CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Bás Tobann
Anna Heussaff Anna Heussaff Anna Heussaff

Seo sliocht as Bás Tobann, an chéad úrscéal ó Anna Heussaff, atá á fhoilsiú an mhí seo. Aistríonn teaghlach ó Bhaile Átha Cliath go dtí teach ar chósta an iardheiscirt chun a saol a thosú as an nua agus gnó turasóireachta a bhunú. Músclaítear fiosracht na mná, Aoife, nuair a thagann trasna ar scéal tragóideach in ailt nuachtáin sa teach. Múinteoir óg sa cheantar a maraíodh tamall de bhlianta roimhe sin, nuair a thit le faill. Glacann scéal an nuachtáin seilbh ar Aoife diaidh ar ndiaidh, de réir mar a thagann cúiseanna amhrais is uafáis faoi chun solais. Ach contúirtí i ndán di agus í ag dul i ngleic leis an iniúchadh; agus i ngan fhios fear céile, Pat, bagairtí eile ag méadú ar a ngrá pósta.

D’airigh Aoife creathán fuachta inti féin. Seachtain samhraidh ina saol féin, agus corp mná eile caite ar imeall na farraige, gan fainic foláireamh faighte aici go raibh deireadh a haistir saoil sroichte aici. Bhí éasca di siúd an scéal a léamh go fuarchúiseach, dar léi, agus dearmad a dhéanamh gur cuireadh buillí croí ina dtost. Anáil an tsonais ina stad, bláth na hóige seargtha.

Ach chuir iachall uirthi féin a haigne a dhíriú arís ar na fíricí a bhí roimpi, agus d’fhéach faoi dheireadh ar na focail a bhí breactha i gcúinne an leathanaigh laistigh den nuachtán. I mbloclitreacha a scríobhadh iad, agus bhí rian an phinn luaidhe smeartha le himeacht na mblianta. ‘ACH EILE A BHÍ AR AN nGOB AG AN AM? Agus thíos faoi, an fhocal a chuir tús, ba chosúil, le ceist eile. ‘ CAD - ' Ba dheacair a ar sracadh cúinne an leathanaigh d’aon ghnó trí bhotún. Ba dheacra fós a cad a bhí scríofa ar an mblúire páipéir a cailleadh. ‘ cad faoin duine seo siúd’, agus ainm éigin luaite? ‘ cad a bhí ar eolas...? cad chuige a raibh ar Ghob na Caillí in aon chor?

Ceisteanna iomadúla, nach raibh freagra ar bith le fáil orthu. raibh a fhios ag Aoife, fiú, an i gcófra i dtarraiceán a bhí an nuachtán ina luí ar feadh na mblianta, cén seomra inar coimeádadh é. Stán amach an fhuinneog. Bhí imlíne an chnoic ar chúl an le feiceáil aici faoi sholas na gealaí. Bhí an gairdín thíos fuithi dubh, dorcha, agus scáil an ina luí air. Ach sa ghort lastuas de, bhí cruthanna dubha le feiceáil ag corraí go bog faoin ngaoth, sceacha aitinn a nochtadh ó am go chéile nuair a scar na scamaill go hard sa spéir.

D’airigh Aoife go raibh a cuid céadfaí ar fad ar tinneall, agus í ag féachaint amach ar an doircheacht. Chuimil a méara ar an nuachtán tirim a bhí ina glaic. D’ardaigh an páipéar lena leiceann, á shlíocadh go bog, mall. Bhí pollairí a sróine ag oibriú, dar léi, b’in mar a shamhlaíodh iad nuair a bhíodh boladh an amhrais le baint aici uirthi as rud éigin a bhí léite cloiste aici.

Bhí an teach ciúin. Ró-chiúin, dar léi, agus í ina seasamh ag an bhfuinneog, a cuid smaointe agus an méid a bhraith thart uirthi ag imirt ar a chéile. Ba í seo an chéad uair di sa bhaile istoíche gan Pat ina comhluadar, ó chuir siad fúthu sa Ghlaisín, agus chuir iontas ar Aoife chomh folamh is a bhraith an áit. Bhí an bheirt pháistí ina gcodladh, agus raibh a nguthanna a gcomhluadar ag teacht idir í agus an ciúnas.

Bhí deacair, dar léi, dul i dtaithí ar theach a bhí scoite amach leis féin. I mBaile Átha Cliath, bhí a dteach cuachta go cluthar i measc na gcomharsan, sraith tithe ag tacú go dlúth le chéile. Bhí an teach seo ina sheasamh ina aonar, gan fál cosanta idir é agus an saol mór dorcha lasmuigh. Gach fothram gíoscán a chuala , d’fhiafraigh di féin cad ba chúis leis.

Nuair a bhíodh cónaí uirthi sa chathair, bhíodh ag tnúth le ciúnas na tuaithe. An tost mar a bheadh brat teolaí fillte ina timpeall, seachas an tsíorgheonaíl a bhíodh ina cluasa i mBaile Átha Cliath. Trácht na ngluaisteán ag dul thar bráid, agus daoine ag scairteadh ar a chéile is iad ar a slí abhaile ón tabhairne ag meán oíche. Cloig rabhaidh ag preabadh trí bhotún, gan gadaí ar bith á gcur ar siúl. Sianaíl ghéar ghlórach uathu, a leanadh leathuair shíoraí i lár na hoíche. Otharchairr ag scréachaíl, héileacaptar na nGardaí ar faire, an spéir á líonadh aige le torann. Pléascáin de gach sórt a cheannaítí Oíche Shamhna, is gleo cogaíochta uathu ar fud na comharsanachta ar feadh an fhómhair ar fad.

Bhí áthas ar Aoife éalú ó ionsaí na cathrach ar a cluasa, raibh aon amhras uirthi faoin méid sin. Ach thógfadh tamall uirthi dul i dtaithí ar an easpa fuaime. D’fhág an seomra tranglaim ar deireadh, agus chuaigh ag triall ar sheomraí na bpáistí, chun a chinntiú go raibh siadsan ina sámhchodladh. Léim a croí de phreab cúpla uair nuair a chuala cliotaráil na gaoithe ag fuinneog, macalla a coiscéime féin ar na cláir loma adhmaid. Rachaidh a luí go luath, a dúirt léi féin, agus cuirfidh an raidió ar siúl in aice liom. Fillfidh pluid na leapa mórthimpeall orm, seachas a bheith ag éisteacht le clóca ollmhór na hoíche ag siosarnach.

Chuir uirthi a fallaing oíche de shíoda éadrom, agus chuaigh síos an staighre chun cupán tae a dhéanamh. Bhí an chistin ar chúl an , seomra breá fairsing ón uair a leagadh an balla idir é agus an seomra bia taobh leis. Bhí an seomra bia, agus seomraí na bpáistí thuas in airde, suite i gceann de dhá ghéag sciathán a tógadh amach ón tseanchuid den teach sna seascaidí. Bhí clós idir an sciathán, agus an cúlghairdín ag síneadh uaidh i dtreo an chnocáin. raibh cuirtín dallóg ar aon fhuinneog sa chistin, ach duibhe na hoíche ag féachaint isteach uirthi.

Líon an citeal, agus crónán ceoil á thógáil aici léi féin chun fuaim a sholáthar cluasa. Chaith a súil ar nuachtán a bhí leata ar an mbord, agus í ag fanacht go mbeireodh an t-uisce. Léigh litir fheargach a scríobh duine éigin mar fhreagra ar alt a foilsíodh an tseachtain roimh . Bhí aithne aici ar an a scríobh an t-alt, agus chrom faoin mbord féachaint an raibh fáil aici ar an mbunalt úd. Bhí carnán nuachtán faoin mbord, agus d’fhan cromtha tamall, is í gafa sa chuardach.

Nuair a thóg a cloigeann, lig béic. Béic ghéar a bhrúigh fúithi, ar eagla go scanródh na páistí thuas os a cionn, mar a scanraíodh an croí aisti féin.

Lasmuigh d’fhuinneog na cistine a bhí , agus a shúile greamaithe aige ar an ngloine. É ag stánadh isteach uirthi, ag stánadh amhail is go raibh tamall caite cheana aige ag faire uirthi. A shúile á hól is á slogadh, dar léi, fiú is gan ach spléachadh faighte aici orthu, an soicind borb sceonmhar sin nuair a chas a haird ó na nuachtáin.

Chuir iachall uirthi féin féachaint arís ina threo. raibh éinne le feiceáil an uair seo, ach d’airigh go raibh an duine fós amuigh ansin, trí choiscéim siar ón bhfuinneog. Caithfidh gur chúlaigh de gheit nuair a lig a scréach.

Go tobann, rith léi gur aithin é. hea, raibh cinnte faoi, fhéadfadh aon chur síos ceart a thabhairt air. Ach na súile sin a d’airigh ag tochailt isteach inti, bhí siad feicthe cheana aici. Fear áitiúil, é tanaí agus a chuid gruaige fada ceangailte ar chúl a chinn aige. Fiacla cama ina bhéal, b’in rud eile a bhí tugtha faoi deara cheana aici. raibh a fhios aici cén t-ainm a bhí air raibh cónaí air. Ach bhí feicthe aici cúpla uair thíos ar an mbaile, é ina sheasamh go tostach ag faire mórthimpeall air.

Glaoch ar na Gardaí, arbh shin ab fhearr? Ach chomh fada go dtiocfadh siad, raibh an stáisiún Gardaí ba ghaire don Ghlaisín, agus cén seans go mbeadh éinne ar diúité ann istoíche? Chuala a cuid smaointe ag cliotaráil istigh ina cloigeann. hea, bac na Gardaí. Glaoigh ar Phat, thug leis an fón póca. Sea, suí ar an staighre, as radharc ón bhfuinneog, sin an rud is tábhachtaí. Ach b’fhéidir go raibh dul amú uirthi is nach raibh éinne ann. hea, bhí duine éigin ag stánadh uirthi. Bhí ina sheasamh lasmuigh an t-am ar fad a bhí sa seomra. Ag baint lán na súl aisti. Ise ar stáitse soilsithe , gan de chlúdach uirthi ach a fallaing éadrom.

Rithfidh amach an cúldoras, a d’fhógair di féin, agus béicfidh arís air. Tabharfaidh a dhúshlán é féin a thaispeáint dom. Béarfaidh ar a scrogall agus ansin feicfimid chomh mór is a bheidh a shúile santacha.

Thug coiscéim isteach sa chistin arís agus buillí a croí á bodhradh. Chuaigh go mall i dtreo na fuinneoige. Ach raibh roimpi ach a scáil féin ag féachaint ar ais uirthi le hamhras. mbeadh solas curtha lasmuigh den teach acu, d’fhéadfadh é a lasadh go tobann. Ach raibh. Tuilleadh den obair athleictrithe nach ndearnadh.

An bhearna idir an cúlghairdín agus an gort, áit a raibh seangheata briste, agus meirg air. duine a bhí ag smúrthacht lasmuigh, níorbh fholáir bhí tagtha ar thalamh an ón taobh sin. Bhí an geata chun tosaigh, a thug cead isteach ón mbóthar, dúnta. Bhí a fhios aici an méid sin mar gur dhún féin é nuair a d’imigh Pat sa ghluaisteán níos luaithe.

Dhruid leis an gcúldoras agus rug greim ar an eochair a bhí suite go teann i bpoll an ghlasa. Ar a laghad, ar a laghad, ar a laghad. Ar a laghad bhí an doras faoi ghlas i rith an ama. Rith amach sa halla, go dtí an doras mór tosaigh, a bhí déanta d’adhmad tiubh, tréan. Bhí bolta righin air, agus dhaingnigh faoi ghlas é sular chuimhnigh go mbeadh Pat ag iarraidh teacht isteach an doras céanna ar ball. Scaoil arís é, agus ansin chuimhnigh go raibh doras eile thíos staighre.

Fuinneoga Francacha, dáiríre, a bhí ag féachaint amach ó sheomra bia na gcuairteoirí ar an gclós. Bhí an teach chomh mór go raibh an iliomad bealach isteach ann le cosaint. bhfios chomh minic le cúpla seachtain anuas a bhí an fear seo ag póirseáil thart i ngan fhios dóibh, agus é ag súil go bhfeicfeadh í féin lomnocht.

B’fhéidir nárbh shin a bhí uaidh in aon chor. B’fhéidir gur ar thóir rud éigin eile istigh sa teach a bhí . b’fhéidir gur tháinig ar cuairt gan choinne, gur scaoil é féin isteach an geata tosaigh is go raibh ar cnagadh ar an gcúldoras, mar a dhéanfadh go leor cuairteoirí. B’fhéidir gur scanraigh é nuair a lig béic aisti. B’fhéidir gur bhean seachas fear a bhí ann.

Chuaigh in airde staighre go mall, a coiscéimeanna féin á leanúint ar na cláir loma adhmaid. Í ag iarraidh sárú ar an eagla le neart a tola is a réasúin.

Is as Baile Átha Cliath d’Anna Heussaff. taithí fhada aici mar scríbhneoir, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláir raidió agus teilifíse.

Is é an comhlacht Cois Life (www.coislife.ie) atá ag foilsiú Bás Tobann agus cosnaíonn €15. cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair Beo!

GluaisGlossary

á fhoilsiúbeing published

gnó turasóireachtatourism business

músclaítear fiosracht na mnáthe woman’s curiousity is awakened

ailt nuachtáinnewspaper articles

faillcliff

seilbhpossession

contúirtídangers

bagairtíthreats

creathán fuachtaa cold shudder

fainicwarning

foláireamhnotice, warning

deireadh a haistir saoilthe end of her life’s journey

go fuarchúiseachindifferently

buillí croíheartbeats

anáil an tsonaisthe breath of happiness

seargthawithered

iachallcompulsion

fíricífacts

breacthawritten down

rianmark

d’aon ghnódeliberately

blúire páipéirpiece of paper

luaitementioned

tarraiceándrawer

stán síshe stared

imlíneoutline

scáilshadow

gortcultivated field

cruthanna dubhablack shapes

ag corraí go bogmoving gently

sceacha aitinnfurze bushes

céadfaísenses

ar tinneallon edge

doircheachtdarkness

ina glaicin her hand

leiceanncheek

á shlíocadhstroking it

pollairí a sróineher nostrils

b’in mar a shamhlaíodh iadthat’s how she used to imagine them

istoícheat night

ina comhluadarin her company

folamhempty

dul i dtaithí arget used to

cuachta go clutharnestled comfortably

fál cosantaprotective fence

fothramnoise

gíoscáncreaking

ag tnúth lelooking forward to

brat teolaíwarm covering

an tsíorgheonaílthe continuous droning

ag dul thar bráidpassing by

cloig rabhaidhalarms

sianaílwhining

otharchairr ag scréachaílambulances screeching

pléascáinexplosives

gleo cogaíochtathe noise of war

ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood

éalúto escape

amhrasdoubt

easpa fuaimelack of noise

tranglamclutter

ina sámhchodladhsleeping soundly

cliotaráilclattering

macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep

pluidblanket

ag siosarnachrustling

a fallaing oícheher night gown

taobh leisbeside it

sciathánwing

dallógblind

duibheblackness

crónánhumming

leataopen

an bunalt údthat original article

carnánpile

béicscream

ag stánadh isteach uirthistaring in at her

ag faire uirthilooking at her

á slogadhswallowing her

spléachadhglance

sceonmharterrifying

trí choiscéimthree steps

scréachscream

rith léiit occured to her

cur síos ceartproper description

ag tochailt isteach intidigging into her

tanaíthin

camcrooked

go tostachsilently

ag fairelooking

ar diúitéon duty

Ag baint lán na súl aisti.Taking a good look at her.

tabharfaidh a dhúshlánI’ll challenge him

scrogalllong thin neck

á bodhradhdeafening her

obair athleictritherewiring work

meirgrust

ag smúrthachtprowling around

go teanntightly

tiubhthick

tréanstrong

bolta righinstiff bolt

i ngan fhios dóibhwithout them knowing

lomnochttotally naked

ar thóir rud éigin eileafter something else

ar cnagadhabout to knock

ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear

le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.