AR NA SAOLTA SEO
Cúrsa i scileanna raidió á thairiscint i gConamara
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá an bhéim ar an obair phraiticiúil ar chúrsa nua raidió a thosaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara le gairid, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, atá ina theagascóir ar an gcúrsa.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Le roinnt seachtainí anuas tá mic léinn an Dioplóma i Scileanna Raidió ag críochnú a gcuid tionscadal pearsanta agus ag gabháil amach ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le stáisiúin eile raidió. Tá cuid acu le cloisteáil beo ar an aer, agus daoine eile ag obair leo sa stiúideo, ag meascadh na fuaime nó i mbun eagarthóireachta, agus iad ag foghlaim scileanna teicniúla na ceirde.

Cúrsa leathan praiticiúil é a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar bun anuraidh in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua. Cuimsíonn sé gnéithe éagsúla den cheird, ón iriseoireacht go dtí an chraoltóireacht, cúrsaí eitice agus dlí agus an taobh teicniúil. Ach céard a cheapann na mic léinn féin faoin gcúrsa?

Oscailt súl maidir le cúrsaí raidió i gcoitinne ab ea an cúrsa do Phádraig Ó Duithche as Corr na Móna.

“Cheap mé, dála go leor daoine, nach raibh tada ann ach a ghabháil chuig an micreafón. Ach tá an t-uafás ag baint leis. D’fhoghlaim mé conas tú féin a chur i láthair agus go gcaithfidh tú tú féin a chur ar an eolas faoin ábhar a bhfuil tú ag caint faoi, má tá tú beo ar an aer ag caint,” a deir sé.

Mar chuid den chúrsa d’fhoghlaim na mic léinn méid áirithe faoi cheird na hiriseoireachta clóite. Chuir siad forlíonadh le chéile a foilsíodh sa nuachtán Foinse. Rinne siad staidéar ginearálta ar na meáin chomh maith.

“Nuair a thosaigh muid ar dtús rinne muid staidéar ar na stáisiúin ar fad ar fud na tíre,” a deir Pádraig, “na cineálacha atá ann agus mar sin de, agus bhí sé sin an-spéisiúil.”

Tríd is tríd bhí sé sásta leis an gcúrsa.

“Mholfainn do dhuine ar bith é a dhéanamh. Shíl mé go raibh na cláracha beo a raibh muid ag plé leo, go raibh siad sin an-spéisiúil, go raibh duine amháin ag láithriú an chláir lá amháin agus go mb’fhéidir go mbeadh an té sin an chéad lá eile i mbun na fuaime nó rud éigin sa stiúideo.”

Ba í an obair phraiticiúil is mó a mheall mac léinn eile, Gemma Ní Chionnaith, le tabhairt faoin gcúrsa. “D’fhoghlaim mé níos mó uaidh sin, sílim, ná ó chuile shórt eile curtha le chéile, mar nuair a bhí tú ag déanamh an phíosa, sin í an uair is mó a d’fhoghlaim tú.”

a comhghleacaí Cathal Mac Gearailt as Baile na nGall i gCorca Dhuibhne ar thaithí oibre ina bhaile dúchais le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Tá mé ag déanamh rudaí difriúla gach aon lá,” a deir sé. “Tá mé ag déanamh na nuachta, tá mé ag déanamh na bhfógraí agus tá mé ag déanamh na fuaime agus rudaí mar sin.”

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag lorg iarratas faoi láthair don chéad chúrsa eile Dioplóma i Scileanna Raidió, a bheas ag tosú san fhómhar. Thart ar an am céanna cuirfear tús le cúrsa nua raidió a bheas ar fáil ar an idirlíon go príomha. Beidh na léachtaí agus an t-ábhar teagaisc eile don Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió á seachadadh ar an idirlíon, rud a fhágfaidh go mbeidh duine in ann an cúrsa a dhéanamh áit ar bith ar domhan, fad is go mbeidh deis aige teacht chuig ceardlanna a bheas ar siúl ó thráth go chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Tá eolas le fáil faoi chúrsaí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ach glaoch ar (091) 595050.

Is teagascóir é Uinsionn Mac Dubhghaill ar an Dioplóma i Scileanna Raidió agus ar an Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.