CÚRSAÍ SPÓIRT
An bhfuil gaiscíocht ar bith i ndán do lucht spóirt na hÉireann?
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Níl aon cheist faoi ach go mbuafaidh foirne Chiarraí agus Chill Chainnigh craobhacha Chumann Lúthchleas Gael i mbliana, dar le Colm Mac Sealaigh. Ach, cé is moite de chluichí CLG, an féidir le lucht leanúna an spóirt in Éirinn a bheith ag súil le gaiscíocht ar bith eile sna míonna atá amach romhainn?

Íomhá
Pádraig Harrington, buaiteoir Chomórtas Oscailte na Breataine
Íomhá
An dornálaí Katie Taylor
Íomhá
Díomá ar fhoireann na hÉireann i ndiaidh gur díbríodh as Corn Rugbaí an Domhain iad
Íomhá
Íomhá
Seans go mbuafaidh Derval O'Rourke bonn ag na Cluichí Oilimpeacha sa tSín

D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime!

Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.

Ag breathnú siar ar dtús, is beag Éireannach ná foireann Éireannach – cé is moite d’eisceacht shuntasach nó dhó – ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh in 2007.

Ba é an t-éacht ba mhó spóirt a baineadh amach in 2007 – chomh fada agus a bhaineann leis an tír seo – ná bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine. Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn. Ní ionadh ar bith, dá bhrí sin, go bhfuil ainm Phádraig luaite anois i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo in éineacht le Stephen Roche, Christy Ring, Ronnie Delany, Éamon Coughlan, Sonia O’Sullivan agus mar sin de. Is cinnte go mbeidh lucht gailf na hÉireann – agus pobal na hÉireann i gcoitinne, go deimhin – ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn Phádraig in 2008 agus ag dréim go mbuafaidh sé ceann eile de na mórchomórtais ghailf arís i mbliana. Beidh sé deacair, ach is cinnte go bhfuil an cur chuige agus an diongbháilteacht ag Pádraig le hé a bhaint amach.

Duine de lucht spóirt na hÉireann nach bhfuil chomh cáiliúil céanna, ach a bhfuil ag éirí thar cionn léi le cúpla bliain anuas, í Katie Taylor. Is dornálaí í a roghnaíodh

mar Bhean Spóirt na Bliana ar na mallaibh, ar duais í a ndéanann an Irish Times agus an comhlacht árachais sláinte VHI urraíocht uirthi. Tá sé ráite acu siúd atá eolach mar gheall ar dhornálaíocht na mban gurb í Katie an dornálaí amaitéarach mná is fearr, punt ar phunt, ar domhan. Bhuaigh Katie bonn óir ag Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan trí huaire as a chéile agus bhuaigh sí ceann ag an gCraobhchomhórtas Domhanda in 2006. Is cinnte, chomh fada agus is féidir a bheith cinnte faoi aon rud i gcúrsaí spóirt, go mbuafadh sí bonn, an ceann óir is dóigh, ag na Cluichí Oilimpeacha dá mbeadh dornálaíocht na mban ina spórt Oilimpeach. Is imreoir maith sacair í freisin agus seans maith go mbeidh sí ar fhoireann na hÉireann i mbliana.

CruicéadBa í foireann Éireannach na bliana anuraidhan fhoireann cruicéid a bhain stádas an-ard amach di féin lena bua iontach i gcoinne fhoireann na Pacastáine i gCorn Domhanda an Chruicéid. Chuaigh an fhoireann i gcion go mór ar an bpobal in Éirinn ag tús an tsamhraidh seo caite agus tharraing sí go leor cainte agus molta uirthi féin. Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.

Maidir le foirne sacair agus rugbaí na hÉireann, ba iad díomá agus mearbhall an dá aireachtáil ba mhó a bhí ag daoine faoin mbliain seo a chuaigh thart. Bhí tús maith ag an bhfoireann rugbaí, ceart go leor, lena bua iontach stairiúil i gcoinne fhoireann Shasana i bPáirc an Chrócaigh i mí Feabhra. Bhí an lucht leanúna agus

na saineolaithe ar aon intinn agus iad araon ag tuar go raibh seans maith ann go mbuafadh foireann na hÉireann Corn Rugbaí an Domhain. Ach ní mar a shíltear a bítear go minic agus tá na daoine céanna trína chéile i ngeall ar theip thubaisteach na nÉireannach sa bhFrainc. Ag breathnú chun cinn, tá sé deacair a rá cén chaoi a mbeidh cúrsaí in 2008. Bheinn ag súil go mbuafaidh na hÉireannaigh agus iad ag imirt i gcoinne na nIodálach, agus b’fhéidir i gcoinne na hAlban, i gComórtas na Sé Náisiún. Ach tá sé deacair a thuar cé acu an bhfuil an fhoireann imithe thar an a spriocdháta díola,an bhfuil speach fós inti. Thabharfadh foireann na Mumhan le fios go bhfuil speach agus breis fós i rugbaí na tíre seo, ach is cosúil nach bhfuil foireann na hÉireann chomh maith agus iad ag imirt as baile is a bhíonn siad agus iad ag imirt ar an bhfód dúchais – is geall le himreoir breise é an lucht leanúna agus an fhoireann ag imirt sa bhaile.

Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh. Seans go raibh an ceart ag Stephen Staunton nuair a dúirt sé go raibh tréimhse atógála de dhíth. Tuilleadh díomá in 2008, tá faitíos orm.

Is í an ócáid spóirt is mó a bheas ar siúl ar domhan i mbliana ná na Cluichí Oilimpeacha. Beidh siad ar siúl i mBéising sa tSín an iarraidh seo. Agus an bhfuil seans ann go mbuafaidh duine de lucht spóirt na hÉireann bonn? Beidh an cheist sin á plé sna míonna atá romhainn. Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch. Sa chéad dul síos, tá daonra an-bheag in Éirinn agus imrítear a lán spórt éagsúil sa tír. Ós rud é gurb iad cluichí CLG, an sacar agus an rugbaí is mó a mheallann buachaillí agus cailíní chun a bheith páirteach

iontu, bíonn linn éadoimhne fear agus ban fágtha ó thaobh na spórt Oilimpeach de – lúthchleasaíocht, dornálaíocht, an tseoltóireacht, an snámh agus araile. Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O’Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú. Is é sin nárb é an bua, ach an rannpháirtíocht, is tábhachtaí i ndeireadh báire. Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.