AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana. Fair amach!

Íomhá
Kevin My Erse
Íomhá
Bíonn adharca fada ar eallach Ráth Chairn
Íomhá
lán go timpeallán

Bhí an Nollaig thart agus bhí Balor an Bromaire Bocht Breoite ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bheag bhrocach. Bhí fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air. Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad dá sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim. An Glasra Gogarty amháin a chuirfeadh síos níos mine ar na cúrsaí seo le focail níos soiléire ná sin, ach fágfaidh muid faoi é; is iris í seo atá fóirsteanach don teaghlach uile.

As bréantas agus graostacht na pluaise sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht. Baineadh geit as Balor.

Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2010 dó. Seo mar a dúirt Balor an Fáistineach Fáidhiúil:

“Tarlóidh in earrach na bliana sin go ndéanfar tuar agus tairngreacht faoi thodhchaí na Gaeltachta agus faoi thodhchaí na Gaeilge Gaelaí sa Ghaeltacht. A bás a bheas á tuar, agus a díothú a bhéas á tairngreacht. Éanna na Gruaige Finne agus na Cainte Leithe agus na Léine Goirme a bheas ag tuar agus Caoimhín My Erse ón Indo a bheas ag tairngreacht. Agus cuirfear iontas ar an bheirt sa tír nach bhfuil a leithéid cluinte acu cheana, agus cuirfear leamhthuirse arís eile ar nócha cúig faoin chéad den daonra agus alltacht ar an leath eile. Agus tarlóidh san am sin go ndéanfar mórán cloigne a chroitheadh agus mórán gruanna a chuimilt agus mórán tóineanna a thochas mar gheall ar cheist seo dhíothú agus bhás na Gaeltachta agus na Gaeilge Gaelaí sa Ghaeltacht. Agus scríobhfar mórchuid litreacha chuig gannchuid nuachtán.

Deonaítear Deontais!

“Agus mar thoradh ar an tuar agus ar an tairngreacht, éireoidh na fíréin amach ó gach Gaeltacht sa tír, agus ó Ghaeltacht nó dhó nach bhfuil sa tír, agus déarfar in athuair agus in athuair arís nach bhfuil ach réiteach amháin ar an fhadhb seo, nó is fadhb mhór í gan dabht, gan amhras ar bith: deontais agus deontais agus tuilleadh deontas a bhronnadh ar lucht labhartha na Gaeilge Gaelaí i ngach Gaeltacht. Agus éileofar deontas as machnamh a dhéanamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as taibhreamh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta, agus as bromanna breátha bréana a scaoileadh i nGaeilge bhinn na Gaeltachta.

“Agus tarlóidh i samhradh na bliana sin go ndéanfar caitheamh anuas ar sheirbhísigh dhílse an Stáit, idir mhúinteoirí agus ghardaí agus altraí agus eile; agus déarfar os ard agus os íseal nach bhfuil sa chaitheamh anuas sin ach an méid atá ag dul dóibh. Déanfar dearmad ar chruatan laethanta saoire fada na múinteoirí, ar an phian sa droim ón fhanacht rófhada sa leaba, ar dhéine na gcluichí fada gailf agus ar dhochma na spaisteoireachta leadránaí cois farraige. Lucht caite aníos is mó a bheas ag caitheamh anuas: iad siúd nach dtig leo ól mar is ceart, nó íoc as an ól mar is ceart, nó obair mar is ceart a dhéanamh i ndiaidh ól mar is ceart a cheannach. Agus tuigfear go soiléir do lucht léite Beo Ar Éigean! gur iriseoirí Indo agus Star agus Sun agus lucht liarlóg eile dá leithéid a bheas i mbun an chaithimh anuas agus aníos.

“Agus tarlóidh i bhfómhar na bliana sin go bhfógrófar olltoghchán; agus tarlóidh gurb é an chéad olltoghchán ó bhí Dia ina ghasúr nach mbeidh páirtí ar bith ag iarraidh é a bhaint. Ar dtús beidh ráflaí ag dul thart mar gheall ar ráflaí, agus ansin mar gheall ar dhóchúlachtaí, agus ansin mar gheall ar chinnteachtaí agus ansin fógrófar an t-olltoghchán. Agus san am sin bearrfar mórán gruaige agus caithfear mórán airgid ar mhórán smididh agus ar mhórán grianghraf agus ar mhórán éadaí nua. Agus is iomaí gnúis nach raibh le feiceáil in áiteanna poiblí le fada an lá nach bhfeicfear fós ar leaca doirse ar fud na tíre agus ar thairseacha tithe pobail agus ar chúil leoraithe agus leantóirí. Agus an guth nár chualathas le fada ní bheidh sé le cluinstin fós. Agus go gairid ina dhiaidh sin tosóidh polaiteoirí na tíre ag insint na fírinne, agus is iomaí béal a bheas ar leathadh agus is iomaí súil a bheas á caochadh agus is iomaí béal a bheas á bhriseadh. Agus bagrófar iompú léine agus bagrófar bascadh agus batráil má iompaítear agus mura n-iompraítear. Agus in ainneoin gach a mbagrófar agus gach a ngeallfar agus gach a gcaithfear, bainfear spórt as an spórt náisiúnta, nó ní spórt go dtí é.

Forógra an Chéasair Ó Cuívorum

“Agus tarlóidh i ngeimhreadh na bliana sin go rachaidh forógra amach ó Chéasar Éamonus Ó Cuívorum chun go gclárófar an domhan Gaeltachta uilig. Is é seo an chéad chlárú a dhéanfar i ndiaidh do Bhrian na Gairleoige Fiáine a bheith ina Rí ar Mhnáibh , ar Fhearaibh agus ar Ógánaibh Éireann agus do Bhrian na Grúise Gairgí a bheith díbeartha ar ais mar Ghobharnóir ar na drongaibh lár tíre. Agus de réir an fhorógra seo, ní bheidh an darna suí sa bhuaile ag duine ar bith ach dul ar ais chuig an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig sé as.

Agus beidh an M50 plódaithe agus lán go timpeallán acu siúd ón taobh ó dheas a bheas ag iarraidh dul ó thuaidh agus ag an triúr is fiche ó thuaidh a bheas ag iarraidh dul ó dheas. Agus fágfaidh muintir Ráth Chairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as. Agus ní chasfar orthu ag teacht aniar ach Céasar Éamonus féin ar a bhealach abhaile ó Chorr na Móna agus an Rabbi Gearódius Denvirorum agus an Scríobaire Fearghas Mac Lochlannorum agus duine nó beirt eile ag casadh thart ar nós an mhadaidh i ndiaidh a rubaill, ag iarraidh cuimhneamh ar an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig siad as.

“Agus tarlóidh san am sin go bhfágfar iliomad daoine ag siúl na mbóithre agus ag éagaoineadh san fhiántas, ag éagnach ar na sléibhte agus ag éamh san fhásach nuair nach dtig leo teacht ar an áit a dtáinig siad as nó nach n-aithníonn siad an logainm úr. Ach éireoidh An Rí Brian an Chreamha ina sheasamh agus déanfaidh sé fógairt agus dearbhú agus cuirfear deireadh leis an éagaoineadh agus leis an éagnach agus leis an chrá croí, nó fógróidh sé an tír ar fad ina Gaeltacht mhór amháin. Agus cuirfidh Caoimhín My Erse agus Éanna na Gruaige Finne agus a gcairde go tréan ina éadan, go dtí go gcluinfear faoi na deontais ar fad a bheas ar fáil. Agus triomófar gach súil agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

Naisc: Glasra Mag Fhógarta http://www.youtube.com/watch?v=VkJLWx6H7GsStát Denvirorum http://www.youtube.com/watch?v=mBofD3HBot8Brian an Chreamha http://www.youtube.com/watch?v=pfau1j5Gy7w&NR=1

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.