504
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an déantóir scannán Louis Marcus tar éis saothar a chur ar fáil le beagnach caoga bliain anuas a thugann léargas tábhachtach ar shaol na hÉireann. Labhair Caoimhe Ní Laighin leis faoin saol suimiúil atá caite aige.
»»»Níl aon cheist faoi ach go mbuafaidh foirne Chiarraí agus Chill Chainnigh craobhacha Chumann Lúthchleas Gael i mbliana, dar le Colm Mac Sealaigh. Ach, cé is moite de chluichí CLG, an féidir le lucht leanúna an spóirt in Éirinn a bheith ag súil le gaiscíocht ar bith eile sna míonna atá amach romhainn?
»»»Cuireann Greenpeace eolas ar fáil maidir le chomh díobhálach agus atá comhlachtaí éagsúla ríomhaireachta don chomhshaol. Ach síleann Diarmuid Mac Mathúna go bhfuil i bhfad níos mó damáiste déanta ag lucht tiomána SUVanna don domhan ná mar atá déanta ag leithéidí Nintendo.
»»»Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Proinsias Mac a’ Bhaird ar Árainn Mhór, an t-oileán amach ó chósta Chontae Dhún na nGall.
»»»Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis an ealaíontóir Ciarraíoch Pauline Bewick faoina saothar agus faoina spéis i reiligiúin an domhain.
»»»Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana. Fair amach!
»»»Ní haon ribín réidh fáil réidh leis al-Assad. Beidh lá eile ag al-Assad a deir Brian Ó Broin, rud a fhágann Obama faoi smúid agus aoibh na ndaoine ar Phutin.
»»»Moladh i dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana go ndéanfaí athruithe radaiceacha ar an Seanad ach, mar a thuairiscíonn Dónall Ó Maolfabhail, níl fonn dá laghad ar an Rialtas aon leasú mór a dhéanamh.
»»»Tá sé deacair an ceann is fearr a fháil orthu siúd a sheolann teachtaireachtaí spam chuig gutháin shoghluaiste agus tríd an ríomhphost, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim, ach thug Colm Ó Ceallacháin aghaidh ar an uisce faoi thalamh gar d’ionad chruinnithe an Ochtair, is é sin, uaimheanna an Marble Arch.
»»»Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán maireachtála mhuintir na Síne le tríocha bliain anuas ach tá sárú ar cheart daonna ina fhadhb mhór go fóill, a deir Ciarán Mac Aonghusa.
»»»D’aimsigh Ciarán Mac Aonghusa áit álainn aiceanta idir shléibhte móra na nAipiníní agus Muir Aidriad. Más ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Iodálaise atá tú, seobh í an áit is fearr duit.
»»»Tá an cangarú agus an t-éamú le feiceáil ar armas na hAstráile le breis is céad bliain anois ach d’fhéadfadh athrú teacht ar an armas sin gan mhoill, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá scéal ag Colm Ó Snodaigh an mhí seo faoi ghrá a chuaigh i bhfuaire.
»»»Tá an plódú tráchta ag dul chun donais i mBaile Átha Cliath, mar sin an bhfuil sé in am dúinn éirí as na gluaisteáin, a fhiafraíonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.