RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: easpa cúraim ar na bóithre

Bhí Ruairí ag tiomáint leis agus gan a dhath ar a iúl aige ach an cailín a bhí ina suí in aice leis. Thóg sé ó theach a muintire ar maidin í agus ann ach go raibh a dhá shúil amuigh ar a chloigeann nuair a chonaic sé í ag déanamh a bealach anuas cosán an tí. Bhí a raibh aici ar ais. B’ iomaí beilt a chonaic Ruairí a bhí níos leithne ná an sciorta a bhí uirthi inniu. Bhí an T-léine a bhí uirthi chomh teann sin go go raibh sé mar a bheadh an dara craiceann ann. Bhí cuma air gur ghearr duine inteacht leadhb mhaith den bhun aige nó bhí a bolg ar ais agus a himleacán le feicéail. Bhí fáinne beag a raibh cloch dhearg crochta as ag caochadh i bpoll an imleacáin agus nuair a shiúil sí thart leis, bhí tatú ar chaol a droma fosta. Bhí péire bróg uirthi a raibh bonnaí coirc orthu agus má bhí siad orlach ar doimhne, bhí siad sé horlaí.

“Sin mo ghirseach,” arsa Ruairí leis féin. “Cóirithe don ócáid.”

Ach níor dhúirt sé a dhath le Dearbhall nó ba seo an chéad uair a ligeadh dó í a thabhairt amach sa charr. Ní raibh sé ach i ndiaidh a cheadúnas tiomána a fháil agus go dtí seo níor mheas a thuismitheoirí go raibh cleachtadh go leor aige ar an bhealach go fóill.

“Suigh isteach,” arsa Ruairí le Dearbhall. Bhí Dearbhall tamall ag déanamh sin nó bhí sí ag iarraidh greim fáithime a choinneáil ar an sciorta agus suí isteach san iarraidh amháin. Nuair a bhí sí socraithe, shuigh Ruairí é féin isteach.

“Tá an carr gálanta,” arsa Dearbhall. “Tá boladh úr as ar fad.”

“Bhuel, níl sí i bhfad agam,” arsa Ruairí.

“Is maith liom an dath. Tá an bán feiceálach,” ar sise.

“Tá,” arsa Ruairí “ach damanta doiligh a choinneáil glan.”

“An úsáideann tú an carrfholcadán ag garáiste Uí Néill?”

“Corruair, má tá deifre orm, ach tá sé ródhaor lena úsáid i gcónaí,” arsa Ruairí. “Mé féin a chaitheas a déanamh, tá eagla orm.”

Stad siad den chaint tamall nó bhí Ruairí ag iarraidh a shoc a sháitheadh amach sa scuaine tráchta agus bhí a aird uilig air sin. Nuair a bhí sin déanta aige chuir sé ceist ar Dhearbhall ar mhaith léi ceol ar bith a chluinstean.

“Rud inteacht beoga,” ar sise, “a fhóirfeas don lá deas te seo.”

“Cad é fá Beyoncé?” arsa Ruairí.

“Sin go díreach an rud atá de dhíth,” arsa Dearbhall. “Sáith isteach é agus cuir suas an fhuaim.”

Bhí an fhuaim chomh hard sin go measfá gur ainmhí beo an carr a raibh croíbhuille dá chuid féin aige.

Rinne an bheirt ar an tuathbhí rún acu tamall a chaitheamh amuigh faoin aer lá breá mar seo. Bhí Ruairí ag smaointiú go mb’fhéidir go mbeadh lón acu i dteach tábhairne cois abhann agus ansin siúlóid bheag agus ansin: cé atá a fhios?

De réir mar a bhí Ruairí ag tiomáint is sin mar is dánaí a bhí sé ag éirí. Bhí a lámh ina shuí ar ghlúin Dhearbhaill anois agus bhí cuma air go raibh luas an chairr ag méadú de réir mar a bhí na mílte ag dul suas. Nuair a bhí siad amuigh faoin tuath i gceart agus nuair nach raibh duine nó deoraí thart, thóg Ruairí a lámh de ghlúin Dhearbhaill agus dúirt, “Ar mhaith leat feiceáil cad é a thig léi seo a dhéanamh? Tá cumhacht ar dóigh inti.”

Chroith Dearbhall a ceann ag aontú leis, cé nach raibh sí ar a suaimhneas. Chuir Ruairí síos agus aníos a bhróg cúpla uair ar an luasaire agus léim an carr chun tosaigh. Bhí Dearbhall i gceart ar tús ach de réir mar a bhí na cúlbhóithre ag éirí níos cúinge ba sin mar ba mhó a bhí eagla ag teacht uirthi.

Sa deireadh dúirt sí le Ruairí: “Nárbh fhearr duit moilliú rud beag ar na bóithre cúnga seo?”

Ach ní raibh maith a bheith le Ruairí – choinnigh sé a bhróg síos agus choinnigh sé ag dul gur chaill sé smacht ar an charr ag coirnéal iontach cúng, díreach roimh dhroichead.

Bheadh sé dhá uair eile sula bhfaigheadh aon duine an carr, a bhí bunoscionn sa díog, agus fán am sin bheadh sé rómhall.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.