul i ngleic leis an gcaimiléireacht
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Beidh cártaí nuachip and PINá n-úsáid go luath in áit cártaí creidmheasa ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, beidh míbhuntáistí áirithe ag baint leo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

An rud is measa faoi bhéile deas a ithe i mbialann go mbíonn ort an bille a íoc ina dhiaidh. Agus níl aon rud níos measa do chárta creidmheasa a fheiceáil ag dul as radharc. Bíonn eagla orm féin i gcónaí go ngoidfear é go ndéanfar cóip de le gléas leictreonach éigin nuair nach bhfuil ag coimeád súil air. na gléasanna seo a chóipeálann na cártaí, ar a dtugtarskimmers”, an-bheag agus siad ag éirí níos coitianta gach bliain, agus bím buartha go n-úsáidfear an teicneolaíocht sin chun mo chuid airgid a ghoid.

Caithfidh nach an t-aon duine atá buartha faoin bhfadhb seo mar na bainc agus comhlachtaí creidmheasa ag caitheamh airgid chun dul i ngleic léi. fada anois go mbeidh córas nuachip and PINi bhfeidhm in Éirinn chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. In ionad a bheith ag brath ar shíniú dhuine chun a chéannacht a chruthú beidh na cártaí nua seo ag úsáid uimhir aitheantais phearsanta, agus beidh micrishlis bheag iontu chun nach féidir iad a chóipeáil go héasca.

Faoi láthair, gach uair a úsáidtear cárta creidmheasa i siopa i mbialann ba chóir go gcinnteodh foireann an tsiopa gurb ionann an síniú a thugtar dóibh ar an admháil agus an ceann atá ar an gcárta. Ach a fhios againn go léir nach dtarlaíonn an chéim thábhachtach slándála sin i gcónaí. Go minic, tugtar an cárta ar ais sula bhfuil an síniú críochnaithe fiú amháin. Cinnteoidh an córas nuachip and PIN” (www.chipandpin.co.uk) nach féidir leis seo tarlú mar baineann an fhreagracht ó fhoireann siopaí agus cuireann gach rud i lámha na teicneolaíochta.

Cuireann an teicneolaíocht seo ar chumas na mbanc agus comhlachtaí cártaí creidmheasa déileáil leis an phríomhshaghas caimiléireachta a tharlaíonn i siopaí: cóipeáil mhídhleathach na gcártaí féin agus daoine a bheith á n-úsáid go mhídhleathach, ag ligean orthu gur leo cártaí goidte.

Faoin mbliain 2005, beidh micrishlis bheag i ngach cárta a chinnteoidh go mbeidh níos deacra iad a chóipeáil. Go dtí seo, is sa stráice maighnéadach ar chúl an chárta a bhí eolas mar gheall ar an gcárta á stóráil. Ach na laethanta seo an-éasca an t-eolas sin a léamh agus a chóipeáil. Go deimhin, cúisíodh daoine in Éirinn le déanaí as gnáthchártaí dílseachtaó ollmhargadh a úsáid chun cóipeanna a dhéanamh de chártaí bainc.

Cumhachtach

an chuma chéanna ar an micrishlis nua seo is atá ar na cinn atá in úsáid i gcártaí fóin (faoi mar atá ag Eircom), ach siad i bhfad níos cumhachtaí. Stórálann siad a lán eolais agus an-deacair an t-eolas sin a chóipeáil. Chomh maith leis sin, ról ag an micrishlis nuair atá céannacht an úinéara á chinntiú.

Nuair a bheidh na cártaí nua seo in úsáid chun earraí a cheannach i siopaí, beidh ar dhaoine gléas beag a úsáid chun a n-uimhir aitheantais phearsanta a ionchur in áit admháil a shíniú. I mbialanna, bheidh ar na freastalaithe an cárta creidmheasa a bhreith leo toisc go mbeidh gléasanna beaga gan sreang acu chun an cárta a léamh in aice leis an gcustaiméir. Faraor, cruthóidh an próiseas nua seo fadhbanna áirithe do dhaoine le míchumas, agus na bainc ag iarraidh freastal faoi leith a dhéanamh orthu siúd. bheidh an córaschip and PINin úsáid le gnó ar líne, agus is cosúil go bhfuil scéimeanna eile á mbeartú chun dul i ngleic le caimiléireacht ar an idirlíon.

Ar ndóigh, dála na n-uimhreacha PIN eile a bhfuil taithí againn orthu, cóir an uimhir nua seo a roinnt le haon duine eile a scríobh síos aon áit. Ach cad a tharlóidh dhéanann dearmad air? Bhuel polasaíthree strikes and you’re outá chur i bhfeidhm - theipeann ar do chuid iarrachtaí an uimhir cheart a úsáid trí huaire as a chéile rachaidh an cártafaoi ghlasagus beidh ort dul i dteagmháil le do bhanc chun go n-oibreoidh arís.

Agus an méid sin uimhreacha agus pasfhocal in úsáid ag píosaí éagsúla trealaimh na laethanta seo, deacair cuimhneamh ar an eolas ar fad. Amach anseo b’fhéidir go mbeidh muid in ann eolas bith-mhéadrach ar nós méarloirg a úsáid chun ár gcéannacht a chruthú, ach níl an teicneolaíocht sin forbartha go leor go fóill. spás curtha ar leataobh ar na micrishliseanna chun eolas breise, sonraí bith-mhéadracha mar shampla, a stóráil san am atá romhainn.

Bhí tuairisc san iris *Physics World *le déanaí faoi thaighde atá ar bun ag fisiceoirí sna Stáit Aontaithe chun daoine a aithint trí anailís a dhéanamh ar a meangadh gáire. Is féidir an t-eolas sin a úsáid mar mhodh céannachta toisc go bhfuil struchtúr na matán ar aghaidh gach aon duine éagsúil.

B’fhéidir nach fada uainn an gur féidir linn meangadh gáire a dhéanamh leis an bhfreastalaí chun íoc as mbéile breá sin.

Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel (www.agtel.ie), comhlacht neamhspleách teilifíse. Bíonn ag obair ar fhíseáin, tionscadail DVD agus suímh ghréasáin do raon leathan eagraíochtaí agus baint aige leis an tsraith teilifíseAn Tuath Nuafreisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.