AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An cangarú agus an t-éamú os comhair na cúirte
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá an cangarú agus an t-éamú le feiceáil ar armas na hAstráile le breis is céad bliain anois ach d’fhéadfadh athrú teacht ar an armas sin gan mhoill, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Armas na hAstráile
Íomhá
An cangarú
Íomhá
An cóála agus an platapas

Ní rómhinic a bhíonn cás a bhaineann go bunúsach le cangarú agus éamú os comhair na cúirte san Astráil ach sin a tharlós san Ardchúirt, an chúirt is airde sa tír, i mí Iúil. Ní hiad an cangarú agus an t-éamú iad féin atá ar a dtriail. Tá muintir Gungalidda i dtuaisceart na tíre ag iarraidh deireadh a chur leo ar armas oifigiúil na hAstráile mar go bhfuil tábhacht spioradálta ag baint leo ina gcultúr féin agus nár chóir iad a úsáid dá bharr sin. Tá an péire acu le feiceáil ar na milliúin caipéis rialtais, ar thuarascálacha agus ar phasanna.

Is dóigh gurb é an cangarú an t-ainmhí Astrálach is fearr a bhfuil aithne air ar fud an domhain. Bíonn siad le feiceáil i zúnna agus i sobalchláracha. Ní fios cén fáth ar roghnaíodh iad d’armas na tíre i 1901. Deirtear nach bhfuil ar chumas ceachtar acu coisméig ar gcúl a thógáil agus gur mar gheall air sin a ceapadh iad a bheith feiliúnach mar shiombail don stát nua.

Is é an t-éamú an dara héan is mó ar domhan (níl ach an ostrais níos mó). Níl sé in ann eitilt. Deirtear gurb é an rud deireanach a bhíonn fágtha i ndrochthriomach seachas na gníomhairí stoic. Tá ar a cumas braon taise a shú as plandaí nuair a bhíonn chuile cheo eile spalptha leis an tart.

An cóála agus an platapas

Má chuireann an chúirt deireadh lena ré céard a thiocfas ina ndiaidh? Ba mhaith liom féin an cóála agus an platapas a fheiceáil ina n-áit. Is é an cóála an t-ainmhí is mó a bhfuil gean an phobail air. Tugann corrdhuine “koala bear” air ach ní béar atá ann agus níl gaol ar bith aige leo. Is ainmhí é atá i mbaol anois de bharr scriosadh gnáthóige agus an sléacht a rinneadh orthu ag tús an chéid seo caite.

Is é an t-ainmhí is beadaí é ó thaobh cúrsaí beatha. Is beag eile a itheann siad ach duilliúr na heoclaipe agus ansin féin, cé go bhfuil breis is 600 cineál crann eoclaipe san Astráil, níl suim acu ach i dtuairim is scór acu sin. Is ainmhí neamhurchóideach é go hiondúil ach, ach an oiread leis an mbroc, má bhíonn sé sáinnithe bíonn sé contúirteach agus is féidir leis an-dochar a dhéanamh lena chuid crúb. Tá cáil na leisce orthu ach is de bharr riachtanaisí bitheolaíochta a chaitheann siad breis is ocht n-uaire déag sa ló ina gcodladh.

Ach is é an platapas an t-ainmhí is neamhchoitianta sa tír. Is marsúipiach é a bheireann uibheacha agus a chaitheann a shaol san uisce agus ar talamh. Tá gob agus cosa lachan air. An chéad uair a tugadh ceann go Sasana, níor chreid na saineolaithe go bhféadfadh a leithéid d’ainmhí a bheith ann. Tá an chuma ar a ghob go háithrid gur briseadh d’ainmhí éicint eile é agus gur brúdh isteach sa bpus air é.

Bhí mé ag brath ar armas nua a dhearadh don Astráil - tá mé cinnte go bhfuil saibhreas mór le déanamh ar an gcaoi sin. Ach b’fhéidir go bhfanfainn le haghaidh bhreith na cúirte i dtosach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.