135
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an chruatan a d’fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór. Tá an leabhar léite ag Tom Deignan.
»»»Measann Brian Ó Broin nach cúis iontais ar bith é go bhfuil oiread sléachtanna ag tarlú sna Stáit Aontaithe agus na comhlachtaí déanta arm chomh cumhachtach sin.
»»»Tá Ellen van Vossen agus Oliver Wagemann as an Ollainn an-tógtha le hÉirinn agus, mar sin, chinn siad ar mhí a chaitheamh ag rothaíocht timpeall iarthuaisceart na tíre sa samhradh i mbliana. Tá cur síos anseo acu ar chuid de na nithe a chonaic siad.
»»»Mheas W. B. Yeats go dtiteann an tsíocháin le mochdháil maidine, ach is túisce an cith mallachtaí ar Shráid Dhún na nGall ná a dhath mar a mhothaigh Robert McMillen lena dhá chluais féin.
»»»Tá oiread fianaise bailithe le chéile ag Fiosrúchán Barron go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag feidhmiú go mídhleathach i bPoblacht na hÉireann, a deir Dónall Ó Maolfabhail, go mbeidh ar Rialtas na hÉireann fiosrúchán ceart cuimsitheach a bhunú.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Tomás Mac Con Iomaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara.
»»»D’éirigh leis an gcomhrialtas an bua a fháil in olltoghchán na hAstráile ar an 10 Samhain, ach beidh orthu dul i ngleic le go leor fadhbanna sna blianta atá amach romhainn, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Bhi Colm Mac Séalaigh ag cluiche na hÉireann is na hAlban i bPáirc an Chnoic, Indreabhán. Iomain Cholmcille a reáchtáil an cluiche iománaíochta - camanachd.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Mhic Giolla Bhuí mar a bhfuil taispeántas ealaíne de shaothar Phatsy Dan Mac Ruairí á léiriú faoi láthair. Beidh deis an taispeántas a fheiceáil i mBéal Feirste arís an mhí seo.
»»»Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre. Tá sí den bharúil go bhfuil roinnt barrchleití amach fós ar an gcóiriú a rinne an compántas drámaíochta Blue Raincoat Theatre.
»»»Ghrinnigh Robert McMillen iompar na bpóilíní deireadh mhí na Samhna. Níl siad ag cuidiú leo féin ach oiread le duine ar bith, dar leis.
»»»Thug Dublin Web Summit na bliana seo ábhar machnaimh go leor do lucht fiontraíochta agus chomh maith le sin, shaighid sé Roseanne Smith i mbun méarchláir.
»»»Ón mhí seo ar aghaidh, cuirfear an léirmheas is fearr a scríobhadh sa mhí roimhe sin faoi Leabhar na Míosa ar ClubLeabhar.com i gcló in Beo!. Is í Sinéad Nic an Bháird an té a scríobh an léirmheas is fearr ar leabhar mhí an Aibreáin, Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta.
»»»Measann Padraig Mac Éamoinn go bhfuil seans maith ann go mbeidh traenacha ardluais le fáil sa Bhreatain taobh istigh de roinnt blianta.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.