116
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse. Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús. Chas Seosamh Mac Muirí léi gar don ollscoil a bhfuil sí ag freastal ar chúrsa céime sna teangacha le cúpla bliain anuas, Maigh Nuat. Labhair sí ar bhronnadh na nduaiseanna IFTA, an saol cathrach, an Ghaeltacht, Raidió na Life agus ar mhórán eile thairis sin.
»»»Tá cuid fuinneog cáiliúil Harry Clarke i gcaife Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, a dúnadh ag deireadh mhí na Samhna, ina n-ábhar aighnis idir úinéirí an chaife agus úinéirí an fhoirgnimh, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Cloisfear trácht i mbliana ar Mary MacKillop na hAstráile. Tá cuid dá naomhsheanchas san alt seo ag Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Admhaíonn an t-ealaíontóir Steve Mc Queen nach bhfuil sé furasta é a chur ag caoineadh, ach tharla rud dó agus é i mbun radhairc ina scannán Hunger, a chur ag rith ón séit é.
»»»Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta. B’iomaí scríob a bhí idir é agus a cheann scríbe.
»»»Réitigh i gceart is ní bheidh mífhoighid ar ghasúir ná ar dhuine ar bith. Tá comhairle ar theicneolaíocht na saoire le roinnt ag Roseanne Smith.
»»»Tá Tony Birtill faoi imní mhór leis an dóigh a chaithfear airgead le Sliabh a Liag a ‘fhorbairt’ trí dhaoine a choinneáil ar shiúl ó áille agus ó fhiántas aiceanta na háite
»»»Tá clár nua ríomhaireachta díreach eisithe a chuireann go leor áiseanna ar fáil don té ar mian leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Bhain Diarmaid Mac Mathúna triail as le gairid.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Pól Deeds, An Droichead (ionad Gaeilge), Béal Feirste.
»»»Tá rómhar domhain déanta ag Diarmaid Mac Mathúna leis an Ghaeilge in ithir na teicneolaíochta ó thosaigh sé ag soláthar ar an iris seo. Is buíoch beannachtach sinn de, siocair fáil a bheith ar an saibhreas sin feasta sa chartlann abhus. Guímid gach rath air agus fearaimid fíorchaoin fáilte roimh a chomharba, Roseanne Smith.
»»»Tháinig amhras ar Tony Birtill faoi fhoilseachán amháin ar stair na nGael i gceantar Learphoill i ndiaidh dó féin spéis ar leith a chur i stair na Gaeilge sa chathair sin. Ba léir dó nach raibh leagan amach beirt ollamh ag teacht lena chéile duth ná dath. Le cuidiú ó fhear amháin den bheirt, thosaigh sé ag tochailt níos doimhne le teacht ar an fhírinne.
»»»Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Barcelona.
»»»Fuair foireann iománaíochta Chill Chainnigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite agus níor éirigh ach le dhá fhoireann an bua a fháil orthu i gcluiche comórtais i mbliana. An údar buartha é seo do lucht leanúna na hiomána?, a fhiafraíonn Colm Mac Séalaigh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: easpa cúraim ar na bóithre
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.