TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tomás Mac Con Iomaire Tomás Mac Con Iomaire

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Tomás Mac Con Iomaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin in RTÉ RnaG agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mé Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ceapadh mé sa mbliain 2000. Tá mé ag obair le Raidió na Gaeltachta ó bhí 1974 ann. Sa tréimhse sin bhíos mar chlár-reachtaire, clár-reachtaire sinsearach, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, Eagarthóir Stiúrtha Cláracha agus Leas-Cheannaire.

  1. Cathain a bunaíodh an stáisiún agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972. Bhí feachtas ar bun ar feadh na mblianta roimhe sin ag iarraidh go mbunófaí stáisiún raidió Gaeltachta. Ar iarratas ón Rialtas bhunaigh RTÉ an tseirbhís agus osclaíodh í go hoifigiúil Domhnach Cásca 1972.

  1. Cén fáth ar bunaíodh an stáisiún?

Bhí stáisiún lán-Ghaeilge/Gaeltachta á éileamh ar feadh na mblianta fada, ó na daichaidí anuas. I ndeireadh na seascaidí bhí feachtas ar bun ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar sheirbhís raidió Gaeltachta - i measc nithe eile. Chuir an ghluaiseacht sin seirbhís raidió bradach ar an aer i gConamara i Márta 1970 agus arís faoi Shamhain na bliana sin. Go luath ina dhiaidh seo fógraíodh go mbeadh an tseirbhís nua le bunú.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe in RTÉ RnaG faoi láthair?

Tá 80 fostaithe go lánaimseartha in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá 20 eile ag obair go páirtaimseartha.

  1. Cén obair a dhéantar sa stáisiún ó lá go lá?

Seirbhís raidió 24 uair an chloig sa ló é RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuirtear rogha leathan cláracha ar fáil don lucht éisteachta: nuacht, cúrsaí reatha, spórt, cláracha irise, cláracha réigiúnacha, ceol, drámaíocht, cláracha don óige, cláracha oideachais, cláracha reiligiúin agus araile.

  1. Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad?

Is é RTÉ a mhaoiníonn RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tagann maoiniú na seirbhíse ón airgead a fhaigheann RTÉ ón gceadúnas teilifíse. Tagann roinnt bheag airgid isteach ó urraíocht.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

An sprioc a bhí ag an stáisiún ar dtús ná seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. I dtús ama bhí fáil ar an tseirbhís ar chósta an iarthair amháin ar feadh dhá uair an chloig sa ló ach, tar éis roinnt ama, cuireadh ar fáil í ar fud na hÉireann. Anois tá an stáisiún ar fáil ar fud na tíre ar na hardmhinicíochtaí agus ar fud na cruinne ar an idirlíon. Tá sé ar fáil ceithre huaire fichead sa lá. Tá réimse leathan cláracha sa sceideal agus nuacht ar fáil ar an uair chuile uair ó mhoch maidine go dtí deireanach san oíche. Deintear clúdach ar chuile ghné den saol go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le RTÉ RnaG?

Láidreacht RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil foireann óg fhuinniúil agus ghairmiúil aige a chuireann scoth na seirbhíse ar fáil ceithre huaire fichead sa ló. D’uireasa na seirbhíse le 30 bliain anuas bheadh an teanga níos boichte agus níos scáinte agus ní bheadh sí chomh beo ná chomh fairsing, dar liom. Cuirtear seirbhís iomlán raidió ar fáil i nGaeilge 24 uair sa lá 365 la den bhliain. Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin atá an chartlann mionteanga is mó ar domhan.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag RTÉ RnaG faoi cheann cúig bliana.

Tá go leor curtha i gcrích le 32 bliain ag an tseirbhís ach, cosúil le gach seirbhís mhaith chumarsáide, ní féidir ariamh stopadh ag fás agus ag forbairt. As seo go ceann cúig bliana eile ba chóir díriú níos mó ar an óige - go deimhin tá pleananna ann faoi láthair chuige seo. Ba mhaith liom freisin go mbeadh fáil ag an bpobal ar ábhar cartlainne agus go bhfoilseofaí dlúthdhioscaí den ábhar sin. Caithfear leanacht den ardchaighdeán craoltóireachta atá ag an tseirbhís faoi láthair agus den réimse fairsing ábhar craoltóireachta. Ba chóir go mbeadh chuile ní atá ag teastáil ón ngnáthéisteoir le fáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus nár ghá dó éisteacht le haon seirbhís raidió eile.

  1. Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?

Caithfear éirí as a bheith ag tuar bhás na Gaeilge. Má tá sí ag lagan i bpáirteanna áirithe tá sí ag neartú i bpáirteanna eile den tír. Caithfear éirí as an mbréagchráifeacht i leith na teanga agus glacadh leis go bhfuil Gaeltachtaí áirithe faighte an-lag ach, ag an am céanna, go bhfuil spéis nua ag pobal na tíre sa teanga mar go dteastaíonn uathu a bhféiniúlacht a chur in iúl. Níor theip ar RTÉ Raidió na Gaeltachta fós teacht ar chainteoir Gaeilge faoi aon ábhar ó cheann ceann na cruinne. Tá an Ghaeilge láidir agus lag ach dírímis ar an neart atá ag an teanga. Glacaimis leis an bhfírinne nach bhfuil sí chomh fairsing sna ceanntair Ghaeltachta is a bhí ach go bhfuil sí ag neartú in áiteanna eile ar fud na tíre. Má dheineann an dream óg a gcuid cúirtéireachta tré Ghaeilge, má ólann siad a gcuid piontaí tré Ghaeilge agus má imríonn siad a gcuid spóirt tré Ghaeilge, mairfídh sí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.