CÚINNE NA nEALAÍON
Pauline Bewick: fós ag iniúchadh an domhain mórthimpeall uirthi (Cuid 2)
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis an ealaíontóir Ciarraíoch Pauline Bewick faoina saothar agus faoina spéis i reiligiúin an domhain.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Saothar de chuid na sraithe Yellow Man dar teideal 'The Yellow Man And The Pope On TV'
Íomhá
An saothar 'The Yellow Man With A Basket Of Grapes'

](..\2004-07\an_ealain.asp) Cuid 1 den alt anseo

Ní féidir trácht ar a leithéid de *kitsch *gan smaoineamh ar an gCríostaíocht. “Creidim gur dhuine iontach maith é Íosa, ach gur caitheadh go han-chruálach leis agus é ar an domhan. Rinne mé saothar mór faoi in 2001, ag deireadh an tsamhraidh. Is *collage *é, ina bhfuil Críost mór óir idir an dá ghadaí. D’úsáid mé duilleog órga ar an gCríost chun an mhaitheas a chur in iúl. Chun an chodarsnacht idir é agus an gnáthshaol a léiriú, rinne mé crosanna na ngadaithe as adhmaintí cuisneora agus buidéil uisce bheannaithe.”

Nuair a bhreathnaíonn tú ar an saothar, idir phaidríní lonracha agus aghaidheanna ildaite Mhuire agus na naomh éagsúil, agus tú píosa uaidh, cuireann crosanna na ngadaithe rud éicint i gcuimhne duit: dhá thúr cháiliúla an Lárionaid Trádála Domhanda. Arbh é sin an smaoineamh a bhí aici agus í ag obair ar an saothar? “Dúirt cúpla duine liom, ‘Sin iad na Twin Towers!’ ach, chun an fhírinne a rá, bhí an saothar críochnaithe agam sular tharla an eachtra uafásach sin.”

Creideann Bewick go bhfuil nasc idir daoine, agus go bhfuil reiligiúin an domhain in ainm is treisiú a dhéanamh ar an nasc sin, cé nach n-éiríonn leo i gcónaí é sin a dhéanamh.

“Anois táim ag obair leis an Hiondúchas agus, ina dhiaidh sin, ba mhaith liom féachaint níos doimhne isteach sa Taochas. Tá m’fhear céile ag léamh leabhair faoi na laethanta seo, agus measaim gur creideamh an-spéisiúil é. Deirtear ann gurb é an fear maith múinteoir an drochfhir, agus go bhfuil an drochfhear mar cheacht ag an bhfhear maith.” Is léir go dtaitníonn an tsiméadracht léi. “Deirtear gur cheart do gach rud bheith anseo, agus nár cheart dúinn an iomarca breithiúnais a thabhairt orthu. Measaim gurbh shin a bhí i gceist agam le mo chuid oibre ar an Yellow Man.”

Is éard atá sa *Yellow Man *ná bailiúchán de shaothair ina bhfuil pearsa atá go hiomlán dearfach; cónaíonn sé san Iodáil agus atá saor ó fhadhbanna an tsaoil mhóir. Insíonn Bewick dom go bhfuil níos mó ná milliúin figiúr mar sin aimsithe i gcultúir éagsúla an domhain, “Is mian uilíoch é,” a deir sí. Ach nach meatacht é sin, ag diúltú don réaltacht? “Is fíor gurbh fhearr liom maireachtáil gan na drochrudaí sin ag cur isteach orm, an foréigean, an bochtanas. Is fíor go bhfuil teach agus gairdín glasraí tugtha don *Yellow Man *agam. Dá mbeadh teach agus gairdín mar sin ag chuile dhuine ar domhan, ní dóigh liom go mbeadh an méid céanna trioblóide ann.”

Débhríocht

débhríocht ag baint le haon saothar fiúntach ealaíne. Dar leis an néarbhitheolaí, an tOllamh Semir Zeki, go n-osclaíonn an débhríocht sin meon agus anam an duine a fhéachann air. Sin an fáth go dteastaíonn ealaín fhísiúil uainn mar dhaoine daonna. Tá dhá chineál eolais ann: cinnteacht (fíricí, cruthúnas) agus oscailteacht (féidearthachtaí, samhlaíocht), agus cuidíonn an ealaín leis an dara cineál sin.

Cuirim ceist ar Bhewick cén rud é an ealaín go beacht? “Is maisiúchán ar an saol dúinn é, is dócha. Uaireanta bím rud beag cráite ag an smaoineamh nach bhfuil ar siúl agam ach spraoi - ach caithfear an cheist a chur: céard a dhéanfaimis gan an ealaín? Muide an t-aon ainmhí amháin a chruthaíonn rudaí ar mhaithe le háilleacht. Ní maisiúchán lom é, ach slí chun an saol a thuiscint níos fearr. Fuarthas pictiúirí ar chlocha sa Grand Canyon ón seanam, agus tá siad an-chosúil le carachtair a chum mé féin in The Yellow Man. Measaim go bhfuil brí éigin ann, nasc eadrainn féin agus an seansaol.”

In aice leis an Mauritian Woman *sa taispeántas san Acadamh Ríoga Ibéarnach, bhí *Two Muses *- figiúr geal ina luí le figiúr dúdhearg dainséarach. Déarfadh daoine gur aingeal agus diabhailín atá i gceist, ach ní hea. “An duine dearg sin,” a deir Bewick, “sin é Mick Mulcahy [ealaíontóir]! Rinne sé saothar é féin dar teideal *James Joyce without his glasses, agus spreag sé sin mise leis an gcorp céanna a chur anseo - ach aghaidh Mick ar a bharr. Agus is í Lainey Keogh [dearthóir éadaigh] an bhean gheal atá ina theannta. An scéal taobh thiar den phíosa seo ná go bhfaigheann an bheirt acu, Lainey agus Mick, inspioráid agus spreagadh ealaíne óna chéile. Chuir mé ar thrá gheal iad, agus tá Sceilg Mhichíl le feiceáil sa chúlra. Sin tagairt eile do shaothar Mhick.” Ach an bhfuair sí cead na daoine sin a chur sa saothar? “Is cairde liom iad beirt,” a deir Bewick.

“Oibrím go díreach ón nádur. Nádur an duine agus an dúlra mórthimpeall orm. Agus mé i mbun na healaíne, feicim an t-ábhar os mo chomhair nó i mo shamhlaíocht. Ní bhainim úsáid as grianghraif mar shamhlacha, mar chuirfeadh siad ar an bhealach mícheart mé.

“Braithim ar an rud a airíonn ceart dom, go háirithe ó thaobh dathanna de. Cuirim an phéint síos go han-tapaidh, ag smearadh agus ag cur spotaí daite in aice a chéile. Sin an fáth go mbíonn sé deacair agam uaireanta míniú do dhaoine conas a dhéanaim na dathanna. Ní rud comhfhiosach é in aon chor.”

Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? “Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte. Tá an-chuid saothar mar sin, ar nós shaothar Sean MacSweeney. Ach, ní rómhinic a théimse féin isteach i ndánlann chun féachaint ar phictiúirí. Fiú agus mé i bPapeete, ní dheachaigh mé isteach láithreach chun saothar Gauguin a fheiceáil. Thóg sé roinnt ama orm - is fearr liom bheith amuigh sa saol.”

An raibh sé furasta aici teagmháil a dhéanamh le daoine agus í thar lear? “De bharr go bhfuil disléicse orm, ní go ró-éasca a fhoghlaimím teangacha eile. Cloisim sruth fuaimeanna agus tuigim an bhrí, ach ní léir dom na focail. Taitníonn ceol na Gaeilge labhartha liom, ach níl an rithim chéanna ag baint le Maori. Is fearr liom éisteacht le hamhráin Mhaori ná leis an gcaint, mar tá na fuaimeanna stadach, dar liom, mar a bheadh guth éin ghrágaigh! Bhíodh Gaeilge agam ar scoil, ach is fada an lá sin. Bainim le glúin atá an-bháúil léi, ach nach bhfuil cumas labhartha againn.”

Faoi láthair, tá Bewick i mbun oibre ar phíosa speisialta chun roghú Chorcaí mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2005 a cheiliúradh. Cork Woman an t-ainm atá air. “Píosa mór cúig troithe sé horlaí atá ann, cruth mná déanta go tríthoiseach, go hiomlán as corc. Rian den fhíon dearg mar bhéaldath uirthi, agus coirc dhóite dhubha mar ghruaig. Tá sí go haoibhinn, ag fás as an bhfráma!” Rinne Bewick píosa dar teideal *Cork Man *a chruthú roimhe seo.

I bPort Láirge a bheas an chéad taispeántas eile de shaothar Phauline Bewick, agus mairfidh sé mí iomlán. Sa Municipal Art Gallery, Greyfriars (a bhí ina shéipéal tráth) a bheidh a saothar le feicéail. Osclófar an taispeántas (atá á eagrú ag Soloarte) Déardaoin, 16 Meán Fómhair, an chéad lá d’Fhéile Idirnáisiúnta Ceoldrámaíochta Phort Láirge.

Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Tá sí ag obair mar shaoririseoir faoi láthair agus tá cúrsa oiliúna do mhúinteoirí meánscoile díreach críochnaithe aici i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.