AR NA SAOLTA SEO
Meathlú Mór na Fionlainne: Ceacht d’Éirinn
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Más slat tomhais dúinn abhus scéal geilleagair na Fionlainne, ní réiteach gasta atá i ndán dúinn in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.

Íomhá
Banc an AE a d'eisigh
Íomhá
Helsinki (Mahlum ar Vicipéid)
Íomhá
€uro
Íomhá
Léaráid 1

Bhuail géarchéim mhór geilleagair Críocha Lochlainn i dtús na nóchaidí. Ba san Fhionlainn a bhí an cúlú is tubaistí ann. Tháinig laghdú mór tobann ar OTI (GDP) na tíre sin agus cuireadh brú mór ar an stát leasa shóisialaigh agus ar an chóras pholaitíochta i gcoitinne.

Ní hionann go díreach cás na Fionlainne agus dála na hÉireann. Tá cúlra éagsúil geilleagair sa dá thír agus tá an dá chultúr pholaitiúla an-éagsúil ar fad lena chéile. Ach tá roinnt mhaith cosúlachtaí idir an dá thír freisin: is tír bheag í an Fhionlainn (tá daonra de 5 milliún ann) atá ag brath ar onnmhairiú chuig tíortha móra. Tá geilleagar na tíre an-oscailte, faoi mar atá geilleagar na hÉireann. Is beag an difríocht idir OTI (GDP) na Fionlainne anois agus OTI na tíre seo. Mar sin, is fiú go mór féachaint siar ar scéal na tíre sin agus ar an chaoi a ndeachaigh a muintir i ngleic leis an ghéarchéim acu féin.

Ní scrúdóimid cúiseanna na géarchéime san Fhionlainn, cheal spáis. Is leor a rá go raibh borradh geilleagair ann, gur dírialáladh (deregulated) an córas baincéireachta, agus gur imir titim an APSS(USSR) drochthionchar ar gheilleagar na Fionlainne. Díreoimid aird ar an ghéarchéim féin san alt seo agus ar na polasaithe áirithe a chuir an rialtas i bhfeidhm chun dul i ngleic léi.

Dúradh ag an am go raibh meathlú na Fionlainne ar an mheathlú is mó in aon tír shaibhir ó bhí an Spealadh Mór ann sna Stáit Aontaithe. Tháinig titim de 11% ar an OTI agus ag an phointe is measa bhí ráta dífhostaíochta de 18% ann. Bhí easnamh an rialtais ag 8%. De réir an ITES (ESRI), titfidh OTI na hÉireann 14% agus beidh ráta dífhostaíochta de 15% ann ag deireadh na bliana seo chugainn. Agus tá easnamh an rialtais ag 12% cheana féin. Tá cúlú na tíre seo, mar sin, chomh dona is a bhí meathlú na Fionlainne, ’sé sin, mura bhfuil sé níos measa fós.

Ní bheimidne in ann beartais na Fionlainne a ghlacadh gan athrú i ngeall ar na difríochta idir an dá thír, ach is féidir a bheith cinnte go mbeidh na díospóireachtaí agus na dúshláin chéanna againne is a bhí ag na Fionlannaigh. Agus ag féachaint ar scéal na Fionlainne ina iomláine, b’fhéidir go mbeimid in ann an méid atá romhainn ó thaobh athruithe agus coimhlintí sóisialta a mheas.

Titim an Chórais Leasa Shóisialaigh?

Nuair a bhuail an meathlú mór, shíl go leor Fionlannach go gcuirfí deireadh leis an chóras leasa shóisialaigh ar fad agus gurbh fholáir córas ní ba bhunúsaí a chur ina áit. Bhí stát leasa shóisialaigh mór cuimsitheach acu roimh an chúlú agus cheap daoine nach mbeadh acu ina dhiaidh ach córas ar nós na Ríochta Aontaithe, ’sé sin, córas atá ag bun an ranga i measc na dtíortha is saibhre.

Ach ní mar sin a tharla. Tháinig an córas leasa shóisialaigh slán, cé gur cuireadh athruithe móra i bhfeidhm. Ar an chéad dul síos, bhí ar rialtas na Fionlainne an caiteachas poiblí a laghdú. Cuireadh laghdú de 6% ar an chaiteachas phoiblí idir ’91 agus ’95. Agus sna blianta beaga ina dhiaidh sin féin, cuireadh laghdú beag de roinnt pointí faoin chéad air.

D’athleasaigh siad an tseirbhís phoiblí ar fad. Cuireadh deireadh le go leor áisíneachtaí stáit agus tugadh a gcuid cúraimí isteach faoi chúram na n-aireachtaí rialtais cuí. Laghdaigh siad go mór líon na ndaoine a bhí fostaithe ag an stát, tríd is tríd. Bhí 214,000 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí sa bhliain 1988. Ní raibh ach 124,000 ann faoin bhliain 2000. (Foinse: An Banc Domhanda). D’athraigh siad an tseirbhís phoiblí ó bhun go barr: an córas bainisteoireachta, an chaoi a ndéantar an buiséad, riarachán, earcaíocht agus an chaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht. Cuireadh an bhéim ar úsáid a bhaint as nósanna an mhargaidh (rud nach mbeadh mórán geana air in Éirinn sa lá atá inniu ann de bharr an chaoi ar theip an margadh airgeadais).

Seo an chaoi ar chuir an Banc Domhanda síos ar an athrú a cuireadh ar sheirbhís phoiblí na Fionlainne “Níl na difríochtaí idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach chomh mór is a bhí. Tá an polasaí pearsanra níos solúbtha, tá níos mó iomaíochta ag baint leis, tá sé dílárnaithe agus tá sé níos feidhmiúla. Tá na pinsin agus na beartais eagrú ama sa tseirbhís phoiblí an-chosúil leis na rudaí céanna san earnáil phríobháideach”

Tháinig na seirbhísí slán mar sin – tá an chuid is mo de na sochair chéanna ar fáil – ach cuireadh an-athrú ar an chaoi a gcuirtear ar fáil iad.

Athruithe sna Forais Rialtais

Cuireadh brú ar an chóras pholaitiúil san Fhionlainn freisin. D’athraigh siad a mbunreacht chun cur leis an chumhacht atá ag an pharlaimint i gcomórtas leis an chumhacht atá ag an rialtas féin. Ní hiontas ar bith é go bhfuil go leor cainte sa tír seo faoi láthair ar athruithe bunreachtúla. Mhol Enda Kenny an mhí seo caite gur cheart deireadh a chur leis an tSeanad agus táthar ag caint fosta ar athruithe ar an rialtas áitiúil.

I measc na mbeartas eile a chuir na Fionlannaigh i bhfeidhm, tá arduithe ar an mhuirear chánach, béim ar an onnmhairiú a chothú, ciorruithe ar chaiteachas, agus cealú ar arduithe sna híocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Amach ó shonruithe na mbeartas féin, is suimiúil féachaint ar an chúlú Fhionlannach ina iomláine. Tá an suaitheadh a bhuail geilleagar na hÉireann ar aon scála leis an cheann a bhuail an Fhionlainn. Tugann scéal na Fionlainne le fios nach bhfuil réiteach gasta ar ghéarchéim thubaisteach sa gheilleagar.

Léim an ráta dífhostaíochta ó thrí faoin chéad go hocht déag faoin chéad in achar an-ghairid, ach níor laghdaigh sé ach go mall thar thréimhse de dheich mbliana (Féach léaráid 1). Tabhair faoi deara gur aisphreab an fás geilleagair tar éis roinnt blianta, ach gur bheag an tionchar a bhí aige seo ar líon na ndífhostaithe. Ceacht simplí anseo: cailltear poist go tapa, ach is go fíormhall a thosaíonn an earcaíocht agus an fás tar éis an bhriste.

Is léir anois go bhfuil cuid mhór eacnamaithe ar aon intinn faoi thodhchaí gheilleagar na hÉireann. Síleann siad go nglacfaidh sé idir seacht agus deich mbliana chun a ráta dífhostaithe a bhrú síos go dtí an leibhéal fadtéarmach. Braithfidh an téarnamh ar na beartais a chuirfear i bhfeidhm sna blianta beaga atá romhainn. Léiríonn scéal na Fionlainne go mbíonn athruithe casta agus cuimsitheacha de dhíth chun réiteach a fháil ar bhriseadh den chineál a bhuail an tír seo le déanaí. A luaithe a chuirtear tús leis an obair mhór seo is é is fearr é. Ní hiontas ar bith gur dhúirt Colm McCarthy agus é ag machnamh ar na botúin a rinneadh sna hochtóidí “rinneamar an beart sa bhliain 1988 a ba chóir dúinn a dhéanamh sa bhliain 1984”.

Nascanna: http://ec.europa.eu/eures/main.jsp?lang=ga&catId=9188&myCatId=9188&parentId=20&acro=news&function=newsOnPortalhttp://ec.europa.eu/eures/main.jsp?lang=ga&catId=9498&myCatId=9498&parentId=20&acro=news&function=newsOnPortalAn tAire Martin ar Bloomberg níos luaithe i mbliana:http://www.youtube.com/watch?v=9CINaza20dU&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=QOZ60ZNLiQs&NR=1http://www.youtube.com/watch?v=KnyJfrkyeoo&feature=relatedhttp://irelandoffline.org/news/http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055708969An óige: http://www.youtube.com/watch?v=bsspyHDt4LE

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.