AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Trí bliana eile do John Howard
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

D’éirigh leis an gcomhrialtas an bua a fháil in olltoghchán na hAstráile ar an 10 Samhain, ach beidh orthu dul i ngleic le go leor fadhbanna sna blianta atá amach romhainn, dar le Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Príomhaire na hAstráile, John Howard.
Íomhá
Simon Crean, ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre.

Tá an t-olltoghchán thart agus an bua ag John Howard is ag an gcomhrialtas coimeádach. Bhí tábhacht faoi leith le cúrsaí eachtrannacha sa gceann seo, rud nach féidir a rá go hiondúil. Chuir an rialtas béim ar an gcaoi ar chuir siad i gcoinne daoine a bhí ag lorg tearmainn san Astráil. Mheall sé sin ar ais cuid de lucht an chiníochais agus níl leisce ar bith ar an rialtas glacadh le tacaíocht den chineál sin.

Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh. Ach ba léir ón mbéim a chuir siad ar an gceist sin ina gcuid fógraíochta roimh an toghchán nár chreid siad féin é sin.

Maidir leis an Lucht Oibre, seo é an tríú toghchán as a chéile caillte acu, rud nár tharla le breis is scór bliain. Tá Kim Beazley, a bhí ina cheannaire, éirithe as. Tá an ceannaire nua Simon Crean ag rá go mb’fhéidir gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an tacaíocht a thug siad don rialtas faoin lucht iarrtha tearmainn. Is cosúil gurb é an tuiscint nua atá ag an Lucht Oibre ar “prionsabal” gur chóir breathnú arís ar aon cheist má chailleann tú vótaí dá bharr.

Tháinig laghdú 2% ar thacaíocht an Lucht Oibre. Is iad an Páirtí Glas is mó a bhain tairbhe as sin. Má tá tuar dóchais de shaghas ar bith le feiceáil ón toghchán is é an laghdú ó 8.5% go 4.4% a tháinig ar an tacaíocht don pháirtí ciníoch One Nation. Má leantar den laghdú sin is beag trácht a bheas orthu tar éis an chéad toghcháin eile. Ach ná ceap go bhfuil deireadh leis an gciníochas san Astráil - níl ann ach go bhfuil cuid mhaith den dream sin fillte ar pháirtithe an chomhrialtais.

Deacrachtaí

=======

Beidh deacrachtaí le sárú ag an rialtas nua. Ní léir fós cé chomh dona is a bheas an Astráil buailte leis an ngéarchéim eacnamaíochta domhanda ach má mhaireann sí mórán achair beidh tionchar aici sa tír seo freisin.

In ainneoin a bhfuil de thrácht ar an eacnamaíocht “nua”, braitheann an Astráil cuid mhaith fós ar onnmhairí traidisiúnta - ina measc gual, olann agus mianraí.

Ina theannta sin, tá teipthe ar chuid de na comhlachtaí ba mhó san Astráil ó thús na bliana - an comhlacht árachais HIH a raibh fiacha $4 billiún air, an comhlacht teileachumarsáide Onetel agus an ceann a bhain leagan as roinnt mhaith daoine, Ansett. Ba é Ansett an dara aerlíne ba mhó sa tír. Bhí 40% den mhargadh aerthaistil inmheánach aige. Cailleadh tuairim is 16,000 post nuair a theip air cé go gceaptar go mbeidh 4,000 acu sin slán nuair a thosóidh Ansett II i mí Eanair.

Tá an leibhéal dífhostaíochta ardaithe go 7.2% le gairid. Bhí an tráth ann i dtús na seachtóidí nuair a bhí an rialtas i mbaol aon uair a ndeachaigh an ráta sin os cionn 2%. Tá an lá sin imithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.